Wednesday, April 29, 2009
An Aimsir!
Bhí sé chomh te anseo thar an deireadh seachtaine seo chaite agus tús na seachtaine seo. 92 céim f, sin 33 c. Cheapfá go raibh mí Lúnasa buailte linn. Shíl mé go mbeadh sé fionnuar sna oícheanta ach ní raibh, ní anseo ach go háirithe. Ach nílim ag gearán, is aoibhinn liom an aimsir bhreá ach i mbliana bhí an t-earrach mall go leor agus bhain an teas seo geit asainn anseo i Nua Eabhrach. Bhíomar fós ag caitheamh buataisí...Chuaigh mé díreach ó hata na holla go hata na gréine.
Tuesday, April 21, 2009
Ócáid An Deas
Ba é Pádraic Ó Ciardha ár n-aoi chainteoir i mbliana. Is é leas cheannasaí ar TG4 le deich mbliana anuas é agus tá taithí fhada, fhairsing aige ar an gcraoltóireacht agus ar an iriseoireacht chraolta.
Chun tús a chur ar an ócáid labhair an t-ollamh Joe Lee faoi na poist agus na cúraimí a bhíodh ag Pádraic ó thús a laethanta oibre, liosta nach beag!
Cén aois atá ort anois agus an méid seo déanta agat, a deir sé, is dócha gur sean duine caite tú?
Leis sin léim fear scafánta os ár gcomhair!
Bhíomar díreach inár ndúiseacht!
An méid seo déanta ag an bhfear óg seo?
(Chuala go bhfuil botox le fáil in Éirinn na laethanta seo)
Labhair Pádraic faoi stair Raidió Éireann ón lá a bhreithe ag tús an chéid seo chaite go dtí an lá atá inniu ann i slí bheoga bhíogúil anamúil agus bhí an dream go léir faoi draíocht aige an t-am ar fad.
Léirigh sé go soiléir dúinn na sean nósanna a bhíodh ann fadó i gcúrsaí craoltóireachta na tíre agus an tslí inar thosnaigh an stáisiúin ag tabhairt aire ar traidisiúin na nGael, ar dtús sna caogaidí i gcúrsaí cheoil agus i gcúrsaí bhéaloidis, le bailitheoirí Ciaran Mac Mathúna, Séamas Ennis agus Seán Mac Réamoinn. (Chuir sé i gcuimhne dom gur bhaineas féin an taitneamh as Mo Cheol Thú fad is a bhíos ag fás aníos sna 70s, rud aisteach b’fhéidir do chailín óg go leor ach bhíodh sé ar siúil maidin Dé Domhnaigh…..am breise sa leaba an mhaidin sin!)
Ar aghaidh le Pádraic ansin le teacht an ceoltóir cáiliúil Seán Ó Riada os comhair lucht na hÉireann ag deireadh na 50s buíochas le tacaíocht Gael Linn. Thug ceol Sheáin Uí Riada bród dúinn as ár gcultúr féin agus thosnaigh gaoth aneas ag séideadh ar chultúr na nGael. D’éirigh go maith le ceoltóirí traidisiúnta sna 60s agus cuireadh tús le hócáidí móra, ceiliúrthaí sna samhraí srl go dtí go raibh gá ar stáisiún raidió a chraolfaí céad fán gcéad trí mheán na Gaeilge. Sin a tharla sa deireadh sna 70s le breith Raidió na Gaeltachta agus ní ró fhada ansin go raibh Teilifís na Gaeilge againn, bhuel beagnach fiche bliain! (Tá difríochtaí eatarthu ó thaobh an mheoin áfach, féach ar na teidil “Raidió na Gaeltachta” agus “ Teilifís na Gaeilge”.)
Lean Pádraic le scéalta greannmhara agus ba shoiléir go raibh, agus go bhfuil, a chroí san obair. Tá ana chuid déanta aige agus osclaíonn torthaí a chuid oibre doirse os comhair a lucht leanúna…. le himeacht na mblianta feictear níos mó poist ar fáil do Ghaeilgeoirí agus is iontach an rud é seo. Níl todhchaí na teanga ar ghualainn na bpaistí ar scoil níos mó mar a bhíodh, gan seans acu í a úsáid taobh amuigh den seomra ranga agus as sin easpa suime acu inti (agus easpa suime ag a dtuismitheoirí inti in ainneoin aon dea-thoil a bhíodh acu uirthi de bharr cúrsaí staire).
Bhí an léacht thar a bheith spéisiúil agus bhí aoibh mhaith ar gach aoinne ag an deireadh.
Tá sé tábhachtach a admháil agus sinn ag bogadh ar aghaidh go mbíonn inniúlacht difriúil ag gach pobal na Gaeilge, (agus nach minic a léiríonn meascán mar seo i dteangacha eile go bhfuil na teangacha sin beo agus sláintiúil?) Ciallaíonn caint na ndaoine le i bhfad níos mó ná Gaeilge fhoirfe! Ciallaíonn sé le gnáth caint na bpaistí, gnáth caint na ndéagóirí, gnáth caint daoine oilte agus gnáth caint iad siúd nach raibh an seans acu teacht ar mórán oideachais ina saolta……ach teanga amháin atá inti agus níl aon mhaitheas a bheith mí fhoighneach le pobal amháin nó le pobal eile. ...mar nach iontach an rud é go bhfuil níos mó ná pobal amháin á labhairt!!!
