Wednesday, May 18, 2011

Emerald nó Jade?

Bhí Banríon na Breataine,  Eilís II, in Éirinn aréir.  Bhí cuma an deas ar fad uirthi nuair a tháinig sí anuas staighre an eitleáin i Baldonnell. Ní raibh trioblóid aici leis an staighre agus í ag dul in aois anois. Rinne sí gáire le hÉamon Gilmore a raibh ansin mar fháilteoir oifigiúil na tíre. Bhí sí ag caitheamh cóta agus hata uaine.
Chuala mé ar RTÉ go raibh "Emerald" uirthi.
Tá an nós agam éisteacht leis an nuacht ó BBC gach maidin mar bíonn sé craolta ar an stáisiún áitiúil WNYC. Chuala mé ar an gclár BBC seo gurb é "Jade" an dath a bhí á chaitheamh aici. Cosúil le gach ceist eile a tháinig aníos inné agus is dócha na cinn a dtiocfaidh aníos le linn an turais seo níl an freagra díreach - braitheann sé.

D'éist mé le roinnt agallamh ar RTÉ ar maidin agus bhí tuairimí chomh difriúil ag na daoine maidir leis an gcuairt seo gur thosnaíos ag smaoineamh nach bhfuil féiniúlacht chultúrtha fós soiléir nó láidir i gcroíthe cuid mhaith againn. Tá Poblacht na hÉireann fós óg. In ainneoin aon dúil inmheánach atá ionainn - tá ceangail láidir fós idir na tíortha nach ceart súil a dhúnadh air, bíonn cuid den cheangal seo dearfach agus cuid eile diúltach.

"Sure, she's just a head of state, she can come here like any other head of state. " - Ceart, ach níl stair na hÉireann fite fuaite le stair aon tír eile ar domhan, an bhfuil?
"She shouldn't be here, she won't give us back the six counties. " - Ach ní dóigh liom gur féidir léi an cinneadh sin a dhéanamh ina haonar? an dóigh leat?
"It makes no difference to me whether she comes or not, nothing to do with me" - An bhfuil suim in aon ní ar thalamh an domhan agat?
"Why should we care about what happened back then, we weren't even alive" - Go bhfóire Dia orainn!

....agus araile.

Chonaic mé inné go raibh sráid Úi Chonaill folamh, duine ar bith den phobal ann, a bealach dúnta, gach rud faoi smacht. Chonaic an tréimhse a chaith sí sa Gairdín Cuimhneacháin, agus nuair a chuala mé God Save The Queen ansin bhain sé geit asam ar feadh soicind, ansin dúirt mé liom féin gan mhoill -  Ach d'éirigh leo

Ar thug éinne scéal Clann Lir di?

Gairdín Cuimhneacháin
"An Aisling" le Liam Mac Uistin
I ndorchacht an éadóchais rinneadh aisling dúinn.
Lasamar solas an dóchais agus níor múchadh é.
I bhfásach an lagmhisnigh rinneadh aisling dúinn.
Chuireamar crann na crógachta agus tháinig bláth air.
I ngeimhreadh na daoirse rinneadh aisling dúinn.
Mheileamar sneachta táimhe agus rith abhainn na hathbheochana as.
Chuireamar ár n-aisling ag snámh mar eala ar an abhainn. Rinneadh fírinne den aisling.
Rinneadh samhradh den gheimhreadh. Rinneadh saoirse den daoirse agus d'fhágamar agaibhse mar oidhreacht í.
A ghlúnta na saoirse cuimhnígí orainne, glúnta na haislinge.

Agus inniu, tá plean aici cuairt a thabhairt ar Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann  aitheantas a thabhairt do na hÉireannaigh a bhfuair bás in airm na Breataine. Uimhir ard go leor -agus fíric nach bhfuil i mbéal na ndaoine cé go bhfuil a fhios ag cách go bhfuil sé fíor. Ba shlí bheatha é dul san airm sa 19ú haois déag, bhí Éireannaigh sa Boer War fiú, agus nuair a cuireadh an glaoch amach le linn an chéad cogadh domhanda d'fhreagair go leor fir óga in Éirinn é.  Rud a tharla arís sa dara cogadh domhanda. Rith sé liom go ndéantar dearúd ar na hÉireannaigh seo go minic, na cinn nár filleadh go hÉirinn, de dheasca bás nó breoiteacht nó easpa muiníne tar éis an cogaidh chathartha- sa deireadh shocraigh cuid acu siúd sa Chelsea Hospital.

os chomhair an Royal Hospital Chelsea


Emerald nó Jade?  Braitheann sé.

Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann
Chelsea Pensionners

5 comments:

ormondo said...

Emerald nó Jade?

Cá bhfios?

Ar aon nós thaitin do bhlagmhír go mór liom.

John said...

Chuala mé tuairisceoir eile ar an mBíb ag glaoch "St. Patrick's Blue" ar dhath an ghúna...


Cheapas féin go raibh cuma na gcailíní Aer Lingus uirthi!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Hmm.. St Patricks Blue, nach é sin an dath atá ar an mbrat ríoga, taobh thiar den cláirsí, agus an gorm atá ar an Union Jack?
....ach tá an cheart agat, cinnte - ba é ghormghlas Aer Lingus a bhí uirthi!

Anonymous said...

GRMA as "An Aisling" a phostáil, toisc nach bhaca mé é roimhe. Taitníonn sé go mór liom.

An bhfuil an leagan Francaise ag éinne?

Mike

Jacinta said...

Bhi an bhrón orm nuair a chuala mé go raibh sí ag teacht ar dtús, níor cheap mé go raibh sé ceart agus anois nuair a chuala mé go raibh sí sa Gháirdín Cuimhneacháin. Is áit an speisialta é seo, ní dóigh liom go dtuigeann sí é i gceart.