Thursday, January 14, 2010

Éalúchas

Bhíos ag éisteacht le Mountain Stage le déanaí agus chuala mé na mná seo, Dala, ag canadh. Thaitin siad go mór liom ag am agus fós. Tá stíl shimplí dhíreach seanfhaiseanta acu agus guthanna glana acu leis. Tá an ceann seo brónach go leor, fear óg buanbriste tar éis timpiste bhothair agus é ag feachaint siar... agus an ceann seo dóchasach agus éadrom.
Tá fuaim na mban seo tarraingteach dar liom, go h-áirithe agus sinn ag féachaint ar anróití an tsaoil in Haiti agus tíortha eile ag tús 2010.

2 comments:

John Shanahan said...

Go raibh maith agat! Beidh siad ag seinm i Chicago an mí seo chugainn:
Dala
2/19/2010 8:00 PM at Old Town School of Folk Music
4544 N Lincoln Avenue, Chicago, Illinois 60625

Beidh mé ann.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Bá chóir doibh teacht go NYC!!
Ní fiú áit níos congaraí ná Chicago.
H