Tuesday, May 15, 2007

Ar ais ó deireadh seachtaine in Esopus, seo thuas dream againn a bhí ag léamh gearrscéalta ó pheann Tomas Bairéad le cheile. Bhí na scéalta go breá, ón leabhar “An Geall A Briseadh” dá chuid. Thug Seán Molloy (ar chlé) cóipeanna dúinn ón leabhar a bhí aige ar scoil i gConamara.

Cheapaim go bhfuil ceird scríbhneoir an ghearrscéil le feiscint go soiléir sna scéalta seo. Plean agam anois teacht ar leabhar eile ó Tomas Bairéad “Cumhacht na Cinniúna ” Tá cóip sa leabharlann ag feitheamh orm. Gheobhaidh mé inniu é. ( Bhí Soisear Mac Coinnaith linn chomh maith ach eisean an griangrafadóir! )


Tán galar Lyme ar Cara bocht. Thug mé go dtí an tréidlia inné, scrúdú na bliana. Fuair sé gnáth scrúdú fola, agus bíonn uirthi insteallthaí a fháil gach bliain, na vacsaín, i gcoinne confadh (rabies,) conslaod (distemper) agus araile. Bhíos cúig seachtaine déanach an choinne seo a shocrú agus taobh istigh an fhuinneog chaol sin fuair sí an galar ó sceartán fhia. Bhí an galar seo ar Páraic faoi dhó, ar Eimhin faoi dhó, ar Eoghan uair amháin agus ar Cian uair amháin. Ní raibh sé riamh orm, B le D.………. Beidh Cara ag ghlacadh antiobiotics anois ar feadh míosa. Ní raibh airíonna an ghalar uirthi ar chor ar bith. Anois tá orm piollaí a thabhairt dí idir maidin is d’oíche i bhfolach ina cuid bia. Bíonn a fhios aici áfach mar is cailín ana glic í agus í ag iarraidh iad a sheachaint i gcónaí….
Beidh mé ag imeacht amárach ar turas gearr go
Portland, Oregon agus í a fhágáil faoi cúram an líon tí anseo. Ní maith liom páiste nó peata a fhágáil tinn agus mé ar turas.

2 comments:

Séamas Poncán said...

ARb fhéidir leat na piollaí a bhriseadh ina bpúdair? Bhí madra agam fadó, agus bhí sí in ann gach rud a scuabadh as a babhla agus an pioll a fhágáil glan glioscarnach ina diaidh.
Nach oiriúnach go bhfuil Mícheál i lár an ghrianghraif sin agat, agus a ghuth le cloisteáil ar mo phodchraoladh an tseachtain seo!

Anonymous said...

www.gomaith.com