Tuesday, September 06, 2005

Marbhshruth Katrina

Deacair dom a bheith ag smaoineamh níos mó ar mo thréimhse ar laethanta saoire chomh fada is atá na daoine bochta ó New Orleans i gcruachás.
Bhí an scéal ag dul in olcas an tseachtain iomlán. Bhí daoine fós ag fáil bháis Dé hAoine?? agus nuair a chonaic mé na seandaoine tinne timpeall an t aerfort, griangraf a bhí ar chéad leathanach an NY Times Dé Sathairn, tháinig ana bhrón agus fearg orm ar a son. Bhíodar scriosta, gan éadaí ar chuid acu fiú…ach amháin éadaí an ospidéil… Sna SAM an lá atá inniu ann agus gan modh shábháilte acu?
Nuair a bhí seans ag an dream sa Dome bogadh go Texas ní raibh cead acu a gcuid peataí a thabhairt leo. Samhlaigh ar an mbuachaill bocht tar éis na seachtaine uafásach sin sa Dome lena pheata beag agus ansin gan cead an madra beag a thabhairt leis. Chualamar ar an raidió faoi a chuid caoineadh ar son Snowball a bhí fágtha ar an gcosán agus an bus ag imeacht………
Bheadh croí crua briste ag smaoineamh air................Tuigim an fhadhb ó thaobh na tarrthálaí ach ag an am céanna theip an córas, bhí sé lag agus déanach, agus sin an fáth go bhfuair ana chuid bás agus go bhfuil saolta an méideanna eile scriosta amach is amach anois.

Bíonn daoine a rá, cén fáth nár imigh gach duine ón gcathair cúpla lá roimh ré? Bhuel ni bhíonn an t-airgead ag gach uile duine imeacht agus íoc as seomra óstlainne srl. Ní bhíonn carranna acu. Ní bhíonn costas bhus acu fiú……….. ní bhíonn na h-acmhainní céanna ag gach duine. Cén fáth go bhfuil sé sin chomh deacair a thuiscint?
Is fuath liom Jesse Jackson agus eisean ar a bandwagon anois a rá go raibh ciníochas taobh thiar den tubaiste……. Theip Fema agus tá an locht orthu siúd go bhfuil an méad seo daoine bochta i gcruachás inniu.

No comments: