Tuesday, March 27, 2012

Costas Skittles agus Tae Reoite?

Tá sé deacair dom labhairt nó scríobh faoin ionsaí le harm i bhFlorida mí ó shin, ach bíonn an scéal ag dó na geirbe agam ó chuala mé é, níos mó ná sin fiú - cuireann sé déistin orm - deacair dom a léamh gur chaill Trayvon Martin a shaol de dheasca tragóide. Dúnmharaíodh é - sin a tharla. Is gá é sin a rá arís is arís eile, dúnmharaíodh é. Déagóir seacht mbliana déag d'aois ag siúl abhaile ón siopa gan arm....Ba dhúnmharú toiliúil, réamhbheartaithe é dar liom, tuigim go bhfuil daoine áirithe ag rá nach féidir teacht ar an bhfírinne gan fianaisí, gan an scéal go hiomlán a bheith againn. Ach tuigim rud amháin, go raibh gunna i lámh an fhir sin agus ba eisean an duine a bhí ag loiceadóireacht thart ar na sráideanna ag lorg trioblóide agus ag lorg cáile de shaghas éigin do féin; bhuel tá sé aige anois mar dhúnmharfóir. An raibh gunna uaidh?  Is í sin ceist lárnach an scéil seo.

Bhí píosa sa pháipéar inné ó pheann Paul Krugman. "Florida’s now-infamous Stand Your Ground law, which lets you shoot someone you consider threatening without facing arrest, let alone prosecution, sounds crazy — and it is. And it’s tempting to dismiss this law as the work of ignorant yahoos. But similar laws have been pushed across the nation, not by ignorant yahoos but by big corporations." Tuilleadh anseo.

Bíonn i bhfad níos mó uisce faoi thalamh ná mar a cheapfá....dar leis. Tá scéalta ag teacht amach faoi Trayvon anois, nach naomh a bhí ann (an é sin le rá go raibh an t-ionsaí tuillte aige?)....Ach ag an bpointe seo smaoiním ar mhuintir an déagóra seo agus iad goillte, agus sochaí Mheiriceá goillte leo. Tá brón orm a rá go bhfuil an tír iontach seo ag dul in olcas fad is a glactar le leithscéalta an dúnmharfóra seo. Cén fáth go raibh sé ar thoir an fhir óg le gunna? Tuige nár ghlac sé an comhairle a thug 911 dó? Gan dul ar thóir aon duine.

Tá mac agam féin atá píosa beag níos sine ná Trayvon Martin, nuair a bhí mo mhac seacht mbliana déag d'aois bhí sé ard, 6' 3", agus an tanaí leis cosúil le Trayvon, agus bhíodh hoodie i gcónaí air thar an tréimhse sin.  An mbeadh eisean i mbaol i bhFlorida? - oh, dheineas dearmad a rá - is fear óg geal é....

19 comments:

April said...

Is mór an trua é go bhfuil daoine ann atá sásta tuairim a bhaint as scéal gan na fíricí nó in aghaidh na fíricí, agus ach go hairithe as meáin na heite chlé atá ciontach as bréag i ndiaidh bréige a scaipeadh cheana féin. Níl ceann ar bith acu ina foinse mhaith ar chór ar bith. An ndearna tú dearmad cheana ar Rathergate, na hinnill nach raibh ag pléascadh i gceart agus phléasc na ''híriseoirí'' féin iad, den ghaol atá ag Obama le Bill Ayers, an cionachas a bhí Obama sásta éisteacht leis ina Black Liberation Church ó Rev. Wright, na bréaga faoi daoine ag tabhairt nigger ar daoine gorma ag Rallies an Tea Party agus Sharah Palin, cás fhoireann Duke LaCrosse, an Jena6, agus na hionsaí ar daoine geala mar gheall ar gur daoine geall iad nach raibh clúdaithe ag na meáin...agus níos mó nach iad!

Scaip a léithéid d'ABC, CNN, agus an NYT ach go hairithe ,scéal faoi fhear geal ar scaoil buachaill gorm beag géalgáireach mar gheall ar gur buachaill gorm ag siúil thart i bpoiblí é. Buachaill ina aingeal beag bídeach gan smal ab ea é de réir an phreasa agus bhí na póiliní ag iarraidh na coire a cheilt agus an fear geala a chosaint. Agus ar ndóigh, tá an locht ar fad ar 'racists' na heite dheis agus dlí Stand Your Ground.

Agus thosaigh lucht na heite chlé ag éileamh mob justice ón tús. Rud nach ndéanann muid sa tír seo.

Agus tá cúis an-mhaith nach gcleachtann muid mob justice sa tír seo.

Mar gur tháinig sé amach cheana féin nach sa scéal ach an t-éitheach ó thosach deireadh. Is fear Hispanic den sloinne Indiach as Peiriú le hathair Ghiúdach é George Zimmerman. Fear an dtugann Hispanic air féin. Tá Spáinnis bhreá líofa aige. Ball de na Democratic Party é ina dteannta lena bhallraíocht sa Neighborhood Watch sa nGated Community sin. Thar éis robáil agus fadbhanna sa gcomharsanacht sin, déir sé ag iarraidh a bheith cinnte nach gadaí é an buachaill mar nach raibh aithne acu air sa gcomharsanacht a bhí sé. Nuair atá na taifeadán 911 agus na finnéithe cloiste ina n-iomlán, tugann siad tacaíocht de scéal Zimmerman agus na póilíní.
Agus cé nach mbeadh a fhios ón bpictiúr a scaip na meáin atá ó 5 bhliana ó shin agus é 12 bliana d'aois, ní aingeal beag bídeach gealgáireach é Trayvon,.Buachaill gur ndearna ionsaithe ar Zimmerman ina áit fanacht leis na póilíní, de réir na bhfinnéithe.

Meas tú, a Hilary, go mbeadh an tír seo i bhfad níos fearr as gan daoine aineolacha atá sásta tuairímí a bheith acu gan fianaise? Ceard faoi daoine nach raibh tada foghlamtha acu ón mbréaga ar inis na meáin cheana, tá sásta na meáin a chreisdiúint fós?

B'fheidir gurb iad an fhadbh sa tír seo..daoine nach bhfuil meas mada acu ar an bhfírinne? Daoine cosúil leatsa agus Paul Krugman.

An bhfuil aon rud le rá agat faoi na nionsaí ar daoine geala, das? Go hairthe na cinn atá déanta ag Black FlashMobs? Na Black Panthers ag bagairt ar Zimmerman, rud atá mídhleathach? Na meáin ag scaipeadh an scéal fós gan é an cheartú? Tada le rá agat?

Séamas Poncán said...

Tour de force sin, a April! Bualadh bos!
Bualadh bob ort, a Hilary, faraor. Ní mór don uile dhuine bheith an-amhrasach faoi na meáin chumarsáide mainstream - fiú faoin uachtarán seo, a bhíonn i measc na chéad daoine chun léim ar chúis mar seo, diabhal fíricí ná ceart aige de ghnáth. Is droch-shampla é, gan aon agó.

April said...

Cén chaoi a bhfuil tú a Shéamais? : )

Agus go raibh maith agat. : )

Tá daoine ag déanamh dearmad ar rud éigean atá an-tábhachtach. Is féidir le duine bás a fháil agus duine ag bualadh do cheann ar an talamh mar sin.

Bhuail duine fear eile chun bháis anseo i Rockford fiú. Ní theastaíonn gunna uait chun dúnmharaithe a dhéanamh.

http://www.wifr.com/home/headlines/Man_Faces_First_Degree_Murder_Charges_After_Bar_Brawl_144372595.html

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A April,
Go raibh maith agat as do theachtaireacht.
Tá a fhios againn ó gach foinse nár ghlac Zimmerman an chomhairle a fuair sé ó 911 agus go raibh gunna aige. Anois tá fear óg ar shlí na fírinne. Is cúis bhróin é sin amach is amach. Is cuma cén scéalta a thagann amach faoi Trayvon Martin anois.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Shéamais,
Ní comórtas scéalaíochta atá ar siúl anseo. Ní lia duine ná tuairim, - tá buachaill 17 mbliana d'aois marbh.

Colleen Donnelly said...

A Hilary,

Aontaím leat go hiomlán. Níor chóir Zimmerman a bheith tar éis Trayvon le gunna. Is trua sin ach tá sé an cultúr in áiteanna mar Florida, agus Arizona, áit a bhfuil mé i mo chónaí anois.

(Bhuail mé leat ag Seachtain na Gaeilge in Esopus in 2010.)

April said...

Mar sin, 'seard a dhúirt tú gur cuma leat faoi na sonraí atá ag teacht chun solais a chruthaíonn nach raibh na tuarascálacha a chuir na meáin amach ar an gcéad dul síos fíor ar chor ar bith. Glacann thusa le droch-eolas ó droch-fhoinsí chomh fada is atá an t-eolas céanna ag tabhairt tacaíocht de do dhearcadh cúng, agus tá tú ag déanamh neamhairde d'fhíricí eile atá ag cur isteach ar an dearcadh cúng céanna.

Tá cupla nóiméad nach bhfuil a fhios ag duine ar bith ceard a tharla. Thusa san aireamh, a Hilary. Níl duine ciontach de choir mar gheall ar go raibh gunna ina sheilbh. Níl an ceart agat ionsaí a dhéanamh ar duine mar go bhfuil sé do do leanúint amháin gan bagairt ort in aon slí, go hairithe i ngated community. Níl fianaise ar bith agat go bhfuil an gunna ina lámh roimh an ionsaí a ndearna Trayvon air nó nach raibh. Is cosula nach raibh. Dá mbeadh Zimmerman ag bagairt air mar sin, ní dóigh liom go mbeadh Trayvon ag déanamh ionsaí ar bith air. Ach cá bhfios fós?

Agus níl Travon neamhciontach mar gheall ar go raibh sé 17 mbliana d'aois agus marbh.

Na glaoigh ina iomlán:
http://www.youtube.com/watch?v=zFRP545ZhP8
http://www.examiner.com/unsolved-cases-in-national/george-zimmerman-s-911-call-transcribed

Deir daoine go mbeadh sé ceart agus cóir fan go bhfuil na fíricí uilig againn, ACH..

Cuireann do mheon cúng aineolach rud éigin i gcuimhne dom. Céard é sin? Cén sort daoine atá ar intinn agam? Ó is cuimhin liom. Daoine ina seasamh taobh amuigh de jail éigin. Taobh istigh, duine gorm nó duine geal agus coir curtha ina leith. DAS, níl sé fíor go raibh daoine gorma amháin crochta i lynchings, agus níor chroch iad mar gheall ar gur daoine gorma iad. Bhí siad crochta ag na cúiseanna céanna a bhí fir gheala crochta ag lynch mobs. Tharla coir. Bhí duine gafa agus chreideann daoine go bhfuil an duine ciontach. Bhí fearg ar an slua. Uaireantaí, níor scroicheadh an duine bocht nó daoine bochta ''ciontach/a'' an jail , fiú! Fianaise? Ní theastaíonn a léithéid! Bhí sé soiléir go raibh an duine ciontach! Mar a dhúirt thusa, a Hilary, cé go bhfuil sé ceart agus cóir dúinn uilig fánacht go bhfuil na fíricí againne, an scéal ina iomlán, rud a tharla i rith fiosrú agus más gá ina dhiaidh sin, cás cúirte..bhuel , ba cheart fánacht ACH...

