Thursday, May 29, 2008

Cara eile ag imeacht.

D’imigh ár gcara Seán Tierney ar shlí na fírinne aréir agus fágann sé croíthe troma ina dhiaidh mar ba chara breá é dúinn uile, go háirithe mise ón gcéad lá a bhuaileas leis.
Tá na sonraí uile ar www.daltai.com forums.

4 comments:

Séamas Poncán said...

Ar dheis Dé go raibh sé. Más maith le héinne a ghuth a chloisteáil arís, tá comhrá gearr agam leis ar an bpodchraoladh seo:
http://philo-celtic.blogspot.com/2007/05/ag-caint-le-mrn-daoine-l-na-gaeilge-nr.html

Éamonn Ó Dónaill said...

B'fhear uasal é Seán a spreag go leor daoine. Tá agallamh a rinne mé féin leis don iris Beo! le feiceáil anseo: http://beo.ie/index.php?page=archive_content&archive_id=1531

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tá an t-agallamh sin ar Beo an deas. Ní raibh mé in ann an nasc ó Shéamus a oscailt.

Tá sliocht le Séan ar an DVD a théann leis an leabhar “Speaking Irish” le McGrath Hill agus é i mbarr a shláinte ag caint faoi a chéad lá i gcathair Nua Eabhrac. Bhain mé an taitneamh as féachaint air cúpla lá ó shin le roinnt cairde. Fear mór craic a bhí ann agus braithfimid uainn é. Bhí dream mhaith dá chairde ó lucht na Gaeilge NY., NJ., CT., agus MA. i láthair ag a shochraid inné.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...
This comment has been removed by the author.