Wednesday, August 31, 2005

The New River Gorge, West Virginia.





Tá Eimhín le feiscint anseo ag kayaking sa New River an tseachtain seo chaite.




Le bheith macánta b’é teacht ar an abha seo cuspóir an turais ón dtús. Tá suim nach beag ag Paraic, Eimhín agus Cian sa Whitewater kayaking, os rud é nach féidir le Eoghan an iomlasc Eiscimigh a dhéanamh fós níl an spéis céanna aige ann. Bhíodh Paraic páirteach i saol na kayakers agus sinn in Eirinn. Chaith Eimhín tamall san abha seo, The New River trí nó ceithre bhliain ó shin le comhlacht Adventure Quest agus chualamar na scéalta go léir.

Is abha mór le rá í i stair an uisce fhiáin agus ní raibh a fhios agam go raibh sí chomh dainséarach go dtí go bhfaca mé na easanna agus nuair a chuala mé torann na n-easanna.
Tá an droichead seo dochreidte, uair amháin sa bhliain bíonn parachuting, bungy jumping agus a leithéid uaidh………

Monday, August 29, 2005

Iar Virginia


Bhí orainn stop i gcomhair lóin áit éigin agus os rud é go raibh an léarscáil agamsa roghnaigh mé Clifton Forge, san Allegheny Mts. Appalachia. Isteach sa bhaile beag linn ag iarraidh teacht ar siopa chaife no bialann shimplí. Ba sheanbhaile traenach é sna sléibhte i gceantar mianadóireachta, West Virginia. Dhúisigh gach duine sa charr ag súil le bia.
Is fearr liom fanacht ó na sreangshiopaí móra, más féidir, bíonn siadsan mar a gcéanna gach áit. Le sin bhíomar ar thóir áit deas áitiúil .....
Faraor, tháinig ciúnas orainn agus sinn ag tiomaint timpeall an bhaile seo. Bhí gach ré foirgneamh dúnta agus cuma bhróin ar na sráideanna. Bhí fógraí crochta ag tabhairt tacaíochta chuig “ Ár mbuachaillí in
Iraq. Ní raibh éinne le feiscint ag dul timpeall, cá rabhadar? Baile na taibhse a bhí ann. Ag deireadh an bhaile bhí caife beag agus bhí na fuinneoga chomh salach sin nach raibh suim agam gabh isteach ann ar chor ar bith. Chonaiceamar bialann iodálaigh ansin, ar oscailt, ach fógra ar an bhfuinneog “Cook wanted”. Thiománamar timpeall arís, bhraitheamar an lagar spride a bhí ann, ní raibh an baile seo beo agus sláintiúil. Bhí sé soiléir go raibh bochtanas nach beag anseo, cé go raibh Halla an Bhaile galánta go leor. B’fhéidir gur dhún cúpla sean comhlachtaí nó gur cuireadh deireadh leis an traein teacht trí an bhaile nó stopadh anseo? Ní bheadh a fhios agat.
Bhí díomá orainn, ag féachaint ar na foirgnimh. B’éigin dúinn imeacht gan $ a fhágáil inár ndiaidh.
Ar dhul ar ais dúinn thánamar ar Pizza Hut in aice an príomhbhóthar Interstate 64

Saturday, August 27, 2005

Go Charlottesville, Va.

Ní raibh an turas go Charlottesville Va. ró fhada. Deirtear gur cathair í ach níl inti ach baile beag. Tá ollscoil poiblí Virginia suite anseo, coláiste a bhunaigh Tomas Jefferson. Chuamar ar chamchuairt an tsuímh agus cheapas go raibh sé an-suimiúil.

Is cuimhin liom gur bhaineas taitneamh as féachaint ar The Waltons i lár na 70’s. Go dtí sin bhíodh dhá phictiúr agam faoi na SAM. Ceann amháin, na buachaillí bó, an tarna ceann, na cathracha móra, mar LA agus NYC. Bhí na scéalta ó na Blue Ridge Mountains of Virginia an difriúil ar fad. Bhí an sraith sin bunaithe píosa ó dheas ó Charlottesville, b‘fhiorscéal é, féin beathaisnéis Earl Hamner, agus tá iarsmalann san áit sin anois i gcuimhne an clár teilifíse (ní sí i gcuimhne Earl Hamner?) Théadh John-Boy (E.H) ar an gcorruair go Charlottesville agus sa deireadh d’fhreastal sé ar an ollscoil ann.