Ó..agus muide ag caint faoi do mheon cúng agus do chuid aineolais, a Hilary...cur i gcás gur bhuachaill geal é Trayvon, cuma air go raibh sé ag 'casing' na títhe sa mbáisteach thar éis gada'iocht sa gcomharsanacht, agus cur i gcás go ndearna Trayvon geal ionsaí ar Zimmerman....an gceapann tú nach mbeadh aon bhaol de dhuine geal atá ina ''thug'' a bheith marbh sa gcas céanna? Cén fianaise a bhí agat roimh ráiteas chomh áiféiseach a rá nach mbeadh? Ó sea..brón orm..rinne mé dearmad..ní theastaíonn fianaise roimh ráiteas aineolach asatsa!

April said...

A Cholleen, sa tír seo , tá muid in ainm is a bheith meas againn ar a chéile mar SAORánaigh in ndairríre, dhuine ar leith gach aon uile ceann againn. Tá muid in ainm is a bheith meas ag gach aon cheann againn ar an bhféiniúlacht agus ar an indibhidiúlachas. Ní trua é ar chór ar bith go bhfuil an ceart againn cinneadh a dhéanamh chun an rud is fearr dhúinn a dhéanamh, chomh fada is nach bhfuil an rogha céana ag cur isteach ar 'cearta diúltacha' daoine eile..
Is mór an trua é go bhfuil daoine ann atá ag iarraidh cur isteach ar cearta diúltacha dhaoine eile, agus a dtoil féin a bhrú ar dhaoine eile nó a maoin a éileamh agus araile.
Ligeann dhuit do rogha rud a dhéanamh. Mura mbíonn suim da laghad a bheith agat thú féin ná do mhaoin a chosaint le gunna, tá an ceart agat, agus ní bheidh ort gunna a cheannach.
Ach sa gcultúr seo, ligeadh thusa mise mo rogha féin a dhéanamh chomh maith. Agus mar bhean, sílim féin go bhfuil sé tábhachtach gunna a bheith agam. Déanann an gunna cothromaíocht idir mise agus duine éigean eile atá ag iarraidh mo chearta a sharú mar go bhfuil seisean/siadsan níos láidre ná mise.
Má tá na roghanna sin atá ag daoine sa gcultúr seo ag cur isteach go mór ort, tá saoirse agat. Is féidir leat fágáil am ar bith. Tá beagnach gach aon uile tír ar dhroim an domhan faoi cineáil éigean 'Collectivism', ina bhfuil na roghanna uafásacha sa saol seo bainte díot ar son agus ar mhaithe na 'sochaí'. Is féidir leat thú féin a chur faoi gach aon uile sórt Sóisialachais nó Cumannachas, le fascism ar an taobh nó gan fascism má thaitníonn sé sin leat...má bhíonn an tír sin sásta glacadh leat.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Sin é a Cholleen. Níl rud ar bith cearr le Neighbourhood Watch ...... déanann gach dea-comharsa a leithéid de rud go nádúrtha, agus is breá comharsanacht a oibríonn le chéile, go háirithe ar son a mbaill atá leochaileach i slite difriúla, ní ionann sin agus faire le gunna a dhéanamh sa cheantar.

Tá súil agam go bhfeicfidh mé tú in Esopus arís i mbliana.

April said...

** go háirithe ar son a mbaill atá leochaileach i slite difriúla, ní ionann sin agus faire le gunna a dhéanamh sa cheantar.**
..............................

Nach bhfuil an fimínteacht atá agat do-chreidte!

Cé atá níos leochailí ná an duine aonarach le mob granna dúire nach sásta fánacht le fianaise agus fiosrú ceart ar bith ina aghaidh? Cé atá níos leochailí ná duine aonarach agus na meáin chumhachtacha ar a thoir i WitchHunt mar gheall ar go bhfuil na Statists ag cailliúint na díospóireachta faoin cén tslí a bheas an tír seo ag dul..... i dtreo Collectivism nó ar ais donár mBunreacht?

