Thursday, May 12, 2011

An té nach bhfuil láidir caithfidh sé a bheith glic.

(brú ar an ngriangraf agus tiocfaidh ceann níos mó aníos)

Tá cuma bhreá ar mo dhuine anseo, ach cá bhfuil sé? Cheapfá ar an gcéad dul síos gur áit éigin in Éirinn atá sé, ach níl.....
Níl sé in Éirinn ar chor ar bith ach i dtuaisceart stát Nua Eabhrac, píosa ó thuaidh ó Ticonderoga. Bhí sé i gcónaí aisteach dom a thuiscint go mbainfí sult as créatúr mar é a mharú i seilg, a eireaball a ghearradh uaidh mar bhronntanas - nuair nach ndéanann sé mórán trioblóide d'éinne. Ní dóigh liom go bhfuilid ag iarraidh na sicíní a chosaint, nó fiú díoltas a dhéanamh ar an gcréatúr, nuair a bhíonn dream ar thóir madra rua, tagann fuinneamh eile isteach san áireamh, aoibhneas na seilge.

4 comments:

ormondo said...

Dúil sa tseilg a bhíonn i gceist, faic eile.

Is breá an grianghraf é.

Anonymous said...

"Ní dóigh liom go bhfuilid ag iarraidh na sicíní a chosaint". Conaic mé sléacht ag sionnach uair. 300 sícín, an líon cró ar fad, sínte marbh i ndiadh briseadh istean an tsionnaigh. Ní ar mhaithe le bia, ach cionn is go bhfuil an nadúr sin ann. Maraíonn ainmhí ainmhithe eile. Is dóigh go bhfuil imir den dúchas sin sa duine freisin.
Níl ainmhithe maoitheach!


Fearn

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Níl -300 sicín -Ní bheadh an radharc sin ró mhaith, an mbriseann an dúchas céanna trí súile an tsealgaire mar sin, fonn, ní sa seilg, ach sa mharú féin… . agus go bhfuil an fonn céanna faoi smacht againn uile an chuid is mó den am. Ceist a bhaineann le cumhacht níos mó ná spórt.


Chaill Blogspot nóta faoin ábhar seo ó Ormondo Dé hAoine .

Mise Áine said...

@ aoibhneas na seilge.
agus
@ Ceist a bhaineann le cumhacht níos mó ná spórt.

Sin é, faraor.

@ Chaill Blogspot nóta...

Tharla an rud céanna domsa ar mo bhlag, a Hilary. Murach Aonghus, agus a Google Reader, bheadh mír iomlán caillte agam - chuir sé cóip chugam...:-)