D’fhanamar sa Boars Head Inn, óstlann ar bhruachbhaile Charlottesville. Bhí alán le déanamh san ionad seo ach ní rabharmar páirteach. Chuaigh na h-ógfhir ag rothaíocht agus ag snámh sa tráthnóna agus chuaigh an beirt againne chuig fíonghort na clainne King. Tá suim ag Paraic i bhfíon, táim lán sásta é a ól, ach ní bhím ag léamh faoi, nó ag dul chuig “Tastings” agus a leithéid. Ní fhaca sé an scannán Sideways, áthas orm a rá, agus ní bhíonn sé chomh dona sin ag fiach an fhíona…………..Ar aon cuma bhí taighde déanta aige roimh ré agus ar aghaidh leis an mbeirt againn ar thóir an fíonghort seo. Is cosúil go bhfuil aimsir na háite seo mar a gcéanna le aimsir an ghleanna Rhone, agus anois tá timpeall fiche fíonghoirt sa cheantar seo. Ach níl sé díreach mar atá sé sa bhFrainc. Má thagann aimsir fhuar ag deireadh an Earraigh úsáidtear helicopters i rith na hoícheanta fuara, na fíniúnacha a choimeád saor ón sioc le gluaiseacht an aeir! An ndéantar é sin sa Rhone Valley?

D’éirigh go maith linn ann agus fuaireamar dhá bosca. An oíche sin thánamar ar The Downtown Grille, so-bhlasta!

Thursday, August 25, 2005

Ansin cúpla lá i Washington.

Bíonn fonn ar Chlann tSuibhne i mbia maith i gcónaí agus bhí an t-ádh linn teacht ar McCormick and Smicks lárbhaile ar ascaill a K. Ní bhíonn an cúigear againn le cheile ró mhinic le déanaí agus is aoibhinn linn bia blasta agus chomhrá cliste. Ach is minic agus sinn le cheile a leanann comhrá na bhfear ar aghaidh mar phaidir chapaill faoi innill carranna nó gluaisrothair.
Bhíomar ar lóistín in óstlann ghalánta eile…The Hilton, i bPennsylvania Ave. (Buíochas arís le na pointí arda a tá bailithe ag Paraic de bharr a chuid turais gnó.) Tá sí suite cúpla chéad slat ón Tigh Bán ach ansin ní dheachamar ar chor ar bith.
Chuamar chuig The Museum of the American Indian. Bhí an ealaíon agus an t-eolas a bhí acu ar fheabhas agus ar ndóigh cad faoi na Incas? Bhí a gcuid ailtireacht i bhfad níos fearr ná ailtireacht na Spáinnise! Bhí sé thar a bheith suimiúil dar liom, cé gur theip ar gach duine eile sa chlann fanacht leis an bhfreastalaí go dtí deireadh a camchuairt.
Ba Hopi í siúd, agus go dtí seo ní raibh a fhios agam cé chomh tábhachtach agus atá an t-eolas fola seo dóibh. Faigheann treibheanna áirithe liúntais ar leith nach bhfaigheann gach uile treibh. Bíonn na liúntais seo bunaithe ar na seana conartha. Dúirt sise go raibh cead aici mar dhuine 100% Hopi dul chuig aon ospidéal sa tír agus aire a fháil gan cheist. Ní thugann an rialtas an cead seo duit muna bhfuil 25% dod chuid fola Hopi. Ach bíonn ar an treabh féin an phróifíl ciníche (racial profiling?) nó an tomhas fola seo a dhéanamh.Faoi láthair, a dúirt sí, bíonn daoine ag iarraidh a bheith páirteach leo sa treibh Hopi nach bhfuil 25% dá gcuid fola Hopi……Good God!
Bhí brón orm é seo a chloisint, go bhfuil orthu am a chaitheamh ar cúrsaí mar seo nuair atá fadhbanna níos mo acu ar na caomhnú Indiach dar liom, easpa oideachais, nó caighdeán maireachtála ró íseal, srl agus an gus bainte as codanna móra díobh fós……. Ní hé an scéal céanna roimh na Seminoles, ní fhaigheann siadsan aire saor in aisce sna hotharlanna, níor shínigh siadsan conradh riamh!

Bhíodh breis agus 500 teanga acu uair amháin, anois níl le cloisint ach fuílleach teangan. Ní raibh ceangail ar bith idir na teangacha seo nó idir na treibheanna fiú (Ba shin fíricí nua dom chomh maith) agus mar sin le galar, gunnaí, Bíoblaí agus drochchonartha ba léir nach raibh seans acu a gcultúir éagsúla a choimeád beo.

Monday, August 22, 2005

An teas i Maryland

Ar ais aréir tar éis seachtaine ag taistil ó Nua Eabhrac go Maryland, Virginia agus West Virginia. Beidh píosa gearr agam faoi na tréimhsí a chaitheamar sna áiteanna éagsúla.