Bhí seans cupla focal réasúnta a rá in aghaidh ruda chomh gránna le mob míréasúnta agus in aghaigh an chiníochais atá ar thaispeáint ag an mob céanna. Agus ní raibh tú in ann cé nach dteastaíonn mórán crógachta ar bith é rá ar bhlag beag i mionteanga.

Dá mbeadh fear armtha ag déanamh dúnmharbh, ceard a dhéanfá ar son duine ar bith a bheadh faoi ionsaí? Tada. Gabh i bhfolach agus breathnófa orthu ag fulaingt ag fáil báis, ag fanacht leis na póilíní. Ní bheifasá in ann iad a shábháil.
Níl mé ag rá go bhfuil sé ceart dhuitse gunna a bheith agat, ach sábhalann gunnaí daoine go minic. Agus tá an ceart ag daoine eile gan a bheith ina síocháiní ceartaiseacha cosúil leatsa, más mian leo.

Séamas Poncán said...

Scríobh H:
"Ní comórtas scéalaíochta atá ar siúl anseo. Ní lia duine ná tuairim, -"
Ach nach é? Níl ann ach scéalta is tuairimí, agus lucht radacach
na cúise cine ag bagairt báis ar Zimmerman. Is cumasach agus tábhachtach iad scéalta is tuairimí má dhéantar dochar mar seo leo.
"tá buachaill 17 mbliana d'aois marbh."
Sin an t-aon fhíric fós, agus glaicim leis.

Colleen Donnelly said...

A Hilary,

Go raibh maith agat. Beidh mé ar ais an samhraidh seo, le cúnamh Dé.

Una McGillicuddy said...

Taim cinnte faoi tri rud.

1. Da mba rud e go maraiodh George Zimmerman sa choimlint a tharla idir an mbeirt - go mbeadh Trayvon Martin faoi ghlas anois.

2. Da leanadh Zimmerman comhairle na bpoilini gan Martin a leanuint, bheadh an buachaill beo inniu.

Ghlaoigh Zimmerman ar na bpoilini iomai uaire roimhe seo, agus lig se do na polini deileail le pe 'disturbance' a bhraith se.
Sin ba choir do a dheanamh san ocaid seo.

3. Tiocfaidh an fhirinne amach faoin gcas seo sna cuirteanna, le cunamh De. Ach ta firinne mhor le feiscint trid an gcas seo - go maireann buachailli gorma faoi scath ciontachta - "walking while black". Ni doigh liom gurb e sin an 'probable cause" a bhi i gceist ag ar "Founding Fathers" nuair a scriobh siad an Ceathru Leasu in ar mBunreacht.

April said...

Ó agus níl a fhios ag éinne go dteastaíonn cás cúirte fós. B'fhéidir nach dteastaíonn agus b'fhéidir go dteastaíonn. Cén baint ag an Mob atá tú ag glacadh pairte ann leis na torthaí ba cheart a thiocfaidh amach as an bhfiosrú?

Agus an bhfoghlaimeoidh sibh aon rud an uair seo nar fhoghlaim sibh ó Richard Jewell nó an Jena 6 nó na cásanna eile ar tharla roimhe seo?

Aon rud le rá agat faoi na Black Panthers fós? Thug mé faoi déara nach bhfuil sibh ag éileamh pionós ar bith? Níl sibh ag éileamh fiosrú, fiú.
An dteastaíonn Talking Head ar an IdiotBox uaibh chun a bheith cinnte cén mothúchán is PC agus ceart a bheith agaibh? Ní bheidh outrage go ndearfár a bhfuil outrage ann.

April said...

1} Tá mé cinnte dá mbeadh sé ag labhairt le póilín in áit operator 911, bheadh an ceart agat faoi rud amháin ar a laghad.

