Monday, September 12, 2005

Snowball sábhailte?

Bhí saghas pairilise orm ón tseachtain seo chaite. Ní ó mo dhroim, tá sé sin i bhfad níos fearr, buíochas le Ibuprofen, ach ó na scéalta brónacha a bhí le cloisint ó dhubh go dubh ar an raidió agus ar an teilifís faoi dídeanaithe Katrina. Ansin bhí dinnéar agam le cúigear banchairde oíche Aoine agus fuaireas an t eolas ó duine acu go raibh Snowball sábháilte. Sin madra an bhuachalla a luaigh mé cúpla lá ó shin. Tá súil agam go bhfíorscéal é, ní chuirfinn aon rud thar lucht na bpáipéar níos mó a dhíol.
Bhíos ag smaoineamh ar mo pheataí féin agus chomh deacair a bheadh an cinneadh iad a thréig i mo dhiaidh dá mbeadh orm éalú mar sin, gan rud ar bith liom ach na héadaí a bheadh orm. Is sean madra í Cara anois, tagann sí gach áit liom agus codlaíonn sí ina leaba féin in aice mo cheannsa, agus na cait,…. tá siad bliain go leith anois. Is cat mór maorga é Púca. Tá Banba, a dheirfiúr, i bhfad níos lú agus ní bheidh sí mór riamh mar tá bac uirthi. Ní féidir léi siúil i gceart de dheasca rud éigin cearr lena guaillí agus tá cuma bacach uirthi i gcónaí. Tugann Páraic “Hopalong” uirthi, mo phiscín bocht! (Cheapfá óna cuma nach bhfuil sí ach piscín fós.) Tá leaba acu sa cistin ach uair éigin i rith na hoíche tagann an bheirt acu aníos ar mo leaba agus bíonn siad ansin, lán compordach gach maidin ar mo chosa.

No comments: