Wednesday, August 19, 2009

Montana na Spéire Móire? Ní hea, Montana an Aeir Úir

Poll fágtha i mButte

Ní gá dul go California chun teacht ar Gleann an Bháis mar tá sé bogtha anseo go Nua Eabhrac an tseachtain seo. Táim díreach thar n-ais ó thuras 10 lá i Montana an Aeir Úir agus bhuail an t-aer te tais an chósta iar mé díreach sa chloigeann agus mé ag teacht amach ón aer aisteach an eitleáin. Inniu tá sé breis agus 93 chéim anseo i lár na coille gan trácht ar an tais atá leis….cheapfá go bhfuil sé níos teo fós agus an méad taise sin san aer.

D’fhreastalíos ar An Rírá i mButte, ansin chaitheas tamall ag taisteal ó thuaidh trí príomh chathair Montana, Helena, go Glacier National Park, ansin thar n-ais ó dheas liom trí Whitefish, Kalispell, Big Fork agus sa deireadh Missoula. Bhaineas an taitneamh as an taisteal agus beidh cúpla focal agam faoi thar an tseachtain seo chugainn.

Is í An Rírá ná féile mhór an tsamhraidh faoi choimirce The Montana Gaelic Cultural Society. Leanann sí thar dhá lá go leith i gcathair Butte i lár an tsamhraidh le seacht mbliana anuas. Is í cuspóir na féile seo ná airgead a bhailiú chun ionad cultúrtha a bhunú amach anseo.

Bhí an t-ádh dearg orm a bheith páirteach sa Rírá i mbliana, bhaineas sult as gach nóiméad sa chathair chairdiúil seo agus táim fíor bhuíoch as an gcuireadh a bhfuaireas ó Lorretta Lynde, uachtarán an chumainn. Ba í seo mo chéad chuairt ar Montana agus cé nár éirigh liom an chluain mhuimhneach a chur ar bhuachaill bó an uair seo, (de dheasca easpa buataisí, cinnte )… b’fhéidir go n-éireoidh liom amach anseo… (Tá na bhuataisí cearta agam anois, fuaireas iad ag deireadh na saoire, ochón ní raibh aon am fágtha agam!)

Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh gach uile chuairteoir i mButte, idir óg is aosta, lucht oibre na féile, turasóirí agus cuairteoirí. Tháinig na sluaite isteach dé hAoine agus i bhfad níos mó Dé Sathairn. Tuismitheoirí lena bpáistí ag baint suilt as an bhféile mhór seo an chuid is mó acu agus atmaisféar mar lá ‘le Pádraig a bhí inti. Bhí imeachtaí ar siúl in áiteanna difriúla taobh istigh limistéar ceithre shráid nó mar sin sa sean chathair. Bhí an príomh bóthar dúnta roimh trácht agus an tslí plódaithe le daoine agus margaí sráide, agus ar ndóigh gach saghas spraoi (maraon le paidreacha i gcoinne na fearthainne.) Cuireadh tús le himeachtaí na féile maidin dé hAoine le ceardlanna difriúla, ranganna Gaeilge ar ndóigh ina measc! Lean an lá le ceol; Dublin Gulch, banna cheoil áitiúil, Gráda ó Ghaillimh, Evans & Doherty, The Elders, The Irish Descendants…, Rince le The Tiernan Dancers agus The Trinity Dancers, agus áthas orm a rá nach raibh comórtas eatarthu ach taispeántais, Scannáin; Butte America, agus Scéal ar Butte le Breandán Feiritear, Scéalaíocht le Batt Burns agus i bhfad níos mó a bhaineann le cultúr na nGael agus na nGael-Mheiriceánach. Bhí an lá thar a bheith gnóthach agus spraiúil leis agus an tarna lá mar a gceanna nó níos gnóthaí féin déarfainn!

Is mór an teagmháil atá idir formhór na muintire Bhuitte agus a gcultúr, ‘sé sin cultúr na nGael i gcás an chuid is mó acu de réir dealraimh agus bród domhain orthu, chomh domhain leis na mianaigh féin, as stair a gcathair. Ní raibh an scéal go hiomlán agam roimh an turas seo agus d’fholaimíos ana chuid fad is a bhíos ansin. Chonaic arís chomh tábhachtach agus atá ionannas pearsanta muintir na tíre seo, b’fhéidir an tréith ceanna ar fud na cruinne nuair a bhogann daoine óna bhfréamhacha?

Is cathair shuimiúil í ó thaobh staire agus suíomh; tá sí suite i bhfásach ard atá míle in airde, agus is compordach an cuma atá uirthi agus sléibhte arda uimpi. Tá an chathair gearrtha idir an seana bhaile Uptown, atá níos airde ná an chuid eile ar a dtugtar The Flats. Feictear na seana fhoirgnimh uile in Uptown, cuid acu anois ina bhfothraigh folmha, brón orm a rá, ach fós féin labhraíonn siad a scéalta féin go ciuin, scéalta bunaithe ar an saol atá thart. Tá cuid eile acu ag tarraingt anála arís le athdheisiú ó fhuilleamhóirí a thuigeann an chathair seo agus meon na ndaoine. Níl cúrsaí eacnamaíochta ró shláintiúil anseo ó bhog na comhlachtaí mianadóireachta ón gcathair timpeall 1982. B’iad na príomh fostóirí anseo ó lár na naoú haois déag agus le tús mianadóireachta sloc oscailte i 1952 bhí sé soiléir go raibh athrú mór os comhair muintir Bhuitte. Le himeacht an chomhlachta is mó fágadh poll mór salach i lár na cathrach agus 10,000 míle na dtollán faoi chathair Butte nach bhfuil níos mó ná seacht míle cearnach! Tá na tolláin i sraitheanna faoin mbaile. Rinneadh ceann scribe turasóireachta as an bpoll mór seo le déanaí agus bhí alltacht orm é a fheiscint…tá sé ana mhór ar fad! poll an ifrinn i ndáiríre agus é lán le huisce nimh. Tá ar an mbaile a fíoruisce a choimeád slán ó nimheanna an phoill mhóir seo. (Nach bhfuil ar an gcomhlacht mianadóireachta sotalacha an fhadhb seo a réitigh? Níl ceist at bith faoin locht…)

Cé gur fágadh an poll mór seo fágadh rud eile chomh maith, braitear spiorad an mharthanóra i sráideanna Uptown. Braitear é ar an Rírá, teacht le cheile le mór mhuinín as todhchaí na cathrach seo de bharr a spiorad féin. Seans ann go dtagann léas den spiorad céanna trí na haoiseanna ó fhuil na hÉireannaigh a d’aistrigh ó Chorca Dhuibhne, iarthar Chorcaí agus áiteanna eile in Eirinn fadó ag lorg rud éigin goidte uatha aige baile… dóchas sa todhchaí.

No comments: