Wednesday, July 13, 2005

Lá na Gaeilge i bPetersham, Massachusetts

Chaitheas an deireadh seachtaine i bPetersham Massachusetts ag Lá na Gaeilge faoi choimirce Siobhán Gallivan agus Siobhán Ott ó ionad chultúrtha Ár dTeanga Féin, bunaithe i Worcester.
Bhíomar ar an mbóthar ag 6:3o maidin Sathairn agus shroicheamar, mé féin agus mo chara Eibhlín, tigh galánta Shiobháin Ott timpeall a deich, tar éis turais compordaigh trí New England. Chuir fuaimeanna ceolmhara fáilte romhainn agus sinn ag dul thar an tairseach; bhí ceardlann amhránaíochta ar siúl le Kate Chadbourne agus soiléir dúinn go raibh an dream ag baint suilt as. Ní nach ionadh le Kate curtha i mbun, bean éirimiúil, lách, álainn atá inti.

Ansin gach duine le cheile agus tar éis tamaill ghearr ag cur in aithne le caife, lean obair an lae le ceachtanna na Gaeilge. Bhí ceithre leibhéal le fáil ann agus timpeall caoga páirteach. Is iontach an rud é a fheiscint, sílim, dream ag foghlaim na Gaeilge agus ag baint suilt as ár gcultúr agus iad uilig chomh díograiseach seo, ag iarraidh an teanga a úsáid idir na heachtraí chomh maith agus í príomhtheanga an lae.

Tar éis lóin, leanamar le scéal cois tine ón “scéalaí” Mark Lamoureux faoi Balor agus cuid dá eachtraí, ansin scannán maidir le mná i stair cheoil na hÉireann faoi stiúradh Gearóid Ó hAllmhuráin: De réir dealraimh tháinig uirlisí de gach saghas chuig an pobal i dtuaisceart Chiarraí agus Luimnigh agus deisceart Contae an Chláir ar na loinge a bhíodh ag teacht aníos an Sionnainn go Faing Inis agus cathair Luimnigh. Bhíodh orthu píolótaí na habhann áitiúil a fháil an turas seo a dhéanamh agus le sin, fuair cuid mhaith des na daoine áitiúla obair laethúil ag bogadh earraí srl. agus ar ndóigh fuaireadar seans teacht ar ana chuid uirlisí nach raibh le fáil riamh sa cheantar sin nó aon áit eile sa Tír. Bá é an concertina ceann des na huirlisí seo, agus is cosúil gur éirigh an concertina coitianta ag na mná ón t-am seo amach.

Chuir an t-eolas seo mise ag smaoineamh ar mo chúlra in iarthar Luimnigh arís, is cuimhin liom go raibh concertina ag mo sheanmháthair cé nár chlois mé í ag seinm ach b‘fhéidir trí uair ar a mhéad. Níl sé ach trí seachtaine anois ó bhíos amach ansin in aice Aughinish, an oileán beag seo ar rugadh m’athair, mo shean tuismitheoirí agus mo shinseantuismitheoirí uilig. Bhraitheadar a bheagán nó a mhórán ar an abhainn. Is cuimhin liom m’athair a rá go raibh uncail aige ina choimeádaí solais ar Charraig an Eich, carraig mhór go leor, suite i lár na Sionna. Ba mhór an onóir dó siúd an cúram seo, théadh sé amach ina bháidín rámhaíochta gach maidin le éirí na gréine an solas a mhúch agus, ar ais leis gach uile tráthnóna é a lasadh arís! Bhíodh air ola a fháil ó Faing Inis agus í a thabhairt amach go rialta i mbairille, rinne sé an jab seo a shaol iomlán idir Shamhradh agus Gheimhreadh, aimsir bhreá agus, ar ndóigh níos tábhachtaí, in aimsir anróiteach……….Ach táim ag scinneadh glan ó scéal an lae.

Ar ais go Petersham, Mass. Bhí ranganna na Gaeilge sa thráthnóna, ansin léacht shuimiúil le Gearóid faoin bhliain cheilteach fadó in Éirinn agus na nósanna ársa a bhíodh acu agus cuid acu fós beo in iarthar na tíre.

Tar éis dinnéir bhlasta agus roinnt dí bhí an t-ádh dearg orainn! Tháinig ceoltóir ab ainm Randal Bays, cara le Shiobháin Ott agus le Gearóid Ó hAllmhuráin, agus cuireadh ar siúl ceolchoirm den scoth. Randal ar a fhidil agus ar ndóigh a chomhbhádóir, Gearóid, ar a choncertina. Tháinig dream eile isteach chugainn chuig an cheolchoirm nach raibh ann i rith an lae agus bhí oíche dar saol againn. Bhí Randal agus Gearóid chomh compordach ag seinm lena gcois go gceapfá go gcaithfidís gach oíche i gcomhluadar le cheile ….. Bhí Lizzy Burch ag damhsa dúinn, Siobhán Ott agus Kate Chadbourne ag canadh dúinn, agus bhain dream beag triail as an gCaledonian Seit fiú. Rith sé liom arís go dtéann an teanga, an ceol, an amhránaíocht, agus an béaloideas le cheile go foirfe, méadaíonn gach ceann acu ár lúcháir i suíomh mar seo, roinnt daoine tagtha le cheile gan chomórtas, i dtigh clainne flaithiúla, ár gcultúr a cheiliúradh. Bhí Gaeilge le cloisint beagnach go maidin agus sinn ag iarraidh fadhbanna an domhain a réitigh!