Ar dtús bhuaileamar Baltimore, Maryland, tráthnóna Dhomhnaigh agus cé go raibh “plean” againn féachaint timpeall na háite bhí se ró the a bheith lasmuigh ag siúil……105 F nó 40.5 C. Bhí ár n-óstlann The Renaissance ana ghalánta ar fad agus í os comhair an Inner Harbor ach ní raibh sé compordach dul aon áit ar an gcé leis an teas sin, bhí radharc bhreá ó m’fhuinneog ar na longa arda áfach! Ach b’fhearr linne fanacht taobh istigh agus sinn ag léamh…ach cheapas nach raibh sé sin ceart ar ár gcéad lá!…. ar ais linn sa chart agus ó dheas go
Annapolis. Chaitheamar an tráthnóna ag snámh i Chesapeake Bay in ionad féachaint timpeall Baltimore. Ansin ar aghaidh linn go dtí baile Annapolis nó cathair Annapolis is dócha.... Is í Annapolis príomhchathair Maryland cé nach bhfuil sí ro mhór, tá cuma an deas uirthi, agus níos tabhachtaí duinne ní raibh sí chomh te le Baltimore de bharr an farraige. Bhí dream mór go leor ann idir turasóirí agus daoine áitiula ag baint taitneamh as an oiche ar na sráideanna ag ithe uachtair reoite.

Saturday, August 13, 2005

An Sean Scéal Arís…

Léigh mé alt ó pheann Anna Carey san Irish Times le déanaí, bhí sé san irisleabhar Dé Sathairn seo chaite. Luaigh sí an tréimhse a chaith sí sa Ghaeltacht agus an chraic a bhí aici ann dhá bhliain déag ó shin. Bhí agallaimh aici le scoláirí sa Ghaeltacht faoi láthair faoin nós seo atá in Éirínn na déagóirí a chur ann ar feadh coicíse nó trí seachtain. Saghas rite of passage!

Bhaineas féin an taitneamh as mo sheal sa Ghaeltacht, tá na hamhráin a bhí againn fós i mo cheann. Chaithimis gach oíche a bhí tirim taobh amuigh ag spaisteoireacht timpeall na háite, théimis amach fuinneog ár seomra codlata agus bhuailimis lenár gcairde as tigh eile. D’fheicimis, leis an solas laistigh, na múinteoirí go léir sa phub ag ól. Is cuimhin liom oíche amháin ag féachaint orthu agus an dream againne taobh thiar na toir lasmuigh agus sinn ag caitheamh pot. (Bhí sé seo deireadh na 70’s agus gnáth nós ag an am sin! Agus ar ndóigh bhí an stuif ana lag ar fad.) Bhí deirfiúr duine againn ar an ollscoil i UCC agus os rud é nár bhain sise sult ar bith as a tréimhse sa Ghaeltacht bhí brón uirthi ag fágáil slán linn agus sinn ag imeacht…”You poor things” a dúirt sí, “take this“ ba ise ár bhfoinse! Cheapaimis go rabhamar chomh dána! Agus go raibh an dream óg eile ag ól ana sheanfhaiseanta ar fad. Anois an mhalairt, anseo i NY is iad an dream seanfhaiseanta a mbíonn ag caitheamh an stuif sin. Is léir go bhfuil siad uile níos mó na caoga cúig bliana d’aois agus fós ag smaoineamh ar na ‘60s. Aging Hippies mar a déarfá!

Ar ais go dtí an Ghaeltacht, bhíodh ana chraic le fáil ag na céilithe, thit gach uile duine i ngrá, an chuid is mó againn don chéad uair. Bhí mo ghrágheal rua ó Chathair Chorcaí agus theip orm anois teacht ar a ainm…….. Ach peata a bhí ann! Agus scéal Anna san Irish Times... bhí síse ag caint faoin nGaeilge, ag rá gur tháinig a cuid Gaeilge ar ais chuici gan trioblóid ach amháin níor scríobh sí fiú abairt amháin sa teanga ina halt. Dúirt sí nach mbíonn uain aici an teanga a labhairt ina gnáth saol in Éireann. Cloisim é sin go minic agus sílim nach bhfuil ann ach leithscéal, is uirthi féin atá an locht mar níl fíor suim aici sa teanga. Más féidir liomsa an teanga a labhairt i NY tuige nach féidir léi agus daoine mar í rud ar bith a dhéanamh ar a son in Éirinn? Is ar an duine aonar an uain a chruthú agus ansin í a chothú.......Bíonn daoine áirithe i gcónaí ag caint faoin teanga in ionad ag caint sa teanga.


