…agus mé ag siúil ar maidin.... ag gabháil buíochas chuig na déithe uile as ucht an peata lae seo; Dia na gaoithe ar dtús, agus é ag cogarnach trí géaga lom na gcrann, trí na cairn duilleog agus iad ag brioscarnach fúm, an corr duilleog eile ar snámh go leisciúil go talamh; Dia an tsolais ansin, ag spalpadh lonrachais agus teas bog orm óna príomh oibrí, an ghrian, ansin Dia an uisce, foinse na beatha, uisce folláin taiscumar mo cheantair ag lapadaíl go ciúin ar mo thaobh. Bím ar neamh go minic gan bogadh ró fhada ón tigh…
Ansin go hobann do bhuail diúracán dearcáin anuas ar mo chloiginn bocht mé.
Cén teachtaireacht a bhain leis an síol suaithe spadhrúil seo?
Níor ghabh mé buíochas chuig Dia na gcrann? an í an fhadhb?
Nó an raibh cúis níos achrannaí taobh thiar an t-ionsai?
Ab é diúracán as na Flaithis!?
3 comments:
Táim in éad ort. Nárbh dheas do lá diamhar!
Ní raibh ann ach go raibh an Fómhar do bheannú le cion...:-)
Ní mé an bhfuil na déithe in éad lena chéile agus an líon mór díbh ann!
Nach uaigneach bheith ar na déithe agus gan lucht d'adhartha bheith ann?
Post a Comment