4 comments:

Conn said...

Ritheann sé liom arís, a Hilary, gur treise go mór é an cultúr Gaelach thar lear ná mar atá sé ag baile!

Is cosúil go raibh deireadh seachtaine an-bhreá agaibh, agus is breá an insint atá agat air.

Anonymous said...

Foirfe an lá é! Beidh mé ann an bhliain seo chugainn.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ritheann sé liom arís, a Hilary, gur treise go mór é an cultúr Gaelach thar lear ná mar atá sé ag baile!

Bhíodh an tuairim sin agam uair. Ní fheadar anois, an rud is mó a bhraithimse ná tá sé níos éasca a bheith bródúil as do chultúr nuair a bhíonn tú thar lear. Nílim a rá go mbíonn speclaí bándearg orm féin ag féachaint siar, ní hé sin ar chor ar bith, b‘fheidir an mhalairt! ach silim go bhfuil radharc níos soiléire agam anois.
Bíonn daoine áirithe anseo le bunadh Ghaeil agus daoine in Eirinn ar ndó, a thugann tacaíocht dár gcultúr, agus brón a rá, cuid eile ann agus is cuma leo. Ní amhain é sin ach bíonn siadsan míshasta le dream na tacaíochta, cén fáth? Ní thuigim, duirt cara agam a chaith a shaol ag obair ar son na teanga anseo i N.Eabhrac, go mbíonn náire orthu, agus mar sin go mbíonn siad i gcónaí ag gearán fúinn agus faoi ár gcuid oibre. Féach ar an rí rá faoi stádas na Gaeilge…………



Bíonn sé deacair dom teacht ar dhaoine in Eirinn a bhíonn toilteanach an Ghaeilge a labhairt, ach amháin iad siúd atá aithne agam orthu cheanna féin (agus an t-eolas agam go bhfuil an fonn orthu.) An rud céanna anseo ámh, tá dream mhaith Éireannaigh anseo i Nua Eabhrac agus mar shampla is minic a bhuailim le duine i bPub, abair, nó áit mar sin. Má luaim an teanga nó má bhím ag iarraidh a fháil amach an bhfuil suim acu sa teanga bíonn drochfhreagra, nó díchreideamh…..An rud céanna in Eirinn, má fágaim “Go raibh maith agat” i siopa éigin nó le duine éigin bíonn an freagra, “Oh tá suim agat sa teanga anois os rud é go bhfuil tú i do Yank” i mBéarla ní gá dom a rá, níl focal acu agus mar sin bíonn an tuairim acu nach bhfuil sé ceart í a labhairt. Is cuma liom anois fúthu agus a gcuid tuairimí. Níl an fuinneamh agam a mhíniú dóibh siúd cén fáth go bhfuil fonn orm an Ghaeilge a labhairt………...an bhfuil ar muintir na Fraince a mhíniú an fáth go labhraíonn siad an Fhraincis pé áit sa domhan atá siad?

Anonymous said...

Bhí eispéaras cosúil leis agam freisin sa tír seo. Bhí mé ag obair le ceimiceoir as Éirinn bliain ó shin. Chuir mé an ceist uirthi ?“ An bhfuil Gaeilge agat? Duirt sé liom “Tá! “ Ansin dúirt sí liom i mBéarla: “ Ar ndóigh d’fhoghlaim mé Béarla ar dtús!” Is cuimhin liom smaoineamh ag an am sin an ndeireadh aon duine as tír eile mar sin? (Tíortha gan Béarla mar teanga dúchais). Ait. I gach dtír bíonn cuid maith daoine is cuma leo faoina gcultúr agus bíonn grúpa eile a bhaineann sult as a gcultúr. Pé tír. Creidim go bhfuil an seasamh diúltach seo chun an teanga i measc cuid daoine in Éirinn amháin. (síolchur sean sasanach ag obair?) Tá grúpa sa tír seo agus in Éirinn gan fonn Gaeilge a fhoghlaim agus tá fonn acu nach foghlaimíonn tú an teanga freisin!! An bhfuil éad orthu nó faitíos orthu? Eagla a bhainteá sult as an Ghaeilge agus chinn siad a bheith ina gcainteoirí Béarla amháin agus mar gheall air sin bheadh siad ar iarraidh rud éigin. Níl fhios agam. Is mearbhlach é. Tá áthas orm go bhfuil an chuid na Gaelscoileanna ag breisiú in Éirinn. Agus tá suim sa teanga sa tír seo ag breisiú fós.