Friday, July 30, 2010

Aisíoc Grámhar.

Tá cara mo mhic ag dul faoi scian inniu. Chuadar amach le cheile luath aréir chun uachtar reoite a fháil sa pharlús reoiteoige, nós samhraidh sa tír seo. Thug sí an scéal dó. Is bean óg chróga naoi mbliana déag d’aois atá inti. Tá sí ag iarraidh a shaol a thabhairt thar n-ais dá hathair; tabharfaidh sí ceann dá duán dó inniu. Chuala mé go raibh eisean ana bhreoite le cúpla bhliain anuas ach ní raibh a fhios agam go raibh sé ag feitheamh ar duán úr. Ní raibh an t-eolas sin amuigh. Níl a fhios ag mórán dá cairde fiú go bhfuil sí san ospidéal inniu, choimeád sí an scéal dí féin. Go dtaga an bheirt acu slán abhaile.

3 comments:

aonghus said...

Áiméan.

Agus misniúil.

Mise Áine said...

Nár laga a gCé ise ná a hathair, agus go dtugtar slán sábháilte sláintiúil abhaile an bheirt acu.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Chuireas ar aghaidh bhur smaointí trí mo mhac.
Tá an bheirt acu go maith. Tháinig sise abhaile ón otharlann inniu.