Bhí cur síos sa pháipéar inniu faoi Councillor ó Pháirtí an Daonlathais i mBrooklyn, bhí sé os chomhair na cúirte ansin de dheasa airgid breise a bhfuair sé ó fear gnó sa cheantar sin, níos mó ná an méad atá ceadaithe i gcúrsaí polaitíochta na tíre seo. Fuair sé timpeall $7000 breise agus chaith sé go h-iomlán é ar chostasacha an toghcháin. Ar aon nós, níor éirigh go maith leis sa chúirt agus fuarthas ciontach é, mar ba cheart dó. Anois tá sé i mbaol téarma ocht mbliana sa phríosún.
(Cé atá sa phost District Attorney i mBrooklyn agus i coinne mo dhuine sa chúirt ná an polaiteoir a bhí ina choimhlinteoir sa toghcháin céanna……………Hmm.)
Rud eile, tuigim go bhfuil rialacha éagsúla idir polaiteoirí agus “gnáth” daoine gnó ach cad faoi an méid airgid a goideadh ó Tyco agus Enron…………….Ní fheadar cén fhad a bheidh ar D. Kozlowski a chaitheamh i bpríosún, níl sé sin socraithe fós, ach tá sé ráite go mbeadh idir ocht agus fiche bliain á chaitheamh aige. Ní fheadar cé mhéad mhilliúin a ghoid sé……..na céadta, timpeall $150,000,000……….Beidh sé suimiúil féachaint ar an difríocht idir na téarmaí a fhaigheann an bheirt acu.
Chaith mé uair nó mar sin le Br Ó Cuinn inné. Luaigh mé é san alt thíos "Foinse Eolais" (14ú Méan Fómhair) Tá sé i dtigh Bhanaltrais anois agus i bhfad níos fearr. Tá plean aige dul ar ais chuig a theach féin in aice choláiste
Fuair mé freagra ó
"...
Sin a bhfuil.
No comments:
Post a Comment