Friday, January 04, 2008

Tattoos

Táim ag éirí bréin den bhriogáid tattoo. Seo a tharlaíonn go rialta: Faighim ephost nó glaoch fóin ó dhuine éigin ag iarraidh aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge ar son Tattoo. Nil mórán suime acu siúd sa teanga dar liom, níl plean acu í a fhoghlaim nó aon rud a dhéanamh ar a son ach b’fhéidir an focal “Sláinte” a rá sa phub, nó “póg mo thóin” nó leagan cainte ciallmhair mar sin a rá. Ar aon cuma is maith leo tattoos sa teanga. Is cuma leo an teanga, sílim, ach ar leibhéal éigin ba mhaith leo úsáid a bhaint aisti a bhféiniúlacht a chur in iúl.
An é ábhar cainte sa phub nó sa leaba atá i gceist?
An bhfuil seans ann go spreagfadh na tattoos seo fíor suim sa teanga sa té a fheiceann iad?!
Bím cabhrach le daoine teacht ar an teanga in aon slí agus bím dóchasach i gcónaí go bhfuil siad dáiríre ach inné fuaireas glaoch ó bhean, Irish Chick an t-ainm atá uirthi, (níor thug sí a fíor ainm dom) bhí sí mífhoighneach go leor agus í ag iarraidh an Ghaeilge ar Never Forget agus Trust No One ar son tattoos. Bím amhrasach faoi daoine mar seo ach dúirt mé lei go gcuirfeadh mé ephost chuici ar ball. (Bíonn scríbhneoireacht níos fearr ar eagla na h eagla, deacair síneadh fada a mhíniú do dhuine ar an bhfón nuair nach bhfuil focal sa teanga acu).
Nílim i gcoinne na tattoos per se, ach nár gceapfá go mbeadh mothúcháin níos doimhne ag an té agus fonn tattoo a bheith air nó uirthi?
OK, tá a fhios agam go bhfuil gach seans ann go bhfuil sise i bhfad níos óige ná mise ach, go bhfóire Dia ar a ciall, is smál buan é!
An féidir leat é a chur chugam díreach anois nó chomh luath agus is féidir” a dúirt sí, (gan “le do thoil” fiú !!!! ochón) “mar ba mhaith liom na tattoos a fháil ag an deireadh seachtaine”.

Táim ag smaoineamh anois ar cúpla rud oiriúnach a chur chuig an giodróg!

OK, táim críochnaithe ar mo bhosca gallúnaí




9 comments:

Fearn said...

tagaim go huile is go hiomlán leat

aonghus said...

Tá an muinín agus an soineantacht ag na daoine seo.

Seo sampla de chailín óg bhocht a rinne óinseach poiblí dí fhéin:

Séamas Poncán said...

Tá nós ann comhartha Síneacha a fháil i gcónaí. Níl a fhios ag duine beo díobh cad is brí leo, seachas pé rud a deir an té a dhéanann an tatú. Is amhlaidh leis an nGaeilge dóibh, is dócha.

Séamas Poncán said...

comhrthaí

Hilary Mhic Shuibhne said...

An cailín bocht sin, tá an tattoo sinn go dona.

Tuige nach bhfuil siad sásta le íomhá nó pictiúir má bhíonn orthu a gcraiceann a mhaisiú? Go mór mhór nuair nach dtuigeann siad an teanga? Ach ní dóigh liom a Shéamais go bhfuil mórán ealaíontóirí tattoo le Gaeilge! Bá chóir dóibh teacht chuig rang…(b’fhéidir go gcuirfidh mé bileoga chucu, cá bhfios?)

Anonymous said...

Aontaím leat, a Hilary. Tá mise bréin de chomh maith.
Bhuail mé le fear tamaillín ó shin, agus dúirt sé liom... “Féach air seo.”
Bhí tattoo ar a rí: ‘ma chuisle.’ “It’s Gaelic for ‘my blood [sic/(sick?)],’ ” arsa mo dhuine.

[Osna...]

Tá moladh do dhaoine mar sin... foghlaim an teanga [Sínis, Gaeilge, is cuma], agus ina dhiaidh sin, faigh do tattoo.

Go cantalach,
Paul

robbi said...

Ha haa! Nach maith an ciall atá agat! Chím seo achan áit i mBéal Feirste: 'cairde' de mo chuid ag rith thart i lár na cathrach le 'Páiste Gréine' ar bharr a dhroim agus gan smaoineadh da laghad ina gcloieann faoin chiall atá leis! Seo hí an blag is fearr sa domhan!!

Anonymous said...

Agus an rud is measa fós ná, is dócha, ní thuigeann na cinn chipíní a mbíonn ag fáil na tatúnna gránna seo go bhfuil siad ag cur iad féin i mbaol bháis ón truailliú fola a thárlaíonn de dheasca an dúch salach a bheith ag cúrsáil trína gcollaineacha. Ní féidir leo fuil a thabhairt do ghaol nó chara dá mbeadh gá leis. Cinnte, bíonn rud eigin in easnamh ag na hamadáin siúd. Agus ná habair liom faoi na gligíní a chuireann barraí miotal trína dteangacha, a mbeola agus tríd rudaí eile, nár chóir a lua. Níl aon diofraíocht idir iadsan agus na daoine tinne a bhíonn i mbun iad féin a ghearradh chun faoiseamh d'fháil óna mbreoiteacht. Má tá sé ar intinn agat a leithéid a dhéanamh, a léitheoir... NÁ DÉAN É! Tabhair cuairt ar síciatraí ar dtúis.

Proinsias

Hilary Mhic Shuibhne said...

A Phroinsias,
Chuir do nóta rud i gcuimhne dom, dheineas dearmad, fad is a bhíos ag scríobh an phíosa thuas, ar scéal brónach a chuala mé anuraidh. Fuair deartháir chara liom bás de dheasca Hepatitis C a fuair sé fiche bliain ó shin agus é san arm, de réir dealraimh fuair sé an galar trí snáthaid shalach nuair a bhí dream acu ag fáil na pictiúir seo ar a gcraiceann. Ní raibh a fhios aige le tamall fada, blianta, go raibh an galar aige. Bhí sé pósta ag an am san agus saol eile aige.
Hilary