Saturday, March 10, 2007

Creideamh agus Cultúr

Bíonn creideamh agus cultúr measctha suas chomh minic sin nach féidir iad a aithint in a aonar uaireanta, dar liom. Cur i gcas na h Éireannaigh agus Caitliceachais le fada anuas nó na Afghanis agus an traidisiún Moslamach. Bíonn saolta difriúla ag na Moslamaigh san iarthar ó tionchar agus na cearta daonna a bhíonn nádúrtha anseo. Éiríonn an iomarca trioblóid idir iad siúd a bhíonn faoi tionchair éagsúla ach ag iarraidh ag an am céanna a mhaireann faoin scáth reiligiún céanna. Ní mhíníonn na grúpaí difriúla an Koran nó an Bíobla sna slite céanna de bharr na difríochtaí inmheánacha atá iontu féin óna saolta. Ansin bíonn siad ag iarraidh an ciall a bhaineann siadsan féin a chur in iúl do chách, mar ar ndóigh ceapann siad go bhfuil a gceann an rogha is fearr dóibh uile………ach níl aon ceann ceart amach is amach mar níl iontu ach interpretations. (focal ceart éinne? Mínithe phearsanta?)

Agus ní fheadar an bhfiú é seo ar chor ar bith? ...A bheith tógtha go mór le bealach amháin, agus ansin na hargóintí agus na trioblóidí uile. Cén fáth nach bhfuil daoine in ann teacht ar a rialacha féin óna saolta agus a gcuid staidéar féin. Níl an bhóthar seo chomh fada sin gur bhfiú am a chaitheamh amú ag argóint faoi rialacha an tsaoil? Ceart dom ceart duit! (Chomh fada agus nach bhfuil tusa ag iarraidh mé a mharú is dócha.....)

Is trua an rud é go bhfuil ceangal idir creideamh le faitíos chomh minic sin chomh maith. Má bhaineann an creideamh le smacht a choimeád ar a lucht leanúna níl éalú ón bhfaitíos. Ach nach deacair é smacht i gcásanna mar seo a mhíniú i gceart? Easpa saoirse is ea an freagra simplí ach nach mbíonn mórán daoine tógtha lena reiligiúin éagsúla, ….agus lán sásta leanúint le na rialacha agus na treoracha gan ceist, nó an bhfuil eagla orthu rud ar bith a dhéanamh de dheasca an smacht céanna?

An bhfuil an saol níos simplí dóibh siúd? An bhfuil siad ró leisciúil teacht aníos lena smaointe féin nó an bhfuil ganntanas intleacht ann? Ní bhíonn orthu a gcoinsiasa féin a chur faoi scrúdú! Ach an mbeadh coinsias ar bith acu gan treoracha ina saolta nuair a bhíodar óg foirm éigin a thógáil ar a gcoinsias? Ceisteanna gan freagraí.

Léigh me an leabhar The Bookseller of Kabul le Asne Sierstad an tseachtain seo chaite. Fíor scéal (ach le cuma úrscéal) faoi clann Moslamach ar an meán aicme in Afghanistan agus an saol a bhí acu ag an am san, Samhain 2001. Bhí cúrsaí polaitiúla saghas feola ar chnámha an scéil; sé sin an gnáth saol a bhíonn ag teaghlach sa tír sin, go mór mhór saol na mban. Bhí an-díomá orm leis. Bhí na carachtair uile, idir fir agus mná, an lag chomh maith, bhíodar suarach, santach, aineolach, foréigneach agus i ndáiríre go dona amach is amach in ngach slí. Bhí na mná uile ina sclábhaithe agus do bhí na fir, fiú iad le oideachas, maslacha! Ní raibh ach duine amháin sa leabhar seo beagáinín cneasta, ar a laghad lena pháistí féin, agus ba ghadaí a bhí ann. Bhí sé ag gadaíocht chun teacht ar bia dá chlann a bhí ag fáil bháis le h-ocras……….. D’éirigh leis an leabhar seo go han mhaith ar an margadh anseo san iarthar, ní nach ionadh….ag an am san bhí cogadh tar éis tosnú idir na SAM agus Afghanistan. Bhíos ag smaoineamh an saghas bolscaireachta atá sa leabhar seo nó an é seo pictiúr dáiríre den pobal in Afghanistan…..

Ansin, chuala mé agallamh le Irshad Manji ar chlár raidió dé Luain. (éist ar an mír más maith leat faoi Faith without Fear) Is bean Moslamach, intleachtach í ó Ceanada. Bhí sí ag míniú dúinn na trioblóid a bhaineann le lucht leanúna Mohammad, ar fud an domhain inniu. Ach, bíonn a saol féin i mbaol anois de dheasca a cuid oibre, fiú féin, tá an bhean chróga seo ar bhóthar díreach, cineál mhisin, agus tá sí toilteanach a bheith i mbaol chun a teachtaireacht a scaipeadh. Níl sí sásta a bheith ina h-iománaí ar an gclaí, mar a bhíonn na Moderates, dar léi, ....atheagrú, nó athchóiriú atá uaithi. An catalyst ina saol compordach féin ná scéal faoi déagóir (17) san Afraic a tugadh breithiúnas céid buille uirthi mar gheall ar gnéas roimh pósadh, ach bhí a fhios ag an mbreitheamh gur banéigin a bhí i gceist agus bhí fianaisí le fáil. Droch scéal. Taistealaíonn Irshad Manji timpeall an domhain ag tabhairt léachtaí agus tá scannán aici chomh maith. Faith Without Fear. Ach mar a luaigh mé thuas, tá radharc difriúil aici mar bhean Moslamach ó tionchar an Iarthair agus chomh fada agus atá sí ag caint in ollscoileanna agus araile anseo bíonn an lucht éisteachta in a lámh aici.

Tuigim arís agus an píosa seo scríofa agam cén fáth a sheachnaím ábhair mar seo de gnáth. Cuireann siad isle brí orm agus téim timpeall i gciorcail. Níl aon freagra ar argóintí bunaithe ar difríochtaí idir cultúir, traidisiúin, reiligiún agus iad measctha le cheile. Is trua nach bhfuil cineál cearta saoránaigh an domhain againn, ach sílim nach mbeidh riamh, i mo shaol ach go h-áirithe. Sin a fheictear i scéalta science fiction.


2 comments:

Anonymous said...

Is maith liom an giota seo uait, a hilary.
Ní nach ionadh go bhfuil cultúr is creideamh fuite fuaite le chéile, mar bhí siad ann roimh naisiúin na linne seo.
Dar ndóigh, ní bhíonn "cathair mar a tuairisc" í, an Afgánastán leis. Rinne lucht Taliban scrios ar an ndealbh ba mhó de Bhúda a bhí ar an saol agus iad i réim. Sea, bhí Búda ag an Afgánastánach roimh Machmad.
Ach más saol an Mhaslamaigh Mná is spéis duit faoi láthair, bain triail as leabhar Ayaan Hirsi Ali a bhfuil leagan Béarla le fáil anois: "Infidel: My Life". Seo bean a thug dúshlán an cheartchreidimh mhoslamaigh agus is ar éigin a thugann sí a beatha lei.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Déanfaidh mé iarracht teacht ar an leabhar sin. grma.H