Feictear in aon teanga bheo go mbíonn an chomhréir cheart, an ghramadach cheart ag cuid des na haicmí á labhairt…..pé blas a bhíonn acu, le sin tá sé tábhachtach a bheith dearfach maidir le na haicmí difriúla agus fáilte a chur roimh fhoghlaimeoirí.
Rud amháin atá fíor ná ní bheadh teanga sláintiúil againn ar chor ar bith dá raibh sí faoi smacht phobail nó aicme amháin. Tá an cuspóir againn anois sult a bhaint aisti mar chóras cumarsáide atá fileata agus saibhir.
Wednesday, April 15, 2009
Imeachtaí na Gaeilge i NYC an tSeachtain Seo. Bí Linn!
Tá cúpla rud suimiúil ar siúl an tseachtain seo i NYC. Ar dtús, ócáid i ndílchuimhne ar Bharra Ó Donnabháin, ár gcara uasal. Beidh Pádhraic Ó Ciardha (TG4) ag caint linn ar a 7 a chlog: Is as Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe ó dhúchas dó. Tá sé ina Leas cheannasaí ar TG4 le deich mbliana anuas agus tá taithí fhada, fhairsing aige ar an gcraoltóireacht agus ar an iriseoireacht chraolta, beidh an léacht seo ar siúl oíche Déardaoin @ Áras na hÉireann, NYU Tuilleadh eolais anseo
agus ansin Oíche Dé hAoine beidh oíche scannán againn! Craolfar seacht gearr scannán nua déanta (réasúnta nua déanta, ó 2001 – 2007) sa Cantor, Ionad Scannán Ollscoil Nua Eabhrac. Tuilleadh eolais anseo.
Beidh fáilte roimh chách agus ná déan dearúd go bhfuil na hócáidí seo saor in aisce (gan trácht ar seans do gach duine le suim sa teanga teacht le cheile arís.)
Wednesday, April 08, 2009
Poill Dhubha
Bíonn clann tSuibhne lán sásta a bheith inár suigh timpeall bord an dhinnéir go ceann cúpla uair gach aon oíche a bhíonn an dream againn i láthair, nó fiú cuid againn agus cairde. B’fhéidir go mbíonn leisce ar chách bogadh agus tús a chur ar ghlantóireacht, nó b’fhéidir go gcuireann an fíon leisce ar gach aon duine againn? Ach bíonn am dinnéir i gcónaí gan strus ar bith trí na blianta go dtí go bhfuil saghas clú ar Sweeney Dinners an lá atá inniu ann idir cairde na mac, mar de ghnáth ní bhíonn an nós céanna ina dtithe féinig.
Ós rud é go mbím beannaithe idir fir anseo is minic a bhíonn ábhair chomhrá áirithe eadrainn, cúrsaí spóirt mar shampla, de ghnáth sciáil agus fearas na sciála. (Ní chreidfeá an méid fearais atá ó rásaí sciála) nó cúrsaí innealtóireachta, innill, muilte na gaoithe, conas cumhacht na gréine a fháil go héifeachtach i ngnáth tigh, ríomhairí agus na deacrachtaí a bhaineann le routers, networks agus bogearraí, clips greannmhara ar YouTube agus araile.
Bhíomar ag caint le cheile le déanaí faoi dhaoine le droch aoibh. D’oscail Eoghan an t-ábhar seo le cur síos ar duine éigin a mbíonn i gcónaí ag gearán faoi ghnáth rudaí beaga, nach féidir a bheith sásta riamh, agus ar ndóigh tá aithne againn uile ar an gcineál duine seo. Nílim ag tagairt do dhuine le fíor lagar spride de dheasca tinnis, ach iad siúd a bhíonn i gcónaí ag féachaint ar an mbuidéal agus é leath folamh in ionad leath lán. Bhí Eoghan a rá go nglacann daoine mar iad seo an fuinneamh dearfach ón gcomhluadar agus go mba chóir iad a sheachaint chomh fada agus is féidir. “Is poill dhubha atá iontu siúd a bhíonn ag slogadh siar gach aon mheon nó fuinneamh dearfach” a dúirt fear a’tí.
Anois is arís bíonn orm leithscéal a thabhairt dí maidir le teacht le cheile mar bím ana ghnóthach de ghnáth agus ní maith liom m’am saor a chaitheamh léi, i m’aonar! Tá an ceart ag na fir atá luaite thuas; glacann sí m’fhuinneamh uaim!
Thursday, April 02, 2009
Ceiliúradh cheoil sa Kerry Hall i Yonkers Dé Domhnaigh
Ba as Cill Airne ó dhúchas Johnny ach chaith sé cuid dá shaol anseo i Nua Eabhrac i measc ceoltóirí Nua Eabhrac. Ní raibh aithne agamsa air, ach chuala gur ceoltóir den scoth a bhí ann agus duine dáiríre leis. Bhí ana bhrón ar a chairde uile anseo nuair a chualadar gur imigh sé ar shlí na fírinne le déanaí.
Beidh Aifreann ar dtús ar a dó a chlog leis an Athair Charlie Coen, fear mór cheoil féinig, agus ansin tosnóidh an ceol agus an rince. Beidh baintreach Johnny agus a páistí i láthair. Deirtear liom go mbeidh fáilte is fiche roimh chách le suim i gceol na hÉireann. Tá an ócáid saor in aisce ach tá na timirí ag súil go mbeidh daoine toilteanach deonachán airgid a thabhairt ar an mbealach isteach, mar bhronntanas do chlann Johnny.