Tuesday, September 08, 2009

Aingil na Faire


Is ansa liom an píosa ealaíne seo. Rinne Fra Angelico timpeall 1430 é. Bhíodh cóip de sa sean tigh againn. Fuair mo thuismitheoirí mar bhronntanas bainise é, agus crochadh ar fallaí difriúla é le linn m'óige. Tá an pictiúr fós ag mo mháthair ina háit chónaithe cé nach bhfuil mórán spáis sna seomraí beaga atá aici anois. Choimeád sí an ceann seo maraon le grianghraif agus cuid bheag dá troscáin.
Aingeal Teachtaireachta a bhí san Aingeal Gabriel an lá sin, is dócha go ndéanfadh teachtaireacht téacs an beart an lá atá inniu ann…. nó an mbíonn aingil inár dtimpeall i mbréagriocht? Cinnte faoi láthair baineann an focal Aingeal le cailíní óga, sciatháin orthu i ndrámaí na Nollag nó bhalcaisí Oíche Shamhna. Nó baineann an focal le mná gnéisiúla i mbolscaireachtaí Victoria’s Secret. Ní bhaineann an focal níos mo le teachtaireachtaí fireanna! Cloistear anois is arís é mar ainm na bhfear i gcultúr na Spáinne.
Cad faoi Aingil na Faire? Nuair a bhí ceann agamsa agus mé óg (bhíos cinnte go raibh..) ní raibh mé cinnte ab iad fir nó mná a bhí i gceist, ach cheap mé ar shlí gur ceann fireann a bhí agam cosúil le Gabriel sa phictiúr sin a bhí againn. Ach i ndáiríre níor bhain gnéas ar bith leo siúd, (Cheap cara liom ar scoil go rabhadar mar mhná rialta; go raibh trí inscne ann, fir, mná, agus nuns, agus seans maith, dar léi, nach raibh in aingil ach mná rialta nach maireann! Níor aontaigh mé léi. Bhí a fhios aici go raibh na sagairt fireann áfach…)
Ar aon nós nuair a thugas faoi deara go raibh Aingeal na Faire agam féin ní raibh mé ró shásta, saghas spiaire! An féidir éalú uaidh? Ní féidir, a deirtí liom go ceanúil, mar beidh sé i gcónaí leat, ag coimeád súil ort. …i gcónaí?
Chaithinn am sa seomra ranga ag smaoineamh ar na haingil a bhíodh sa seomra beag sin linn, fiche cúig cinn ar a laghad....An rabhadar ar snámh os ár gcinn thuas ansin, agus cad a bhí idir lámha acu siud thuas ansin? An rabhadar ag léamh leabhar agus ag ithe na bhfíonchaor cosúil leis na gréagacha ársa, gan obair bhaile nó litrithe nó rud ar bith le déanamh acu ach a bheith ina n-aingil leisciúla? Agus iad sa bhaile linn chomh maith! Sos ar bith uathu. Ní bhfuaireas cabhair ar bith ó mo cheannsa nuair a bhrú ceann de na buachaillí béal dorais mé ón bhfalla os comhair a thí. An maistín tíoránach bricíneach na nglún cnapach sin!

Do bhíodh an nós agam ag an am san píosa léitheoireachta a dhéanamh ar mo leaba nuair a bhíodh m’obair bhaile déanta agam ar an mbord mór thíos staighre. Uain dom teacht le cheile le mo chairde, An Cúigear Cáiliúil le Enid Blyton, sraith leabhar le cosc orthu ón leabharlannaí scoile, ní fheadar fós an fáth, cúis amaideach na laethanta san déarfainn. Ach is cuimhin liom ag rith ar nós na gaoithe, trí chéim le cheile, suas an staighre agus doras mo sheomra a dhúnadh le preab chomh tapaigh agus b’fhéidir liom chun iarracht éalaithe ó m’aingeal píosa. Ansin, agus an doras slán dúnta roimhe bheadh níos mó le déanamh…. Léimfinn gan moill ar bith thar mo leabasa agus ansin thar ceann mo deirféarsa na cuirtíní a dhúnadh ar eagla go n-eitleodh sé go cúl an tí ar an bpointe. Bheadh orm a bheith cúramach nach raibh bearna ar thaobhanna na gcuirtíní - seans dó gliúcaíocht isteach orm. Osna faoisimh ansin uaim, saor uaidh- an spiaire úd. Tamall agam féin seal a chaitheamh le cairde mo shamhlaíochta, Julian, Dick, Ann, George agus an té is tábhachtaí, Timmy an madra, agus mistéir eile le réitigh againn.

