Saturday, August 13, 2005

An Sean Scéal Arís…

Léigh mé alt ó pheann Anna Carey san Irish Times le déanaí, bhí sé san irisleabhar Dé Sathairn seo chaite. Luaigh sí an tréimhse a chaith sí sa Ghaeltacht agus an chraic a bhí aici ann dhá bhliain déag ó shin. Bhí agallaimh aici le scoláirí sa Ghaeltacht faoi láthair faoin nós seo atá in Éirínn na déagóirí a chur ann ar feadh coicíse nó trí seachtain. Saghas rite of passage!

Bhaineas féin an taitneamh as mo sheal sa Ghaeltacht, tá na hamhráin a bhí againn fós i mo cheann. Chaithimis gach oíche a bhí tirim taobh amuigh ag spaisteoireacht timpeall na háite, théimis amach fuinneog ár seomra codlata agus bhuailimis lenár gcairde as tigh eile. D’fheicimis, leis an solas laistigh, na múinteoirí go léir sa phub ag ól. Is cuimhin liom oíche amháin ag féachaint orthu agus an dream againne taobh thiar na toir lasmuigh agus sinn ag caitheamh pot. (Bhí sé seo deireadh na 70’s agus gnáth nós ag an am sin! Agus ar ndóigh bhí an stuif ana lag ar fad.) Bhí deirfiúr duine againn ar an ollscoil i UCC agus os rud é nár bhain sise sult ar bith as a tréimhse sa Ghaeltacht bhí brón uirthi ag fágáil slán linn agus sinn ag imeacht…”You poor things” a dúirt sí, “take this“ ba ise ár bhfoinse! Cheapaimis go rabhamar chomh dána! Agus go raibh an dream óg eile ag ól ana sheanfhaiseanta ar fad. Anois an mhalairt, anseo i NY is iad an dream seanfhaiseanta a mbíonn ag caitheamh an stuif sin. Is léir go bhfuil siad uile níos mó na caoga cúig bliana d’aois agus fós ag smaoineamh ar na ‘60s. Aging Hippies mar a déarfá!

Ar ais go dtí an Ghaeltacht, bhíodh ana chraic le fáil ag na céilithe, thit gach uile duine i ngrá, an chuid is mó againn don chéad uair. Bhí mo ghrágheal rua ó Chathair Chorcaí agus theip orm anois teacht ar a ainm…….. Ach peata a bhí ann! Agus scéal Anna san Irish Times... bhí síse ag caint faoin nGaeilge, ag rá gur tháinig a cuid Gaeilge ar ais chuici gan trioblóid ach amháin níor scríobh sí fiú abairt amháin sa teanga ina halt. Dúirt sí nach mbíonn uain aici an teanga a labhairt ina gnáth saol in Éireann. Cloisim é sin go minic agus sílim nach bhfuil ann ach leithscéal, is uirthi féin atá an locht mar níl fíor suim aici sa teanga. Más féidir liomsa an teanga a labhairt i NY tuige nach féidir léi agus daoine mar í rud ar bith a dhéanamh ar a son in Éirinn? Is ar an duine aonar an uain a chruthú agus ansin í a chothú.......Bíonn daoine áirithe i gcónaí ag caint faoin teanga in ionad ag caint sa teanga.


Ag imeacht amárach ar turas seachtaine go Washington, Virginia agus W.Virginia sa charr, an cúigear againn le cheile i gcarr amháin, ní tharlaíonn é sin go minic, ach le ceathrar tiománaithe anois………fuair Cian a cheadúnas tiomaint Déardaoin agus tá sé ar neamh. Beidh Cara sa chonchró ag an tréidlia agus na cait sa bhaile leo féin, cara dom ag teacht isteach chucu gach lá.

No comments: