Monday, August 24, 2009

Scléip na Súl

Glacier National Park

Bláir i Montana

Tar éis slán a fhágáil le mo chairde uile nua i mButte bhailigh mé liom ó thuaidh agus ba í Great Falls mo chéad cheann scribe eile. Chonaic mé buachaillí bó ar a gcapaill ag obair lena beithígh sna páirceanna ar mo bhealach. Níl mórán i Great Falls caithfidh mé a rá, is maith liom an t-ainm ach faraoir níl fiú eas amháin fágtha ansin ó thús na céadta seo caite, níl le feiscint ar an abha mhór (Missouri) anois ach sraith dama. Ach rud amháin a shábháil an chathair seo domsa ná an t-ionad léirmhíniúcháin Lewis and Clarke. De ghnáth bím sásta eolas a fháil amach dom féin ach ní raibh puinn eolais agam faoi L agus C ach a n-ainmneacha agus creatlach dá scéil. Chaitheas tráthnóna breá ag foghlaim fúthu anseo agus ag foghlaim faoi na Blackfoot Indians chomh maith. Bhíodh sochaí shibhialaithe shuimiúil acu siúd agus ba mhaith liom níos mó a fhoghlaim fúthu amach anseo.

Ag dul díreach ó thuaidh arís i dtreo Canada an lá dár gciunn chuaigh mé trí saghas bláir-machairí folmha amach is amach nár bhraitheas riamh. Is cuimhin liom nuair a bhíos óg agus ag taisteal ó Luimneach go Baile Átha Cliath gach samhradh sa charr, do bhíodh ionadh orm i gcónaí ag féachaint amach an fhuinneog ar an gCurragh i gCill Dara mar ní fhaca mé a leithéid riamh sa Mhumhain, ach ní leanann sé ach cúpla míle agus b’shín é. Ach scéal eile i Montana, d’éirigh mé míchompordach ag féachaint ar an machaire cothrom seo, ní raibh deireadh leis. Diabhal tigh le feiscint…Amach as an gcarr liom cúpla uair chun fógraí staire a léamh, bhí gaoth the ag séideadh trasna an mhachaire a ghlac mo chuid gruaige go cothrománach mar bhrat sa ghaoth agus duine nó ainmhithe beo ní fhaca. Aisteach. Bhíos i dtearmann na Blackfeet ag an am seo agus is dócha go raibh na machairí lán le Buffalo uair amháin blianta ó shin.

Ar aghaidh liom ó thuaidh go Glacier National Park agus chaitheas cúpla lá ansin, ag siúil, ag marcaíocht, ag bádóireacht (i mbáidín). Ní fhaca mé radhairc mar na cinn a chonaic anseo riamh i mo shaol. Fágadh gan focal mé. Scléip na súl. Ní féidir a mhíniú i gceart an mothúchán a tháinig orm san áit seo agus ní dhéanann na grianghraif an jab ach oiread cé go nglacann siad thar n-ais ansin mé. D’fhanas anseo sa lake McDonald Lodge agus molaim go mór an lóistín, simplí go leor i gcomparáid le hóstlanna na laethanta seo ach suimiúil domsa ó thaobh ailtireachta de…tógadh i 1914 mar thigh príobháideach é nuair nach raibh bóthar ar bith ann thuas anseo agus bhíodh ar na cuairteoirí teacht i mbáid. Fiú inniu tá an cúl doras fós ar thaobh na sráide agus an doras tosaigh ar thaobh an locha.


Thugas cuairt ar Whitefish, baile beag bunaithe ar gnó turasóireachta ar iarthar na páirce. Tá cuma an iarthair fós le feiscint ar an mbaile seo agus ba mhaith liom í cé nach bhfuil mórán ar siúil ansin ach siopadóireacht! Go Kalispell ansin liom agus caitheas oíche amháin ansin agus ó dheas ar thaobh Flathead lake go Bigfork agus bhaineas Missoula amach an oíche céanna. Bhí an turas ó Bigfork go Missoula ana dheas trí tearmann na ndaoine dúchasaigh eile. Chonaic mé buachaillí bó le heallaí mairteola. Bhaineas an National Bison Range amach ansin, ceantar droimneach réchnocach tarraingteach dar liom. Chaitheas an oíche dheireanach i Missoula, bhí spraoi i lár na cathrach an oíche úd agus fuaireas amach go mbíonn oíche spraoi acu gach Déardaoin sa samhradh. Bhí daoine bailithe ar thaobh na habhann, bhí ceol beo ann, bia agus deochanna de gach saghas le fáil, ana mhaith do thurasóir mar mise agus do mhuintir na cathrach. D’éirigh comhrá idir mé féin agus siopadóir amháin agus dúirt sé liom nach cathair an iarthair níos mó í Missoula. “B’fhearr le Missoula gan a bheith ina chathair an Iarthair”dar leis…. “Ní thuigim” a dúirt mé leis…”nach bhfuil sí suite in iarthar na tíre?” “Ni thuigim ach oiread ach sin mar atá” a dúirt sé liom. Níor thuigeas é seo i gceart.

Thar n-ais i Nua Eabhrac anois agus ag smaoineamh ar an turas iontach seo. Chaitheas oíche aréir ag féachaint ar Lonesome Dove, an scannán breá bunaithe ar leabhar a scriobh Larry McMurtry (atá leite agam fadó..), agus ag smaoineamh ar an sean saol san Iarthar Fiáin.

5 comments:

Kevin Scannell said...

Alt deas a Hilary! Seans go mbeadh suim agat sa leabhar seo: Blackfoot Physics

Mise Áine said...

Ba mhaith liom an Glacier National Park a fheiceáil lá éigin. Bhain mé sult as an bpíosa seo uait maidir leis an bpáirc, a Hilary.

Hilary said...

Grma a Caoimhín, tá an cheart agat, bheadh suim nach beag agam sa leabhar seo. Gheobhaidh mé é.
H

Hilary said...

A Aine,
Samhlaigh ar áit a bhfuil fós gan rian na daonnachta….. agus tú i d’aonar (nó le grá gheal) lá breá glan…. Tuigeann tusa.
H

johnmodonoghue said...

A Hilliary, alt an - suimiúil.Beidh mé ag scór ón obair i gcionn dhá mbliain agus tá sé ar intinn agam cár a fháil ar chíos agus tiomáint trasna na Stáit chun an fíor - thír a fhecáil le mo bhean chéile le cunamh Dé.Dhein mó mhac agus a chara amhlaidh dha bhlian ó thoin agus bhain sé an - sult as.