Monday, March 09, 2009

Seachtain na Gaeilge in Éireann / Lá na Gaeilge i NY

Bhuel, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi Lá na Gaeilge 2009, lonnaithe i gcoláiste IONA, New Rochelle NY a bheidh ar siúl ar an Satharn díreach tar éis lá fhéile Pádraig, sé sin an chéad lá fichead de mhí na Marta. Seo ceiliúradh na teanga bliantúla i Nua Eabhrac agus do chuireamar tús leis an gceiliúradh seo sa bhliain dhá mhíle.
Cad a tharlaíonn ar an lá seo?
Tiocfaidh gach duine le chéile timpeall a naoi a chlog ar maidin. Beidh caife agus seans buaileadh le seana chairde agus cairde nua, ansin tar éis cruinniú gearr rachaidh gach duine chuig a chéad rang Gaeilge. Bíonn ranganna ar leibhéal difriúil ar fáil gach bliain agus chomh maith le sin dream le Gaeilge líofa (Bíonn díospóireachtaí neamhfhoirmiúil acu siúd fad is a bhíonn gach duine eile sna ranganna ag foghlaim.) Tar éis an chéad ranga beidh léacht againn agus i mbliana cloisfear Seán Céitinn ag caint faoin teanga i mBéal Feirste. Is múinteoir é Seán a fuair a chuid Gaeilge i mBéal Feirste agus tá sé ag caitheamh bliain anseo ag múineadh Gaeilge i roinn na Gaeilge i NYU. Ansin beidh rang Gaeilge eile ar siúl againn, lón ar ndoigh, agus tar éis lóin beidh seoladh leabhar filíochta le Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar siúl. Is file í Ailbhe ó Trá Lí agus bhí sí ina cónaí anseo i Nua Eabhrac anuraidh agus í ag múineadh Gaeilge i CUNY. Beidh áthas mór ar gach duine Ailbhe a fheiscint thar n-ais i Nua Eabhrac arís. Beidh leabhar Ailbhe, Péacadh, (foilsithe ag Coiscéim) á seoladh ag Eibhlin Zurell, bean le suim nach beag i bhfilíocht na hÉireann. Beidh an tríú rang ar siúil ansin. Leanfaidh scannán an tríú rang agus ag deireadh an lae bígí réidh le tosnú an tseisiúin, agus gach duine agaibh páirteach!
Tagann timpeall 70 duine gach bliain agus táimid uile ag súil go mór leis an lá. Bíonn crannchur agus siopa leabhar againn chomh maith agus leanfaidh na himeachtaí uile go dtí timpeall a cúig a chlog sa tráthnóna.
Beidh múinteoirí den chéad scoth páirteach, Caoimhe Ní Bhaoill (Muineachán), Eimear Ní Ceallaigh (Indreabhán), Fiachra Ó Dubhghaill (Corcaigh), agus Una McGillicuddy (Baile Átha Cliath) agus beidh triúr eile i gceannas an dream líofa chun iad siúd a choimeád faoi smacht!
Bígí linn, beidh fáilte is fiche roimh chách!
Tuilleadh eolais uaim, tá nasc chugam trí ephoist ar dheis anseo, nó féach ar thehedgeschool.blogspot.com

No comments: