Friday, March 05, 2010

An tSeachtain seo Chaite

Bhí an tseachtain seo chaite suimiúil. Mar a luaigh mé bhí cúpla imeacht ar siúil. Ar dtús an oíche sin sa chonsalacht a luaigh mé cheana, roinnt pictiúr anseo. Bhí dream maith i láthair, déarfainn timpeall 70, agus chuir Breandán agus a bhean chéile, Carmel fáilte mhór roimh gach éinne mar is gnách. Bhí cúpla focal ón leas-chonsal, Breándán ansin ón aire Dara Caleary ansin ó Phádraig Ó Cearúil, mé féin, amhrán ó Art Hughes agus ansin thug Carmel ról Eibhlín Dhubh Ní Chonaill agus í ag caoineadh ar a grá Art…..

Failtiú roimh an Teastas Eorpach na Gaeilge a bheidh ar siúl i mbliana i New York University a bhí i gceist agus bhaineamar uile sult as an teacht le cheile.

Ansin faraoir, bhuail stoirm sneachta isteach orainn an lá dár gcionn agus le dhá throigh den stuif bán i New Rochelle ní raibh an tarna suíochán sa bhuaile againn- bhí orainn ár Lá na Gaeilge 2010 a chur ar ceal. Aithníodh an díomá i nguthanna na daoine ar an bhfón tráthnóna an Aoine gruama sin ach ní raibh dul as… Táim ag iarraidh leis an gcoláiste teacht ar dáta eile a bheadh oiriúnach agus tá súil agam go mbeidh sé socraithe taobh istigh seachtain nó dhó.

2 comments:

Mise Áine said...

Tá an nádúr láidir, a Hilary - beidh lá eile ag an bPaorach...:-)

Anonymous said...

Is deas a Hiliary go bhfuil sibh ag seasamh an fód ar son na Gaeilge i Nua Eabhrach agus go bhfuil doine ag foghlaim an teanga ársa agus go bhfuil TEG taréis teacht go Méiriceá.