Arbh é rian an neamhspleáchais a bhí le feiscint agus mé ag iarraidh cor a chur ar m’aingeal?…. Is dócha! Cinnte! Ar ndóigh!
Nó seans go raibh dochar buan déanta aige dom… ;)

9 comments:

John M O Donoghue said...

Hilliary, scéal deas ó samhlaíocht d`óige.Ní chloisfea mórán faoi Aingil na laethanta seo.Bíodh tagairt don Aingeal Faire fadó a thabharfadh áire duit agus tú ag dul ar imirce cur i gcás.

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Grma John,
Coincheap deas go leor atá iontu ach iad a choimeád faoi smacht! Seans gur thugadar sólás do thuismitheoirí fágtha sa bhaile. Bhíos ag smaoineamh chomh maith go raibh baint ag an Aingil Faire i bhforbairt an choinsiasa i bpáistí óga, …an spiaire mar a thug mé ar mo cheannsa feinig!

aonghus said...

Ní shin an ainm a bhíodh agamsa, ná caithfidh mé a rá, an tuiscint.

"Aingeal Coimhdeachta" atá agamsa orthu. Ag faire amach duit, seachas ag faire ort.

Ach is eagal liom go bhfuil mo chaidreamh le'm aingeal rud beag lag - de bharr m'easpa samhlaíochta.

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Sin an focal a bhí agamsa air fosta. Aingeal Coimhdeachta.
Chuala mé fear ar an raidió ag caint faoi aingle an lá faoi dheireadh. Dar leis féin, tá sé féin ábalta aingle a fheiceáil agus d'fhág sé jab mór, chun cuidiú le daoine eile teachtaireachtaí na n-aingeal a thuigbheáil.
Cá bhfios?
"There are more things in heaven and Earth, Horatio..."

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Bíonn tuiscint agus samhlaíocht dhifriúil ag gach uile dhuine agus téann an teanga leo…. Seans go bhfuil aingil choimhdeachta ag cuid mhaith ach i gcás cailín óg ag iarraidh leabhar a léamh (nuair a bhí cosc air) b’aingeal faire a bhí ann! Ag imirt le focal……… :)

Maidir leis an bhfear sin agus a aingeal féin, nach méanar do! Tá súil agam go bhfuil áthas air i gcomhluadar na n-aingeal.

Fearn said...

Dúirt mo shinsheanmháthair gur imigh na síoga nuair a sheas an duine ar an ngealach.

B'fhéidir go raibh an aistear chéanna ar na haingle!

Mise Áine said...

Scéal iontach, a Hilary! Aingeal Coimhdeachta a bhíodh againn féin orthu freisin agus mé ag fás aníos.

Aisteach go leor, ní raibh faitíos riamh orm rompu, cé gur iomaí rud a hinsíodh dúinn maidir le neamh agus le hifreann a bhain an croí asam agus mé ró-óg le bheith ag éisteacht lena leithéid!

Séamas Poncán said...

An bhfaca tú an scannán The Truman Show le Jim Carey riamh? Bí ag caint faoi dhaoine ag faire ort!

Séamas Poncán said...

Lá 'le nAingeal Coimhdeachta atá ann inniu. Beannachtaí na féile ort!