Tuesday, October 04, 2005

I bhfocal Maggie Thatcher “Out Out Out”

Tar éis éisteachta ar scéalta ó mharthanóirí Katrina agus Rita, rith sé liom go raibh sé in am dom glantachán a dhéanamh. Tá an iomarca stuife againn, gach áit. In ár gcófraí, i mo theach iomlán! Ar mo ríomhaire, (go mór mhór i mo Inbox) agus a leithéid. Tá saol níos simplí uaim, agus, an lá atá inniu ann, tá cuid den stuife breise seo ó dhaoine eile, níl sé uaim, agus an cuid eile oiriúnach don bhruscair.

Chuireas tús ar an gníomhaíocht seachtain go leith ó shin. Go dtí seo déarfadh mo cara Úna go raibh cuma minimalist go leor orm féin agus ar Pharaic i gcomparáid léi ach, Úna, fan go bhfeicfidh tú anois sinn.

Táthar tús a chur ar ghníomhaíocht mar seo i slite beaga. Céim ar chéim, ar eagla go dtitfeadh i bpoll éadóchais tú.

Ar dtús na cófraí sna seomraí leapacha, (as seo, nuair a théann rud nua isteach, ba chóir go dtiocfaidh rud éigin amach.) éadaí, bróga srl. Ansin fearas spórtúil!
Ansin seilfeanna. Níl an méid sin mhaisiúcháin uainn? Sa chistin: tá an iomarca soithí plaisteacha ann ón mbialann Indiach….. srl.. Lean mé mar seo agus gach uair a tháinig Paraic abhaile bhí málaí eile sa halla ag tabhairt fáilte roimhe, agus iad siúd ar a mbealach amach .
Ansin mo rhíomhaire. Tá córas nua agam déileáil le email fiú. Tháinig mé ar an scalladh teanga seo agus do thuig mé díreach go raibh an fear bocht ag dul ina ghealt. (Tá náire orm a rá go raibh breis agus míle nóta i mo Inbox de dheasca leisce agus an méid a thagann isteach gach lá, ní chreidfeá, os rud é go raibh mé ró leisciúil spam blockers nua a ceangal ann srl.) |
I bhfocal Maggie Thatcher féin “Out Out Out “ a dúirt mé.
Má bhíonn sé tábhachtach téann sé i gcomhad díreach, muna bhfuil, sa bhruscair. Fuaireas comhairle anseo a bhí ana mhaith ar fad.
Níl ach naoi gcinn sa diabhal inbox inniu.

Ach is cath síoraí é.

2 comments:

Séamas Poncán said...

Maith thú, a Hilary. Thosaigh mé cúpla rud a dhíol ar www.ebay.com le déanaí, mar bíonn an iomarca againne i gcónaí. Táimse uafásach olc mar sin! Agus le déanaí, thosaigh mé bheith ag iarraidh mo chuid r-phost a léamh gach lá, gan iad a ligeant dul i méid gan a léamh - mar a bhí an nós agam. Tá sé ag éirí liom le cúpla seachtain anuas.
Ná caith amach aon rud tábhachtach, mar sin féin!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Is cath laethúil é an dabht, ach is fiú é sa deireadh. Glanaim amach an inbox gach lá roimh dúnadh síos.
Lean ar aghaidh leis.. (agus ná déan dearmad na clúdaigh réamhíoctha a thagann sa junk mail seilide a chur sa phost ar ais agus iad folamh!)