Wednesday, April 08, 2009

Poill Dhubha

Bíonn clann tSuibhne lán sásta a bheith inár suigh timpeall bord an dhinnéir go ceann cúpla uair gach aon oíche a bhíonn an dream againn i láthair, nó fiú cuid againn agus cairde. B’fhéidir go mbíonn leisce ar chách bogadh agus tús a chur ar ghlantóireacht, nó b’fhéidir go gcuireann an fíon leisce ar gach aon duine againn? Ach bíonn am dinnéir i gcónaí gan strus ar bith trí na blianta go dtí go bhfuil saghas clú ar Sweeney Dinners an lá atá inniu ann idir cairde na mac, mar de ghnáth ní bhíonn an nós céanna ina dtithe féinig.
Ós rud é go mbím beannaithe idir fir anseo is minic a bhíonn ábhair chomhrá áirithe eadrainn, cúrsaí spóirt mar shampla, de ghnáth sciáil agus fearas na sciála. (Ní chreidfeá an méid fearais atá ó rásaí sciála) nó cúrsaí innealtóireachta, innill, muilte na gaoithe, conas cumhacht na gréine a fháil go héifeachtach i ngnáth tigh, ríomhairí agus na deacrachtaí a bhaineann le routers, networks agus bogearraí, clips greannmhara ar YouTube agus araile.
Bhíomar ag caint le cheile le déanaí faoi dhaoine le droch aoibh. D’oscail Eoghan an t-ábhar seo le cur síos ar duine éigin a mbíonn i gcónaí ag gearán faoi ghnáth rudaí beaga, nach féidir a bheith sásta riamh, agus ar ndóigh tá aithne againn uile ar an gcineál duine seo. Nílim ag tagairt do dhuine le fíor lagar spride de dheasca tinnis, ach iad siúd a bhíonn i gcónaí ag féachaint ar an mbuidéal agus é leath folamh in ionad leath lán. Bhí Eoghan a rá go nglacann daoine mar iad seo an fuinneamh dearfach ón gcomhluadar agus go mba chóir iad a sheachaint chomh fada agus is féidir. “Is poill dhubha atá iontu siúd a bhíonn ag slogadh siar gach aon mheon nó fuinneamh dearfach” a dúirt fear a’tí.

Nílim chomh cinnte sin áfach ach, tá cara amháin agam mar shampla, agus aithním go duine ana dheas, dáiríre, cneasta, móraigeanta í, ach ag an am céanna ní duine dearfach í agus is minic i gcomhluadar bíonn sí ag iarraidh i gcónaí a bheith ró dáiríre, ní thuigeann sí nó ní féidir léi “lighten up” ar chor ar bith, an rud is measa ná má bhíonn gloine fíona nó dhó aici in ionad a bheith níos éadroime.... éiríonn sí níos measa! Níos dáiríre fós! (Is nós inmheánach é b’fhéidir a thagann óna cúlra Episcopalian anseo i Sasana Úr!! …Tuigim, tuigim nach bhfuil sé ceart ginearálú a dhéanamh ach i ndáiríre ní bhíonn mo chairde Giúdaigh mar seo!..)
Anois is arís bíonn orm leithscéal a thabhairt dí maidir le teacht le cheile mar bím ana ghnóthach de ghnáth agus ní maith liom m’am saor a chaitheamh léi, i m’aonar! Tá an ceart ag na fir atá luaite thuas; glacann sí m’fhuinneamh uaim!

No comments: