Tuesday, September 25, 2007

Reilig agus Scéal Suimiuil

Chaitheas seal i sean reilig maidin inné. First Calvary an t-ainm atá air agus ba é an príomh reilig Caitliceach i gcathair nua Eabhrac ó lár an ochtú céad déag. Timpeall 600,000 curtha ann agus deirtear go raibh bunadh Gael ag nócha fán gcead acu, agus níl an reilig chomh mór sin! Suimiúil na cuimhneacháin uile a fheiscint agus iad gcuimhne daoine ó cheann ceann na tíre mar ba mhinic a fheicfeá ainm a gcontae dúchasacha in Éirinn ann, níor dheineadar dearúd riamh ar a bhfréamhacha ar ais sa seana tír. Bhíodh cuid acu mór le rá i gcúrsaí polaitiúla nó i bhforbairt na cathrach sa naoú aois déag agus tús na céide seo chaite. Daoine mar Tomás Hassett, eisean duine den dream a scaoileadh ón bpríosúin san Astráil i 1876. Tá an scéal in aiste le Barra Ó Donnabháin, nach maireann, anseo. Sílim go ndéanfadh an scéal seo scannáin iontach suimiúil.

5 comments:

Anonymous said...

tagaim leat ó thaobh an scannáin de.
Cé a dhéanfadh ár laoch ?

Anonymous said...

Tá sé ina scannán cheana féin! Chraobhscaoileadh scéal an Catalpa ar PBS (Córas Teilefíse Poiblí) i Kansas City, mí nó dhó ó shin, measaim. Scéal an-mhaith ar fad é! Is doigh liom gur ó stáisiúin WGBH Boston a tháinig an scannán, más buan mo chuimhne. Bígí á chuardach!!!

Proinsias

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Go deas, tá orm teacht air. Clár faisnéise is dócha?
H

Anonymous said...

Go díreach!

Proinsias

Anonymous said...

GMLS! Le Thirteen/WNET New York an scannán seo.

Féach: http://www.pbs.org/wnet/secrets/case_irish/index.html

Tá réamhthaispeáinteas beag le fáil ar an suíomh freisin.

Beir bua!

Proinsias