Fiorsceál!
Mharaigh mé iora glas ar an mbóthar ar maidin!
Léim sé amach os mo chomhair, an fear beag bocht, cuma deas sona air, sílim gur chuala sé torann éigin mar chas sé a cheann ach an treo mícheart, torann mo charr is dócha agus mé ag iarraidh stopadh, ach ochón, ró dhéanach. Bhraitheas an tuairt bheag, ana bheag, agus chonaic mé a eireaball, fós in airde thar a chorp brúite i mo scátháin.
Bíonn alán ainmhí allta sa cheantar seo, anois is arís buaileann ár saolta le cheile agus is annamh a bhíonn an lá ag an ainmhí. Cheapfá ón eachtra beag brónach seo go mbeinn réidh don chéad eachtra eile….ansin tráthnóna inniu bhíos ag teacht abhaile tar éis Eoghan a fhágáil ar ais ar scoil. Bhíos i mo charr ar bhóthar ciúin idir coillte agus loch gan smaoineamh ar aon rud ach an radharc deas………go hobann phreab fia an mhór, (mar chapall rása,) aniar aduaidh orm as an gcoill, rinne mé iarracht stopadh ach tharla gach rud chomh tapaigh; bhuail sé ar dtús ar sciathán an chairr, rith sé in aice liom, abhóg nó dhó, ansin, creid nó ná creid léim sé thar mo charr bheag. Chonaic mé a bholg, agus a leath deiridh agus cheapas go mbeadh ceann dá chosa deirí isteach an fhuinneog orm. Chuala, sílim a chos ag bualadh barrbhog an chairr. Ansin chonaic mé, i mo scáthán, a thuirlingt ar an taobh eile agus isteach sa chlaí leis.
Bhíos ag crith…. agus eagla orm féachaint ar an gcarr tamall, ach tá sé ceart go leor.
3 comments:
I leaba na naomh go raibh an t-iora glas agus nach ag an fia a bhí an t-ádh a thug a chosa leis?
N'fheadar cad a cheapann ainmhithe fiáine de charanna. Seans go gceapann siad gur ainmhithe iad chomh maith. Ainmhithe a mharaíonn ainmhithe.
Ní fheadar cad a cheapann siad faoi daoine go ginearálta. Cuid acu sa cheantar seo ag tabhairt bia dóibh sa gheimhreadh agus cuid eile i bhfolach in airde sna crainn ag feitheamh orthu le crossbows……
Post a Comment