Sunday, January 17, 2010

Club Leabhair NYC

Tháinig an club le cheile inné san Ionad Gaelach, Long Island City. Bhí duine is fiche í láthair, dream iontach dar liom. Bhíomar ag plé Sobalsaol le Padraig Standún. Bhí tréimhse spraíúil againn. Chaitheamar am mhaith ag caint faoi na daoine fásta a bhí ina bpríomh charachtair sa scéal seo, mar bhíodar go léir chomh dona sin! Ní dóigh liom go raibh ceann ar bith sa leabhar seo fíor tarraingteach-bhíodar uile inchreidte .....agus iad féin lárnach, mór astú féin, lag, truamhéalach agus beagmhaitheasach! Bhí buachaill amháin mar charachtair sa scéal agus é soineanta, macánta go leor ar dtús, (ró shoineanta dar liom agus é ocht bliana d'aois, d'iompaigh sé é féin mar pháiste 4 bliana d’aois i slite,) agus roimh deireadh an leabhair ba bhréagadóir é. Bhí ról nach beag ag collaíocht, díoltais, agus éad ann chomh maith gan trácht ar andúil in alcól; comhábhair tábhachtacha i ndráma lonnaithe san aonú aois fichead…Bhí craic againn á phlé!
Ba chaillteoiri an cuid is mó acu siúd atá luaite thuas agus ní raibh éinne againn ró shásta ag an deireadh. Níl réiteach ar bith ann. Luaigh ball amháin gur cheap eisean go raibh seans ann gur éirigh an Standúnach bréan den dream a chothaigh sé. Cheapas féin go raibh sé ag iarraidh sinn a choimeád inár suí –( inár ndúiseacht) go deireadh- agus sin cúis an chais hobainn ar chúrsaí sa bhailchríoch.
Ar ndóigh ba shobal saol an leabhar go hiomlán é agus an cheist is mó a tháinig aníos eadrainn ná an bhfuil seans ar bith ann go bhfuil daoine mar iad seo ina mbeatha áit ar bith umainn anois? (Níl sinne mar iad ar chor ar bith, in aon slí, riamh, choíche, am ar bith, in aon chor, ní go deo na ndeor, ní go brách, ) An féidir a rá go bhfuil aon réalaíoch sna sobal scéalta mar an ceann atá sa leabhar seo nó na cinn a fheictear ar an teilifís? Cén fáth go bhfuil na cláir seo chomh coitianta agus mór la rá agus a bhíonn siad? An éalúchas ón ngnáthshaol iad nó an scátháin atá iontu?
Tar éis a bheith inár léirmheastóirí / lochtóirí tamall bhí orainn a admháil go raibh an leabhar scríofa i stíl deas beoga, go raibh fuinneamh agus réalaíoch sa chomhrá nádúrtha sin agus cé nach mór litríocht é gur bhain gach aoinne sult as an leabhar a léamh.
Ba dhomhnán an dream againn inné le ionadaithe páirteach ó Mhaigheo, Muineachán, Gaillimh, Béal Feirste, Luimneach, Ciarraí, Queens, Brooklyn, The Bronx, New Jersey, Long Island, Connecticut agus Manhattan, buí le Dáithí Mac Laughlin, eagraí den scoth. Buíochas chomh maith le Brian Ó Broin a chur creatlach mhaith ar an gcruinniú le liosta plécheisteanna áirithe.
Cuireadh fáilte romhainn ó stiúrthóir an t-ionad seo, Paul Finnegan, agus beimid thar n-ais ag tús an chéad ráithe eile, ar an 10ú Aibreáin, agus an leabhar An tAthair Pádraig Ó Duinnín- Bleachtaire le Biddy Jenkinson idir lámha againn.
Bí linn.

3 comments:

Mise Áine said...

Is iontach an méid atá á dhéanamh agaibh thall, a Hilary! Maith sibh uile, agus bainigí sult as an gcraic uilig!

Bhain mé sult as an léirmheas...:-)

Anonymous said...

Tá se go deas go bhfuil an Ghaeilge beo beathúil i SAM, maith sibh.

Unknown said...

Tá Biddy go maith - níl aon amhras faoi. Caithfidh mé an leabhar a léamh. Spreag an blag mé! Maith thú a Hilary.