Monday, March 23, 2009

Lá na Gaeilge 2009

Mise, Ailbhe agus Eibhlín


Múinteoiri Seán Céitinn agus Eimear Ní Cheallaigh

Bhí Lá na Gaeilge iontach againn Dé Sathairn i gColáiste Í, New Rochelle. Thosnaigh daoine ag teacht luath sa mhaidin timpeall 8 15AM agus ní fada go raibh na príomh seomraí plódaithe le Gaeilgeoirí, 82 sa deireadh! Tháinig daoine ó Boston, Springfield agus Worcester MA, ó áiteanna éagsúla i Connecticut, ó Long Island, ó New Jersey agus ar ndóigh bhí dream maith ó NYC agus Stát NY i láthair chomh maith.
Tar éis cúpla focal chun tús a chur le imeachtaí an lae scaip an slua chuig na ranganna difriúla. Bhí múinteoirí den scoth páirteach, Fiachra Ó Dubhghaill (Corcaigh), Una McGillicuddy (Baile Átha Cliath), Eimear Ní Cheallaigh (Indreabhán), Caoimhe Ní Bhaoill (Muineachán)., Seán Céitinn (Béal Feirste) agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh (Ciarraí), ionadaithe ó gach cúige sa tír i láthair agus teanga amháin le chloisteáil, an Ghaeilge!
Tar éis an chéad rang tháinig an slua thar n-ais le cheile arís sa seomra mór agus thug Séan Ceitinn léacht dúinn faoi saol na teanga i mBéal Feirste. Bhí sé an suimiúil ar fad. Mhínigh sé chomh casta is bhíonn saol na Gaeilge uaireanta nuair nach bhfuil sí saor ó chúrsaí pholaitíochta. Ní ach teanga í ach ag an am céanna bíonn ceangail faoi leith idir í agus féin aitheantas an té a labhraínn í. Níl dul as agus bíonn an rud céanna fíor sna millte teangacha. Bhí an-suim ag an dream i léacht Sheáin agus bhí na ceisteanna ag spalpadh anuas air tamaillín, an fear bocht, ach d’éirigh go maith leis gach ceann a fhreagairt gan stró ar bith. Is fear laid back amach is amach atá ann.
Ansin lean an lá le seoladh leabhair Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Leabhar filíochta ab ainm Péacadh is ea é agus is seoid leabhair é in aon cnuasach, dar liom, faigh cóip! Is é seo a céad leabhar, foilsithe ag Coiscéim, agus táim cinnte go gcífimid níos mó ón bhfoinse éirimiúil seo; peann Ailbhe, amach anseo. Ba í Eibhlín Zurell a sheol an leabhar, bean le mór suim i bhfilíocht, go háirithe filíocht na Mumhan agus ní beag a meas ar Ailbhe agus a saothar éachtach.
Bhí ranganna tar eis lóin, gearr scannán ansin agus chun deireadh a chur ar imeachtaí an lae bhí crannchur agus seisiún gearr againn.
Bhí tréimhse bhreá ag cuid againn sa phub an oíche céanna.
Lá na Gaeilge eile ……cuirfidh mé pictiúr eile ar dheis anseo ar ball inniu nó amárach.


1 comment:

MiseÁine said...

Tá dánta Ailbhe iontach ar fad, agus mholfainn a leabhar filíochta a cheannach. Bhí mé ag Éigse an Spidéil i nGaillimh an mhí seo, agus bhí sé d' ádh orm gur chuala mé í ag aithris ceann nó dhó acu. Tá spiorad álainn ag lonradh aistí, agus as a cuid dánta. Nár laga Ollmháthair na Cruinne an spiorad sin!