Wednesday, November 05, 2008

Mo Sheacht mBeannacht Ort a Sheanadóir!




Is é lá geal gréine inniu é i gcúrsaí polaitíochta na tíre seo. Le teacht ar an mbua inné sa toghchán tar éis feachtais fada crua níl ach an chéad chéim faighte ag Seanadóir Obama, anois tosaíonn an fíor cath agus tá súil agam nach ndéanann an domhan mór dearúd ar sin. Ní féidir leis mórán ama a chur amú roimh teacht aníos le conas a phleananna uile a chur i bhfeidhm agus meas na ndaoine anso agus thar lear a choimeád ar a thaobh ag an am céanna. Sílim go bhfuil dóchas nach beag ag an domhan as, na fadhbanna uile atá romhainn a réitigh ach an Superman é? ("Is! is!" a chloisim, "agus tá sé an-dathuil leis... nach fior sin?"...omg, Is! is... gan dabht) Tá ana chuid sa tír ina phraiseach faoi láthair. Go mbeannaí Dia dó mar déarfainn ná fuil an bóthar os a chomhair ró dhíreach.

2 comments:

Jennifer said...

Is breá liom an post seo! Tá tú greannmhar.
Is is, gan dabht.
Tá sceitimíní orm freisin faoi: ach thochailtear poll millteanach uafasach dó, agus níl cliú agamsa cén chaoi a dreapfaidh sé amach agus an tír ar a dhroim. Ní superman é, mar a dúirt tú, ach tá mo phaidreacha aige.

Tá an liosta "To-Do' is measa aige anois, agus níl mé in éad leis.

agus bhí mé ag iarraidh a rá ó cupla mí ó shin, tá Súil Siar agam, agus tá sé iontach cabhrasacht dom, agus suimiúil. Rinne sibh jab thar barr. Go raibh maith agat!!

Anonymous said...

is ionadh liom beirt bhan ag cur fáilte roimh "an chéad duine gorm" a bhain tosach den "chéad bhean"!