Friday, October 09, 2009

Is Binn Blas na Saoirse

Scríobh mé an píosa thíos níos luaithe sa seachtain nuair a bhí mé gafa sa chuairt mar choisteoir. Cé go raibh an áthas orm leis an WiFi i gcillín na gcoisteoirí, ní raibh cead íoslódáil againn ann. Socraíodh an cás sa deireadh agus scaoileadh amach sinn. Bhí an tréimhse thar a bheith suimiúil sa deireadh áfach.

Bhuel táim fós beo!
Bíonn mo shaol ana ghnóthach na laethanta seo gan mórán ama saor agam, brón orm a rá. Tosaíonn na ranganna Gaeilge gach bliain i mí Deireadh Fómhair, ansin bíonn laethanta na Gaeilge ar siúl in áiteanna difriúla a ghlacann Satharn anois is arís. Mar sin, le mo ghnáth phoist, ranganna Gaeilge i rith an lae agus oíche amháin, Sathairn na Gaeilge, club leabhair… agus araile, gan trácht ar mo ghrá geal peata, mo mhadra Cara, mic ag teacht agus ag imeacht, bíonn mo dialann lán! Agus is fearr lán nó folamh a deirimse …..ach le déanaí fuaireas dualgas eile agus gan capall a dhéanamh den scéal táim ag ceapadh go bhfuil cúraimí an tsaoil ag iarraidh níos mó ná fiche ceathar uair sa lá a ghlacadh uaim!
Roghnaíodh mar choisteoir mé i gcás cuairte Dé Luain agus anois seo liom gafa sa chuairt i White Plains NY gan cead éalú go dtí go bhfuil an cás críochnaithe. Ní féidir liom scríobh faoin gcás áirithe anseo ach is féidir cúpla focal a scríobh faoin gcóras! Ar dtús tá áthas an domhan orm go bhfuil Wifi anseo, is féidir leis na coisteoirí le ríomhairí glúine acu teagmháil a choimeád lenár ngnáth saolta fad is atáimid i dtolglann na gcoisteoirí….Inné chaitheamar an lá iomlán anseo. An lá iomlán. An lá iomlán. Bheinn imithe bán gan Wifi agus cúpla leabhar, tá teilifís anseo ar ndóigh ach ní féidir liomsa féachaint ar an mbosca sin thar deich nóiméad de ghnáth mura scannán atá i gceist. Bhíos ag labhairt faoin lá amaideach seo le cara liom aréir agus ‘sé a dúirt seisean ná dá mbeadh ar na dlíodóirí agus na breithiúna íoc as na coisteoirí ar an leibhéal a d’íoctaí astú féinig b’fhéidir nach mbeadh an méid sin ama curtha amú acu ag caint.
Níos mó ar ball.

3 comments:

Mise Áine said...

Feictear dom go gcuirtear go leor ama, agus go leor airgid, amú sna cuairteanna anseo freisin, a Hilary, ach ní bhíonn aon dlíodóir ná aon bhreitheamh as póca leis an gcur amú sin sa tír seo ach an oiread.

Súil agam nach bhfuil tú ar tarraingt barraíocht oibre sa mhullach ort féin, a chara, ach más rud go bhfuil tú ag baint suilt as, lean ar aghaidh leat!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Áine,
Is trua nach mbeidh tú anseo oíche amárach a Aine. Beidh dlíodóirí Gael Meiriceánaigh ag bailiú le cheile i gcomhair cruinnithe maidir leis an teanga i dtuaisceart na hÉireann, féach ar an alt thuas!
Hilary

John M O Donoghue said...

A Hilliary lean leis an dea obar ar son na Gaeilge.Tá súil agam nách mbeidh tú ró ghnótach amach anseo.