Wednesday, September 07, 2005

Tá na scéalta ag teacht amach.

Ghortaigh mé mo dhroim inné. Bhíos ag obair le cara agam ar maidin sa seomra na Gaeilge i leabharlann Uí Riain i gcoláiste Iona, tháinig pian orm sa charr ar an mbealach abhaile. Chaith mé cúpla uair san oifig ach sa deireadh bhíos ag obair ar an ríomhaire agus mé i mo sheasamh. Chuireas deireadh ar an lá oibre. Ansin chaitheas an tráthnóna sínte amach ag féachaint ar roinnt irisleabhair a bhí agam tamall, dhá chóip Time Magazine, The Economist, agus The Irish Times, Sept 3, a bhí díreach tar éis teacht sa phost, agus ar ndóigh, an NY Times………agus ag féachaint ar CNN. Bhí sé go breá ach an phian……..
Is léir go bhfuil díomá trasna na tíre le frithghníomhú an rialtas chuig an stoirm. Chonaic mé Tom Delay ar an teilifís aréir ag iarraidh an locht a chur ar chomhlachtaí tarrthála New Orleans. Tá sé ag iarraidh smacht a chur ar an damáiste anois. Ansin chuala mé scéal triúir mhacléinn ó Duke University. Chuadar ina gcarr féin go N.Orleans gan chuireadh gan chead, agus thosnaigh siad ag tabhairt na síob, go Baton Rouge, do daoine a bhí ceaptha i ngaiste ann, chonaiceadar 50 bhus scoile ag imeacht ó N.Orleans folamh? Tá na scéalta ag teacht amach anois.
Tá coirp fós san uisce nimhiúil gan trácht ar na cinn atá taobh istigh tithe. De réir dealraimh fuair roinnt mhaith seandaoine bás mar ní rabhadar in ann imeacht ón gcathair (nó ní raibh fonn acu bogadh; de gnáth bíonn deacrachtaí le seandaoine bogadh óna dtithe in ainneoin comhairle) agus le sin, ní rabhadar in ann dul suas ar díonta a dtithe.

No comments: