Sunday, March 04, 2007

Gradam na mBloganna 2007! Irish Blog Awards 2007! The Bloscars 2007!

D’éirigh le mo blogín seo san ócáid mhór agus chuala go raibh oíche bhreá ag dream na mbloganna san óstlann Alexandra i mBAC aréir. Go raibh míle maith agat a bhreithimh, nó a bhreithiúna (níl aon ainmneacha agam? Níl a fhios agam cé leo a bhí an cumhacht!) agus míle buíochas chuig Edgecast as urraíocht na míre seo, Best Use of Irish in a Blog. Ní féidir liom leanúint gan mo bhuíochas a ghabháil chomh maith chuig mo chara Cormac Mac Fhionnlaoich as a bheith páirteach sa chraic aréir agus an gradam a fháil ar mo shon .

Is iontach an rud é an teanga a fheiscint i lár an saol chomhaimseartha in Éirinn, agus is fíor a rá go bhfuil blogging ceann des na meáin cumarsáidí nua i mbarr réime faoi láthair. ...Tuigim go mór nach aontaíonn mórán liom, nach dtuigeann siad go bhfuil an teanga i lár an saol chomhaimseartha seo, ach tá, fiú má bhíonn ról beag go leor aici. Nuair a bhíonn bearna bheag ann an teanga a ligint isteach i slite mar an ceann seo, Gradam na mBlogganna, agus má bhíonn lucht tacaíochta toilteannach, agus ag iarraidh an teanga a úsáid chomh minic agus is féidir ina gnáth saolta in éineacht le Béarla nuair a bhíonn gá …….gan deighilt mhór a chothú idir lucht na Gaeilge agus lucht an Bhéarla (ach an mhalairt a chothú…)……ansin bíonn sé soiléir go bhfuil spás don teanga i lár an saol chomhaimseartha agus go bhfuil an lucht tacaíochta ag fás.

Is leor sin anois, bím ag iarraidh caint “faoin” teanga a sheachaint anseo, nach mbíonn an iomarca daoine ag caint fúithi in ionad inti i gcónaí?….….. níl ganntanas ar bith d’iad siúd againn!
Go raibh maith agaibh arís.

Ar aghaidh linn le cheile!

10 comments:

Anonymous said...

Congratulations on your award.

Where do you teach the Irish language in New York? I am interested.

houndsrye@gmail.com

Anonymous said...

Mo sheacht mh'anam thú, a Hilary.

Gaelport said...

Comhghairdeas Hilary! An gradam níos mó ná tuilte agat. Ádh mór!

Anonymous said...

Hilary:

Comhghairdeas leat! Tá blog den chéad scoth agat, go deimhin.

Paul

Dublin Miscellany said...

Comhghairdeas leat!
Bheidh mé á léamh amach anseo!

Colm said...

Comhghairdeas leat a Hilary! Nár laga dia do lámh ná caighdeán do choda Ghaeilge! :-)

Beidh mé ar ais anseo arís!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Go raibh mile maith agaibh go leir!

Anonymous said...

Comhghairdeas Hilary!
Bheidh mé á léamh go minic!

Anonymous said...

Maith thú, a Hilary. Molann an obair an bhean.

mark bodah said...

maith thú, a Hilary. tá an gradam seo tuillte go mór agat! Tabhairfidh obair dian torthaí iontach.