Monday, January 28, 2008

Anois Teacht an Earraigh!!

Dáiríre, breathnaím síneadh sa lá inniu, tá sé píosa beag tar éis a chúig a chlog agus mé ag iarraidh críche a chur ar gach rud san oifig. Tá an ghrian ag dul ina luí, í ag imeacht taobh thiar cnoc os chomhair fuinneoige m’oifige… ach fós féin tá sé geal lasmuigh, an spéir geal ghorm, níl an clapsholas anseo fós, amhdhorchacht a tugtar air na nóiméid seo is dócha.
Is aoibhinn liom an nóiméad seo, nuair a bhreathnaím fíor tús na bliana úr, na laethanta níos faide, am machnamh ar an Earrach.

2 comments:

Anonymous said...

A Chara:

An raibh an chéad spideog feicthe agat fós?

-Seán

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Erra, nílim i ngrá leis an spideog Meiriceánach, an fear bocht. Níl sé chomh tarraingteach agus atá a cholceathar beag, bródúil, bídeach in Éirinn ar chor ar bith. Níl an teanga céanna aige ach oiread! Bhraithim uaim an fíor fear! agus níl eisean le feiscint anso riamh.