Wednesday, October 28, 2009

Léas Lag



Níl na nótaí is déanaí anseo ar an mblog ar chor ar bith. Bhuel is cuma, ní dóigh liom go raibh rud ar bith suimiúil le rá agam…cúpla focal faoi cúrsaí eacnamaíochta…nó easpa cúrsaí eacnamaíochta mar a tharla.


Inniu agus sinn ag teacht chuig deireadh na míosa tá an aimsir go holc anseo i Nua Eabhrac, tá sí fuar agus fliuch agus go dona. Tá na duilleoga ag titim aníos go tapaigh anois agus na crainn ag iarraidh iad uile a chrith uatha agus teacht ar cead dul a codladh ar feadh tamaillín. Tá tuirse orthu tar éis bliana eile ag tabhairt scáth dúinn agus ag glanadh an t-aer dúinn agus ag tabhairt bheith istigh do gach saghas ainimhí.Tá sos tuillte acu.

D’oscail mé mo dhoras tosaigh cúpla nóiméad ó shin Cara a ligint amach, tá sé ró fhliuch domsa dul léi, stop mé sa phóirse, an madra i m’aice. Chonaic mé díreach go raibh ceithre fia os mo chomhair, eilit amháin, oisín mór ó anuraidh agus péire oisín eile, óg go leor. Bhíodar ag ithe sa bhfearthainn faoi foscadh na ndaracha. Chas na hocht súil inár dtreo, a súile móra ag féachaint orainn, ag feitheamh orainne. Ní fhaca Cara iad, ní rabhadar ach fiche cúig throigh uainn, déarfainn, ach ag an am céanna ní bhíonn amharc ró mhaith aicise le déanaí le fionna na súile. Níor bhog aoinne againn, bhí a fhios aige cara go raibh rud éigin beo ansin ach ní fhaca sí iad, bhí a srón ag preabadh!! Chas sise a cheann ón taobh clé go taobh dheis go mall.
Chroch aga san aer!
Níor bhog aoinne eile againn, ní raibh le cloisint ach deora boga na fearthainne ar na duilleoga fliucha fágtha. .. Ansin go hobann, bhog duine des na hoisíní óga. Rinne sé pocléim bheag, chonaiceamar uile a bhratach geal d’eireabaill. Stop sé, d’fhéach sé ar a mham le náire, chaith sise sracfhéachaint air gan bogadh, ansin chas sí a súile thar n-ais chugam agus iad a rá…féach ar an nglagaire sin, ní thuigeann sé faic…
Chonaic Cara iad uile anois, léim sí sios céim nó dhó ina dtreo ón bpóirse go tapaigh, dearúd déanta aici gur seanmhadra atá innti. Stop sí ansin agus d’fhéach sí ar an gclann. D’ardaigh an eilit a súile suas chun na bhfhlaitheas. Chas sí agus do threoraigh sí a chlann as radharc taobh thiar stoic mhóra na gcrann gan mhoill, a mbratacha geala ag croith slán linne. D’fhan cara ag féachaint ina ndiaidh, léas na tóraíochta imithe uaithi cheana, lig sí osna faoiseamh aisti féin agus do shiúil sí go mall amach cúpla slat chun pingin a chaitheamh, ansin isteach léi arís chuig a leaba bog tirim.

5 comments:

Mise Áine said...

Léim na hóige ag imeacht uaim féin, chomh maith le Cara bhocht...

Scéal deas, a Hilary. D'airigh mé go raibh mé ann libh.

Fearn said...

Scéal maith!

Mí ó shoin cad a chasadh orm ag mé ag tiomáint abhaile déanach faoi bháisteach ach dhá oisín bheaga, cuma orthu nach fada ina mbeatha iad, agus iad a chéad turas gan a máthair. Stad mé an gluaisteán, bhí siad i lár an bhóthair agus gan suim acusan ionam. Sílim nach raibh fias a mbealach acu agus bhí meabhaill orthu. I ndiaidh dhá noiméad fada acu, d'imsigh siad cosán ar chuimhis an bhóthair agus d'imigh siad leo.

bambí agus bambó

Hilary said...

Tá súil agam gur éirigh leo teacht ar a máthair gan stró.
Bíonn sealgairí sa cheantar seo, brón orm a rá, agus na fianna chomh ceansa sin...cén sásamh a fhaightear ó ainmhí álainn soineanta mar iad a mharú?

Fearn said...

Sílim gur éirigh, a Hilary.
Ó shoin i leith, feicim óisíní agus fianna timpeall na háite sin agus samhlaím mo bheirt orthu.
Buíochas le Dia níl seilg na bhfianna i réim sna bólaí seo, cé go leagtar iad ag feithiclí go rialta. Má leagtar, níl cead ag an tiománaí a "fháiteall" a thabhairt leis; sin póitseáil: ach tá cead ag an dara duine, muna bhfuil sé ina chuideachta, an t-ainmhí a thabhairt leis cionn is gur "fríth" é.
Sin an dlí duit!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Finders Keepers?………Nach mbeadh sé simplí damhsa timpeall rialacha amaideacha mar na cinn sin?