Thursday, May 07, 2009

Easpa Céille

Ní dhéanann sé ciall ar bith an aimsir a luaigh anseo, táim i mo cheap magaidh aici!
Tháinig an báisteach ag an deireadh seachtaine agus níl deireadh leis go fóill. Inniu an Déardaoin! Tá sé fuar, bhí orm stocaí a chaitheamh arís inné agus Dé Luain.
Tá mo chuaráin uaim!

Ag tagairt ar cheapa magaidh is mór an trua nach bhfuil tuismitheoirí níos fearr ag Bristol Palin. Cén cineál daoine a chuirfeadh a n-iníon álainn ós comhair an phoiblí mar seo? Nach bhfuil ciall ar bith ag ceachtar acu?

Deireadh seachtaine na Gaeilge in Esopus ag tosnú oíche amárach!

2 comments:

Séamas Poncán said...

An scéal seo atá i gceist agat, is dócha. Tá sí 19 agus in inmhe caint, más maith léi, gan cead óna tuismitheoirí (an raibh smacht agatsa ar dhéagóir 19 mbliana d'aois riamh?). Agus is fearr a bhfuil le rá aici anois ná mar a bhí. Cad tá cearr leis, dar leat?

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tá cead aice aon rud a rá ach ní dóigh liom gur rud ró mhaith é seo ar chor ar bith. Táthar ag iarraidh úsáid a bhaint aisti agus is léir domsa ón mbolscaireacht seo nach bhfuil éinne ag tabhairt treorach dí, is trua, ach déanann daoine áirithe aon rud an solas a choimeád orthu féin is dócha. Nach fíor sin...