Ag imeacht amárach ar turas seachtaine go Washington, Virginia agus W.Virginia sa charr, an cúigear againn le cheile i gcarr amháin, ní tharlaíonn é sin go minic, ach le ceathrar tiománaithe anois………fuair Cian a cheadúnas tiomaint Déardaoin agus tá sé ar neamh. Beidh Cara sa chonchró ag an tréidlia agus na cait sa bhaile leo féin, cara dom ag teacht isteach chucu gach lá.

Tuesday, August 09, 2005

RPI agus T léine

Ag dul amárach ó thuaidh go North Creek. Beidh scrúdú ag Cian ceadúnas tiomaint a fháil thuas ansin…..Bhí sé ró mí fhoighneach fanacht go dtí go raibh seans aige é a fháil anseo agus ba bhreá liom cúpla lá saor, mar sin beidh dhá lá againn le cheile i dtuaisceart an stáit, seans cuairt a thabhairt ar RPI chomh maith in Albany agus sinn ar an mbealach maidin amárach.
Trying to get the hang of this tee shirt folding.........

Monday, August 08, 2005

‘Sé mo laoch…

Labhair an leabhair The Fountainhead le Ayn Rand liom i slí ar leith. Críochnaigh mé le déanaí é agus bhí áthas orm teacht ar an laoch sin, Howard Roark. Ní féidir a rá gur fíor duine a bhí in Howard ach barrshamhail d'fhir. Sílim gur iontach an rud é greim a choimeád ar bharrshamhailteacha agus iarracht teacht gar dóibh chomh minic agus is féidir.

Ba iad ionracas, fírinneacht, agus crógacht an duine aonair, téamaí an scéil…. Agus eisean ina sheasamh in aghaidh na sluaite ar son a thuairimí féin, crógacht ann a bheith féinlárnach ach gan a bheith féinspéiseach. Bhí Howard féinlárnach ach cineálta roimh an domhan mór. Bhí a chaighdeán féin aige agus ní raibh sé i gcomórtas le éinne ach amháin é féin. Dála an scéil is fiú an leabhair a léamh ma bhíonn suim i bhfealsúnacht Oibiachtúlachta agat.

Tar éis dom an leabhar a críochnú chaitheas tamall ag machnamh ar mo chéad cinneadh bunaithe ar smaoineamh oibiachtúil. Bhíos i gcónaí amhrasach faoi reiligiún eagraithe, bhuel, ó thosnaigh mé ag smaoineamh dom féin. Is cuimhin liom agus mise 13 bliana d’aois, mo mháthair ag chur brú orm dul chuig na faoistine…. bhí aimsir na Cásca ag teacht agus bhíodh orainn dul roimh an lá mór. Dúirt mé léi go raibh mé ann síocháin a fháil uaithi, ach níor chuaigh……(Caithfidh mé a rá nach raibh drogall orm de dheasca peacaí uafásacha!)….…..An bhliain dár gcionn do bhí níos mó crógachta agam...Dúirt mé léi nach raibh suim agam dul, go raibh sé níos fearr, dar liom, labhairt díreach le Dia dá mbeadh trioblóid agat.
Cheapas ag an am go mbeinn i dtrioblóid le mo thuismitheoirí ach bhí m’argóintí agam agus ní raibh plean agam bogadh…….ach dála an scéil ní raibh trioblóid ar bith, bhí ionadh orm ach dúradar OK, is leatsa an cinneadh sin…
Ní raibh a fhios agam ag an am ach cé go raibh creideamh láidir acu bhíodar amhrasach faoin gcléir nár bhfuaras amach go dtí go raibh mé i bhfad níos sine.

Anois tá orm teacht ar sampla eile ó mo shaol féin ach níl sé éasca!

Táim ag léamh Harry Potter and the Halfblood Prince anois, laoch eile agus baint níos mo aige siúd le saol an chine dhaonna ná Howard Roark, cé go asarlaí é ! Go dtí seo tá an ceann seo níos fearr ná an ceann deireannach sa sraith.

