Monday, May 05, 2008

Global Gaeilge


Beidh deireadh seachtaine na Gaeilge ar siúil in Esopus NY an tseachtain seo. Déarfainn go mbeadh timpeall 100 daoine ann, tá sé deacair coimeád suas le gach rud!!! Braithim go bhfuilim díreach teacht ar ais chugam féin tar éis na tréimhse i gCeanada seachtain ó shin.

Ansin an tseachtain seo chugainn beidh Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh ( nó Global Gaeilge, ainm i bhfad níos fusa) ar siúl in NYC 16 -18 Mí na Bealtaine. Ba í seo an chomhdháil is mó i NYC go dtí seo, maidir leis an teanga (Sílim ar aon nós).

Tá sé ráite go mbeidh 22 cainteoir ag teacht ó Éireann faoi choimirce Glór na nGael. Bhí cur síos i mBEO le déanaí.

Beidh na boic mhóra uile ag teacht!!! Gan trácht ar roinnt ban ríthábhachtacha!!!

(Tá súil agam nach mbeidh siad uile ar an eitilt céanna mar beimid i bponc má tharlaíonn aon tubaiste, bá chóir dóibh a bheith ar eitiltí difriúla ar eagla na heagla, cosúil le rí theaghlach na Breataine :) )

Déarfainn go mbeidh an-scléip againn uile le cheile…ag obair ar ndóigh. Tá cairde liom ag teacht go Cathair Nua Eabhrac ó
New Jersey, Pennsylvania, Connecticut, Massachusetts, Ceanada agus áiteanna eile déarfainn.

1 comment:

Unknown said...

Hilary, a chara,

Gach seans go bhfuil tú ar an eolas cheana féin, ach bheinn thar a bheith buíoch dá bhféadfá an scéal a scaipeadh mar gheall ar chomórtas blagáil an Oireachtais – tá súil agam go bhfuil tú féin ag smaoineamh ar cur isteach air! Tá gach eolas le fáil ar www.antoireachtas.ie

Duais: €1000 Maoinithe ag Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Táille Iomaíochta: €15

Ba cheart don scríbhneoireacht sa bhlag a bheith dúshlánach, spreagúil, corraitheach agus taitneamhach, agus insint agus stíl bhríomhar sholéite i nGaeilge nádúrtha a bheith i gceist. Maidir le hábhar, bheadh aon cheann de na seánraí seo a leanas inghlactha: prós; filíocht; dialann; gné-alt; tuairisceoireacht nuachta; tráchtaireacht spóirt, pholaitiúil nó eacnamaíochta; léirmheastóireacht cheoil, drámaíochta, scannánaíochta; alt taighde nó eile (níl aon srian maidir le hábhar).
Déantar postáil ar an mblag ó 1 Márta 2008 go 30 Meitheamh 2008 a mheas.
Déanfar an blag a mheas maidir leis na critéir seo a leanas: caighdeán na scríbhneoireachta tríd síos; chomh húdarásach is atá an scríbhneoir agus é ag scríobh faoi pé ábhar atá roghnaithe aige; an méid a chuireann an blag leis an bpobal Gaeilge ar líne trí ábhar suimiúil a chur faoi bhráid a lucht léitheoireachta (idir thagairtí d'fhoinsí eile agus a chuid scríbhneoireachta féin); an tuiscint agus tiomantas a léiríonn an t-údar i leith úsáid na meán ar líne ar bhonn sóisialta agus na buntáistí atá anseo don Ghaeilge; an méid idirphlé a chruthaíonn an blag agus an dóigh a spreagtar an t-idirphlé seo (mar shampla, spás do nótaí tráchta agus naisc le blaganna eile a bheith
curtha ar fáil).