Wednesday, December 02, 2009

Ciunas

Bím balbh le déanaí, balbh maidir le scríbhneoireacht ar aon chuma, cad é sin, tocht na samhlaíochta? Nó tocht na hacmhainne, sin é sílim, cén fáth gur fágadh éagumasach mé? Ní hé le rá nach bhfuil mórán ar siúl i mo shaol, b’fhéidir go bhfuil an iomarca ar siúil sna pócaí difriúla uile agus de dheasca sin braithim fragmented, cosúil le tiomántán crua a éiríonn mall de dheasca, cá bhfios? An iomarca oibriochta agus imoibríochta. An bhfuil cosúlacht idir inchinn agus tiomántán crua? Tá cnaipe defragment uaim!

3 comments:

Fearn said...

Sílim ar uairibh go maith leis an aigne sos beag.
Lig di, agus tiocfaidh sí ar ais lán spionnaidh

Hilary de Bhál, bn. Mhic Suibhne said...

Go raibh maith agat.

ormondo said...

An chruthaitheacht agus an chuimhne araon: is fearr a fheidhmíonn siad uaireanta nuair a thugtar neamhaird orthu le feadh tamaill...