Friday, August 05, 2005

Oícheanta teo an Lúnasa

Bhí fear ag leagadh anuas crann ard i ngairdín mo chomharsa Dé Chéadaoin. Obair rúnda a bhí ar siúl mar níl cead na sean chrainn a leagadh anuas gan saghas cheadúnais ó rialtas an bhaile! Seanchrann darach a bhí i gceist. Go hobann tráthnóna Chéadaoin chailleamar ár n-aibhléis, níl sin ach tús an scéil.
Chonaic mé ó m-oifig go raibh rírá ar siúil taobh amuigh ar an mbóthar. Nuair a tháinig an crann anuas bhuail ceann dá ghéag ar líne tacaíochta an cuaille aibhléise atá ar an mbóthar idir ár dtithe. Bhris an cuaille. Bhí na línte aibhléise ag damhsa ar an mbóthar. Tháinig an briogáid dóiteáin ar dtús. Dhúnadar an bóthar.
Tháinig an comhlacht aibhléise, cúig trucail an mhór. Chuireadh ord isteach ar cuaille nua srl.
Sa deireadh bhí 31 tithe gan aibhléis ar feadh beagnach 12 uair ach bhíomar gan aibhléis beagnach 24! Níos mó ná éinne eile. Chailleamar ár ceangail idirlín agus teilifíse agus ar ndóigh ár fón chomh maith. Bhí bataire mo cellfón marbh ag an am agus anois ní raibh mé in ann aon rud a dhéanamh leis, agus ochón d’éirigh sé an te an tráthnóna sin agus bhíomar gan AC go dtí tráthnóna inné……..bhí sé idir 95 agus 100 céim F.

Monday, August 01, 2005

Féach orm! Nach bhfuil mé ar an taobh istigh?





Bhí orainn slán a fhágáil le Mailte, ar dheis, buanchara Céin maidin Sathairn, chaith séisean agus na cailíní, Becky agus Brittney oíche Aoine linne agus ansin bhí bricfeasta againn taobh amuigh diner i Katonah. Dhéanadh an ceathrar acu gach rud le cheile. Ghlac mé an pictiúr deas seo cúpla noiméad roimh na deora.............. Tá post ag athair Mhailte i Geneva anois agus ar ais leo go Eoraip inné. Bhí Mailte páirteach dár gclann mar ár gceathrú mac le tamall fada agus braithimid uainn é cheana féin. Cé nuair a bhí sé ar a laethanta saoire lena chlann féin bhíodh sé ar an nguthán le Cian gach lá, beidh sé aisteach gan é sa teach gach ré lá ar a laghad. Tá bunadh Ghearmáinise ag a chlann agus chaitheadar tréimhse ghearr i Meiriceá Theas roimh teacht anseo go NY sé nó seacht mbliana ó shin. Anois tá Géarmánis, Spáinis agus Béarla acu uile sa chlann.

Chaitheas tráthnóna Shathairn i Manhattan, bhí mo chara Úna i ndráma “The Frog Prince” sa 59E59 street theatre. Tá sí ag imeacht amárach leis an gcomhlacht go Edinburgh chuig Féile an Imill amach anseo. Is comhlacht é a bhaineann le drámaí bunaithe ar Síscéalta na hEorpa, go mór mhór ar iad scríofa le Na Deartháireacha Grimm. Is aoibhinn liom Síscéalta, fuair mé sean leabhar mar bhronntanas timpeall ceithre nó cúig bliain ó shin, Sídeóga ag Obair (Uilliam ua Riain do scríobh) curtha i gcló 1903. (..naoi bpingne!) ………..Tá orm é a léamh arís, sílim nach raibh na scéalta atá ann foilsithe riamh sa bhéarla. Bá dheas an rud é an nod a thabhairt do An Gúm nó Conradh na Gaeilge iad a chur i gcló uair éigin arís, Conradh na Gaeilge a chur amach an ceann seo atá agam.


Bhí Alt greannmhar san New York Times inné faoi na rudaí truamhéalacha a dhéanann daoine áirithe agus iad ag iarraidh a bheith “páirteach” lena dreamanna is faiseanta maidir le laethanta saoire, nó b fhéidir lena dreamanna is saibhre agus a laethanta saoire!

Tá málaí siopadóireachta le fáil agus cúig uimhir scríofa ar a dtaobh, muna a bhfuil tú páirteach ní bheadh a fhios agat gurb é Zip Code don áit áirithe a tá i gceist. Má théann tú chuig an áit seo bíonn an t-eolas agat, tá tu ar an taobh istigh! Ceann eile is ea an saghas fhógra a bhíonn ar chúl do charr. Mar shampla ACK. Cheap mise go soineanta gurb The Adirondack State Park a bhí i gceist. Áit choitianta le tree huggers agus a leithéid i rith an tsamhraidh. Trekkers, Iascairí, srl Ar ndóigh ní hé sin é ar chor ar bith. Is é ACK cód an Aerfoirt i Nantucket Island. Oileán mór le rá a chaitheann daoine saibhre agus cáiliúil a laethanta saoire. Cá bhfios? Soiléir nach bhfuilim ar an taobh istigh.