Wednesday, March 10, 2010

An Domhan Breac / The Speckled World: The World of the Modern Irish Language Writer.

Anois is arís iarradh orm filíocht a léamh, is aoibhinn liom filíocht mar sin bím lán sásta é a dhéanamh. Ní bhaineann ach fadhb amháin leis: Cén ceann a roghnú? Tá an t-uafás againn sa Ghaeilge agus is minic a bhíonn sé deacair ceann a roghnú.
Abair sé bliana ó shin sílim chuir mé féin agus cara liom, Úna, tráthnóna filíochta le chéile san Earrach inár gceantar féinig, i dtigh Úna. Scaipeamar an focal lenár gcairde idir na Gaeilgeoirí agus iad gan Ghaeilge, agus sa deireadh chaitheamar tráthnóna iontach le chéile ag léamh filíochta, ag caint faoi fhilíocht go ginearálta - sean fhilíocht, filíocht nua aimseartha - idir Gaeilge agus Béarla, ó phinn scríbhneoirí mór le rá agus ó phinn daoine gan cáil agus ó phinn daoine a bhí i láthair chomh maith. Mar a tharla bhí beirt fhile proifisiúnta inár measc an tráthnóna sin, duine amháin acu a oibríonn sa Ghaeilge, Cathal Ó Searcaigh, agus an duine eile sa Bhéarla, Billy Collins, ach ní rabhadar ann ach mar sinn uile, daoine le suim i bhfilíocht bailithe le chéile i gcomhair comhrá. Bhí timpeall cúigear duine déag ann an lá sin agus léigh gach duine againn píosa nó dhó. Bhí an ócáid go breá agus dúirt an dream gan Ghaeilge nár chuir an easpa teangan isteach orthu , bhíodar in ann taitneamh a bhaint as na bhfocail féin, gluaiseacht agus rithim srl. . Bhí fíon go flúirseach agus bia simplí blasta againn chomh maith snas a chur ar an ócáid.

Ar aon nós thar n-ais go dtí croí an scéilín seo, is é Trén bhfearann Breac le Colm Breathnach ceann de na dánta a roghnaím go minic mar déanann sé cur síos ar saol dhuine a bhíonn idir dhá shaol, agus tuigim go mór é sin. Is í Ceist na Teangan le Nuala Ní Dhomhnaill ceann eile a roghnaím má bhím os comhair mic léinn mar sílim go dtugann an dán sin dóchas d’fhoghlaimeoirí, gur fiú an teanga a fhoghlaim, go bhfuil sí tábhachtach agus gur obair an tsaoil atá ann.

An deireadh seachtaine seo braithim go bhfuil mo smaointe ag comhchlaonadh….. Beidh Nuala Ní Dhomhnaill ag tabhairt léachta leis an teideal “An Domhan Breac / The Speckled World: The World of the Modern Irish Language Writer.” Is é seo an ócáid bhliantúil I ndíchuimhne ar Bharra Ó Donnabháin.
Beidh an léacht seo ar siúil ar a 7 iar nóin, i Glucksman Ireland House.
One Washington Mews, NYNY 1003 (ascaill a cúig agus sráid a hocht)
Beidh fáilte romhat.

Cuir suíochán in áirithe, glaoch ar 212-998-3950 (option 3) nó rphost ireland.house@nyu.edu. Tuilleadh eolais anseo.

2 comments:

John M O Donoghue said...

Bhain sult as an óiche a Hilliary.

Séamas Poncán said...

Go hiontach ar fad. Bíonn filíocht in An Gael gach aon eagrán, agus bíonn fáilte roimh dhánta ó gach éinne - mura miste leat sin a lua le do chairde?
An bhfuil a fhios agat gur fhoilsigh mé féin dara leabhar filíochta? An File agus Araile (An File ar Buile atá ar an gcéad cheann). Ar fáil ag angael.magcloud.com.