Wednesday, July 29, 2009

Trádáil i mBaill

Bhí ionadh orm a léamh faoin gceannach, breabaireacht agus cleachtais éillitheacha i New Jersey an tseachtain seo chaite, na scannail uile atá ráite sa mheán chumarsáide (más féidir na scéalta sin a chreidiúint, níl siad ach cúisimh fós.) Ach an ceann a chuireann isteach go mór orm, (a chuireann déistin orm leis an fhirinne a rá,) ná an trádáil mí dleathach i mbaill, sa chás seo trádáil na nduán. (Tá a fhios againn uile go bhfuil trádáil ann, nach bhfuil ceisteanna fiú faoi conas a bhfuair Steve Jobs a ae nua, ach ní raibh sé mí dleathach sa chás sin, bhí sé in ann úsáid a bhaint as an gcóras aisteach agus an t-ádh leis go raibh sé in ann ceann a fhail gan stró de bharr a chuid saibhris.)
Níl an margadh seo as an ngnáth faoi láthair, is féidir le mná óga a n-uibheacha agus fir a síolta a dhíol. Is féidir broinn a fháil ar cíos ó mháthair ionaid ar feadh naoi mí…má bhíonn an t-airgead agat... Maidir leis na duáin, nach féidir linn maireachtáil le ceann amháin? Agus faigheann an deontóir orgáin pá maith.. nach bhfaigheann? Cad faoi súile anois? Coirne ó éinne?

Tháinig na droch scéalta luaite thuas amach agus mé ag léamh Never Let Me Go le Kazuo Ishiguro. Is í Kathy, bean óg, atá ag insint a scéal féin sa leabhar seo, saghas cuimhní cinn….. Saolaíodh i bhfeirm clónála í agus tá a fhios aici ón dtús nach bhfuil i ndán dí agus dá cairde ach a mbaill a dheonadh uair éigin sa todhchaí, ach tá siad chomh hóg nach dtuigeann siad an t-eolas sin. Tá mná chúraim ann ach níl grá idir na páisti agus na daoine fásta seo. Ní ionadáin na dtuismitheoirí atá iontu mar sin ní mhothaíonn na páistí tuistechúram riamh agus ní thuigeann siad teagmháil domhain an ghrá, ach tuigeann siad cairdeas agus meas, oideas ghrá?
Tá cúpla leabhar dá chuid Kazuo Ishiguro leite agam cheana agus is scríbhneoir suimiúil é, fiú in ábhar ficsean eolaíochta mar seo. Cuireann sé a lámha boga go muirneach timpeall muineál an léitheora agus i ngan fhios dó, bíonn sé gafa i ngreim an scéala gan mhoill. (Sin a tharlaíonn domsa ar aon nós)
Féachann Isiguro ar na ceisteanna uile a bhíonn againn inár ngnáth saolta trí shúile na daoine óga seo, nach bhfuil acu ach saolta gearra gan slí éalú.
An cheist a thagann aníos ná dá mbeadh a fhios agat nach raibh ach mí, seachtain, cúpla lá fágtha agat ar an saol, cad ba cheart a dhéanamh leis an am gearr luachmhara sin?

(tuilleadh eolais anso is é an t-eagrán Kindle atá i gceist anso, níl nasc beo chuig an ghnáth leabhar faoi láthair)

10 comments:

Fearn said...

Nach iontach mar a théann Síol Éabha chun cinn. Ceithre chéad bliain ó shoin ní raibh tuigsint ar imshruthú na fola. Anois, tálaim fuil gach trí mhí ar mhaithe le heasláin.
Ach an ionadh é go súileann craos in éineacht le maitheas? Anois tá "trádáil" i mbaill bheatha, clónáil, nódú ball beatha, 7rl.
Tá aincheisteanna úra morálachta a chruthú gach lá. Is trua gur chaill Síol Éabha a compás morálachta le fada an lá. Beidh "caoineadh is díoscán fiacla" amach anseo. Saol ar bhonn airgid amháin a bheas ann.

Mise Áine said...