2} Tá mé cinnte nach bhfuil fianaise agat faoin ráiteas faoin buachaillí gorma ag maireachtáil faoi scáth ciontachta. Tá postanna quota agus pribhléidí eile dóibhsean amháin, rud nach bhfuil ceart ná cóir. Cé hiad na buachailla a bhí gafa mar gheall ar go raibh siad ag 'walking while black'?

3} Tá mé cinnte nach mbeadh muid ag caint faoi Zimmerman da mbeadh sé marbh, agus Trayvon ciontach as. Níl suim dá laghad i gcollectivists cosúil leatsa agus Sharpton faoi daoine atá gortaithe nó marbh. Bhí go leor ionsaí déanta ag daoine gorma ar daoine geala, go hairithe ó 2008, agus níor chuala mé focal asaibh nó as na Collectivist Race Baiters eile. Mharaigh daoine gorma 49 duine gorm eile fíu, páistí cuid acu fiú, agus níl sibh ag déanamh géaráin. Cén fáth? Dá mbeadh an fhulaingt na ndaoine i gcásanna eile ag goileann oraibh i ndarrírre, bheadh rud éigin le rá agaibh faoi na coir eile. Ach tá sibh i bhur dtost futhu.

Thug mé faoi déara go mbíonn flashmobs ag déanamh ionsaí ar daoine geala mar gheall ar gur daoine geala iad i Dixon Il, Chicago, Philly agus áiteacha eile..ach níl Collectivist race baiters sásta caint faoin 'Black Mobs". Youths a thugtar orthu. Ach tá sibh sásta sa gcás seo a gur duine geal é Zimmerman{cé nach fear geal é ar chór ar bith}.
Cosúil leis an raiteas faoin cuma a bhí ar Trayvon ag an uachtaran nach gcuireann isteach oraibh beag ná mór. Cén fáth?

Anonymous said...

Spléachadh maith ar an "Aisling Meiriceánach" agat, a Hilary!

Stócach a bhaineadh a bheatha de, agus níl éinne ciontach ach eisean fhéin!!

Ach nach maith an "iarraim cúis" é le rámhaillí poliitíochta a chuir in airde???

An bhfuil deireadh le caint stuama?



Fearn

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Grma as do nóta a Fhearn,
Léiríonn an méid scríbhneoireachta atá thuas ana chuid -
is í do cheist an ceann is tábhachtaí sa deireadh, dar liom.

An bhfuil deireadh le caint stuama?

April said...

Buíochas leis na meáin nua a chuir a ndrochiompair faoinár mbráid, is léir go raibh na meáin liobrálacha ag scaipeadh bréag ARÍST . Ó na fírící nach raibh fíor go dtí an taifeadán a chuir NBC in eagar , tá na meáin liobrálacha i dtriobláid i gceart. Briseadh scapegoat amach as a phost ag NBC, de réir an stáisiúin féin.

Ach bhí 'fhios againn gur dhrochfhoinsí iad ar an gcéad dul síos. D'Inis siad bréag roimhe seo. Nach ndearna siad a léithéid aríst agus aríst eile? Bhí an sort drochiompair seo ag daoine na heite chlé sna meáin agus áiteanna eile ó na seascáidí, fiú.

Nach ndearna mé féin trácht thuas ar Editgate , Rathergate, SpittleGate agus a léithéid? Níl leithscéal ar bith ag na meáin ar a gcuid drochiompair, agus níl leithscéal agat ach a oiread aon scéal ar bith a scaipeadh nach raibh bunaithe ar an bhfírinne. Níl aon leithscéal scéal ar bith a scaipeadh ó dhrochfhoinsí.

Má bhíonn caint stuama uait i ndáiríre, is féidir leat ceartúcháin a dhéanamh ar an scéal ag bun an scéil, agus leithscéal a ghabháil. Is cuma nach íriseoir proifisiúnta thú, tá ceartúcháin agus leithscéal de dhíth.

