Tuesday, January 15, 2008

Mar a Dúirt an Chrotach

Bhuaileas le Frank Corcoran roimh na Nollaig. Bhí sé anseo i Nua Eabhrac ag tabhairt léachta agus cuireadh in aithne mé leis ansin. Is ceoltóir é, tá cáil nach beag idirnáisiúnta air, cumadóir san aicme clasaiceach ar a tugtar Art Music sa Bhéarla. Tá bua na dteangacha aige chomh maith, níl a fhios agam cé mhead teanga atá aige. Is as Borrisokane, Co. Tiobraid Árann é ach bhog sé go dtí an Ghearmáin blianta ó shin agus anois tá lucht éisteachta aige ar fud an domhan. Bhí Jimmy Crowley, an cantaire bailéid ó Chorcaigh sa lucht éisteachta an oíche céanna. Bíonn Jimmy ina chónaí idir Corca Dhuibhne agus Florida faoi láthair. Caitheann seisean na geimhrí i bhFlorida agus oibríonn sé ansin chomh maith. Tharla go raibh cúpla gloine fíona ag an triúr againn le cheile tar éis na léachta sín. Bhí sé suimiúil labhairt le cheile faoin teanga, faoin gceol, (an cheist sin a thagann aníos go rialta faoin ról an cheoil clasaicigh i bhféiniúlacht na hÉireannach? An bhfuil spás ann de? An ceol Éireannach é ceol U2? Agus cad faoi na seana bailéid a chanann Jimmy?) Ansin bhíomar ag plé an teagmháil lenár gcultúir pearsanta - an teagmháil inmheánach pearsanta difriúil sin a bhíonn i mbeagnach gach ionnarbthach… fiú nuair nach bhfuil gearán ar bith acu lena saolta thar lear. An t-athrú a tharlaíonn nuair nach bhfuil an príomh fhréamh ann againn níos mó, sé sin talamh na clainne nó an seana tigh nó ár dtuismitheoirí. Leanamar ansin ag caint faoi John Moriarty, a d’imigh ar shlí na fírinne anuraidh, a shaol caite aige ag cur ceisteanna agus ag iarraidh teacht ar freagraí. Bhí Frank ag léamh leabhair dá chuid ag an am san agus bhíos féin díreach tar éis éisteacht le roinnt agallamh le J.M. ar an idirlíon (ar Wiki) agus píosaí dá chuid scríbhneoireachta a léamh chomh maith (Tá a leabhar Slí na Fírinne mar shampla go hiomlán ar an suíomh anseo).

Ar theacht abhaile dom ó turas ó thuaidh tar éis na hathbhliana cad a fuaireas, agus é suite ar tairseach doras an tí ag feitheamh orm, ach bronntanas Nollaig, ach saghas comhtharlaithe a bhí ann chomh maith, leabhar dom ó chara in Éirinn, What the Curlew Said, Nostros continued… le John Moriarty. An tarna leabhar sa sraith a bheathaisnéise. Táim á léamh anois agus soiléir go bhfuil orm anois an chéad ceann a léamh chomh maith uair éigin. Rud eile ná luann sé an méid sin leabhair agus ábhair idir clúdach an leabhair seo go mbeidh orm tús a chur le m’oideachas arís mar ní thuigim cuid de… (b’fhéidir nach dtuigeann mórán gach patrún atá le feiscint ann mar is minic a bhíonn na focail mar patrún ildaite, íomhánna). Ní mór dom i mbliana teacht ar tuilleadh ama dul ar an turas suimiúil seo nó bhféidir nach turas ach casadh ar an mbóthar seo atá i gceist?

Nílim ag obair inniu de dheasca an slaghdán.

2 comments:

Anonymous said...

Ó, a Hiolairí, is é an trí thrua naoi n-uaire anch raibh mé ag cúléisteacht libh!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ní bheifeá ag cúléisteacht an oíche sin, bheifeá páirteach gan dabht a Fhearn.