Ní chuireann mórán rudaí iontas orm níos mó, a Hilary. Bhí dul chun cinn riamh ann, más féidir ‘dul chun cinn’ a thabhairt ar an méid atá ag tarlú sa saol anois, agus níor thaitin an ‘dul chun cinn’ lenár sinsir ach an oiread. Ach, athraíonn an saol agus athraíonn dearcadh daoine dá réir.

Bhí ábharachas riamh ann, bhí saint riamh ann, agus bhí ganntanas riamh ann, ceapaim. In am an ghátair, ní bhíonn an duine santach ná an duine saibhir riamh gann, shílfeá. An rud atá suimiúil, i mo thuairimse, ná go n-éiríonn leis na ciaróga seo iad féin a aithint agus is é an duine bocht, an duine lag, an duine tinn agus, go minic, an cine daonna, a bhíonn thíos le caidreamh na gciaróg.

B’fhéidir nach ‘dul chun cinn’ ach ‘dul ar aghaidh’ atá i gceist, agus tá go leor ag dul ar aghaidh faoi cheilt nó faoi rún na laethanta seo, is cosúil.

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Ní dóigh liom go bhfuil ár compás moráltachta caillte go hiomlán againn go fóill, ach bíonn sé i mbaol i gcónaí.
Ní thuigeann an sách an seang agus níl a fhios agam cad a dhéanfainn dá mbeadh fíor bagairt trom os chomhair mo chuid óg,…ní féidir ach a bheith ag súil nach ndíolainn m’anam nó mo chompás moráltachta (an iad mar a gcéanna sa deireadh thiar thall?)

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Ní labhraíonn mórán faoi ainspridí nó tuar oilc na laethanta seo ar eagla go gceapfaí gur duine lag intinneach, díograiseoir na heite deise, zealot na reiligiún atá ann ach i ndáiríre, cá bhfuil an líne idir dul chun cinn a cabhraíonn an cine daonna, agus dul chun cinn a dhéanann buan-dochar. Agus an bogann an líne le gach glúin de dheasca athruithe an tsaoil….
An bhfuil ábharachas chomh tábhachtach i ngach chultúr áfach? Cinnte bíonn níos mó ó gach glúin is dócha, cibé áit, nó cultúr sa domhain in atá siad.

Fearn said...

Sílim go raibh agus go mbeidh an rogha chéanna roimh gach duine: an maith nó an olc a dhéanamh, cuma cad é an tsiocair.

Rith sé liom go raibh an "trádáil" seo riamh ann. Táim ag cuimhniú ar goid corpán agus á ndíol le Ollscoltacha Míocháine cúpla chéad bliain ó shoin. In Albain, thug mé faoi dheara sna seanreiligí go raibh seanbhotháin ann. Nuair a chuir mé an cheist cad chuige, dúradh liom go bhfostódh lucht gaoil duine a chodlódh sa reilig nuair a chuireadh duine ann ar feadh roinnt laetha ar eagla go dtagadh gadaithe corpán.

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

…agus ar a laghad ag an am san fadó bhíodh na daoine sin marbh cheanna féin sular cuireadh tús leis an díolachán….

Fearn said...

Bhal....bhí.

Ach bhí beirt dúnmharfóir iomráiteacha ann i nDún Éideann, sliocht na hÉireann nó Éireannaigh iad, Burke éigin agus duine eile, a mharaigh daoine d'aon úim lena dhíol le Coláistí iomráiteacha leighis Dhún Éideann.

Fearn said...

Rith sé liom anois díreach:

Burke agus O'Hare

De Búrca agsu Ó hEithir

Fearn said...

http://ga.wikipedia.org/wiki/D%C3%BAnmharuithe_West_Port

Doc said...

Fáilte go dtí Clinic Laxman Dochtúir. Ar mhaith leat a dhíol do duáin nó orgáin eile má tá iarratas a dhéanamh ar díol lá atá inniu agus beidh tú a thabhairt
an sásamh is mó tú need.Contact liom tríd an ríomhphost: doctoramarlaxman@gmail.com