Níl mórán dochais agam, áfach, go ndéanfaidh tú a léithéid. Mar nuair a tháinig na fíricí amach, diadh ar ndiaidh, ní raibh athrú intinne ort. Níor ghlac tú le haon eolas ar bith nach raibh ag tabhairt tacaíocht den idé-eolaíocht agus meon atá agat cheana féin.

Léiríonn do chuid scríobhnóireachta ''ana-chuid'' freisin. Léiríonn scriobhnóireachta Fhearn agus Una ''ana-chuid'' chomh maith. Chuir sé Tammany Hall agus slua de dhaoine ag tabhairt tacaíocht dóibh chun fír ionraice ag troid in aghaidh voter fraud a chur i jail i gcuimhne dhom. Chuir sé an sort meoin atá ag daoine atá sásta daoine gorma a chrochadh ó lampposts i gcuimhne dhom. Cén fáth nach mbeinn ag troid go dtréan in aghaidh meoin mar sin? An gceapann tú go bhfuil sé ceart dhom meas a bheith agam ar dhuine nach bhfuil meas madra acu ar dhuine ar bith eile mar dhuine? Nó meas a bheith agam ar dhuine nach bhfuil sásta ghlac le fianaise chun a bheith cinnte go bhfuil a gcuid tuairimí ''valid''.

Ar dhúirt mé rud nach raibh stuama?

Ní mise an duine nach raibh sásta fanacht le fianaise chun breithiúnas a dhéanamh. Nó neamh-aird a thabhairt ar fhíricí chun é choinneáil.

Ar smaoineamh tú faoin méid atá scríofa agat, agus cé chomh uafásach is atá sé?

Maidir leis an aisling thart anseo, aisling frith-collectivist é, buíochas leis na Founding Fathers. Agus nuair a tháinig tú anseo, bhí tuiscint againn go nglacfá leis sin, a Hilary. Ní temp service í an tír seo. Is tearmann na heite dheis ó collectivists é. Nuair a thagann daoine anseo, ba cheart dóibh glacadh leis sin agus leis ar mbunreacht.Ba cheart dóibh meas a bheith acu ar cheartacha diúltacha, agus a gcuid collectivism a fhagáil ina ndiaidh. Ba cheart dóibh tacaíocht a thabhairt de na ceartacha diúltacha atá ag gach duine eile.
Is iad an chúis go bhfuil an saibhreas seo againn.

Cén fáth go bhfuil tú anseo má bhíonn tír na heite chlé uait?

April said...

Seo dhaoibh nascanna go dtí na dlí 'Stand your Ground'' i dlí Fhlorida. Bhí siad de dhíth mar gheall ar go raibh daoine cuisithe ag cúisitheoirí craiceáilte i gcasanna ina rabh siad ag cosaint iad féin ó fhórsa mharfach , go hairthe ina tithe féin.

http://www.leg.state.fl.us/statutes/index.cfm?App_mode=Display_Statute&URL=0700-0799/0776/0776.html
http://www.leg.state.fl.us/statutes/index.cfm?App_mode=Display_Statute&Search_String=&URL=0700-0799/0776/Sections/0776.013.html

Níl aon difraíocht idir ALEC agus an NRA agus grúpaí cosúil le Progress Now agus an NAACP, seachas atá ALEC ag tabhairt tacaíocht de Jeffersonian Principles, Margaí Saora, agus laghdiú de chaiteachas an stáit.

Bíonn siad ag cosaint cheartacha atá inár mbunreacht féin.

{Is iad na grúpaí a bhí Krugman ag déananmh tráchta orthu.}

B'fheidir go mbeidh tú agus Krugman in ann úsáide a bhaint as na gunna a bhí ag dul thar an teorainn theas chun troid in aghaidh na ceartacha atá againn sa mbunreacht..ó ..'sea..Fast agus Furious..

Ceartacháin ag teacht go luath, nach mbeidh?