Saturday, March 01, 2008

Judging Dev

Bhíos ag léacht le Diarmuid Feiritéar, staraí, oíche Déardaoin i Manhattan. Bhí sé ag caint faoi a leabhar nua Judging Dev atá díreach tar éis teacht ar an margadh. Ní staraí mise ach tá suim agam i gcúrsaí staire. Ní dóigh liom gur féidir an lá atá inniu ann a thuiscint i gceart ar chor ar bith gan mórán eolais a bheith agat ar an am atá imithe thart uainn. Bhí an leacht go breá, beoga agus suimiúil agus luaigh údar Judging Dev nach raibh a anam féin le aon dream polaitiúil áirithe in Éirinn….ach bhí sé soiléir áfach go raibh meas nach beag aige ar an bhfear fada, rud a bheadh tábhachtach déarfainn, chun an scéil seo a scríobh i gceart. Ní i gcónaí a bhaineann meas agus a bheith ar aon tuairim le duine, rud atá an-tábhachtach a aithint. Is trua nuair a fheictear bearna chomh mór idir idé-eolaíochtaí nach maireann aon meas idir na hidé-eolaí! (Caithfidh mé a rá go bhfuil ana mheas agam ar John McCain sa tír seo ach ag an am céanna ní dóigh liom gur eisean an duine ceart don post mór…...) ….Ar an drochuair ní raibh seans agam teacht ar choip don leabhar ag an léacht mar theip an foilsitheoir iad a chur ansin in am. Bhí díomá ar an lucht éisteachta ach tá sé le fáil ar Amazon.

Iar Fhocal.
Tharla go raibh seans agam labhairt le Diarmuid agus a bhean cheile Sheila tar éis na léachta agus ní fada go raibh teagmháil eadrainn. Bhí aithne aige ar mo mháthair cheile! Iar múinteoir scoile (ón nGaeltacht) atá inti a bhíodh ag obair le athair Dhiamuid (gaeilgeoir agus priomhoide scoile) i mBAC. Bhí aithne ag Diarmuid uirthi chomh maith agus é in a bhuachaill beag sa scoil sin... Is beag í an domhan í gan dabht.

2 comments:

Dave Mc said...

Muna bhfuil fhios ag daoine, is féidir leo éisteach le Judging Dev freisin. Tá an sraith go léir le fáil mar podchraoladh ón nasc seo.

Anonymous said...

Grma Dave. Cuirfidh mé an nasc sin ar post nua. H