Wednesday, September 14, 2005

Foinse Eolais

Chaitheas cúpla uair ag an deireadh seachtaine ag obair sa phobal cultúrtha i Fleá na nGael, i Danbury Ct.. Chuir Seán Ó Fianaí an pobal seo le cheile ar son AOH Danbury agus d’iarr sé orm a bheith páirteach. Bhí jab simplí go leor agam, dá mbeadh suim ag daoine a ainmneacha a chaitheamh sa Gaeilge ar lipéad bhí orm an fhoirm Ghaelach a scríobh amach ar an lipéad ar a son. Chuala mé trácht faoin ngníomhaíocht seo ag feiseanna na ndamhsaí srl ach ní bhím páirteach os rud é nach maith liom feiseanna den tsóirt sin……..Cheapas go mbeadh sé ciúin go leor mar sin bhí úrscéal i mo mhála agam. Mon Dieu…an mhalairt a bhí. Bhí scuaine mhór ós ár gcomhair amach an t-am ar fad! Bíonn ionadh orm i gcónaí nuair a bhraithim chomh tábhachtach is atá nasc an chultúir leis an dream seo. Bhí an chuid is mó acu roinnt ghlúine óna sinsear gaelacha, de réir sin bhí an nasc lag iontu, go mór mhór an nasc maidir leis an teanga agus bhí siad lán sásta lena lipéad. Chuir ceisteanna áirithe ionadh orm…..What is the Irish for Sean? ….! What is the Irish for Jessica? Agus chomh sásta is a bhí duine amháin, Arthur an t-ainm a bhí air, ag imeacht le Art ar a lipéid……..

Bhí mo chóip den chéad eagrán de “Sloinnte Gaedheal is Gall” le Pádraig de Bhulbh (1923) liom agus le sin bhíos inniúil ar eolas a thabhairt dóibh faoina n-ainmneacha áirithe.

Inné thugas cuaird ar cara agam atá san ospidéal le seachtain anuas. Bhuaileas le Br. Cathal Ó Cuinn, ó Inis Díomáin, Co. an Clár, timpeall naoi mbliana ó shin nuair a thosnaigh mé ag caint sa Ghaeilge anseo i Nua Eabhrac, bhí sé 84 bliana d’aois ag an am san. Bhí a fhios agam díreach gur obair an tsaoil a bhí i gceist ár dteanga a bheith agam. Bhíos páirteach le grúpa comhrá beag, triúr againn, agus an nós againn ag an am san teacht le cheile oíche sa seachtain. Tháinig Br.Ó Cúinn chugainn agus cé go raibh eagla orm focal a rá os a comhair ar dtús ní fada go raibh mé ag caint go compordach leis. Thug sé tacaíocht dúinn agus leis sin cuireadh teacht agus úsáid a bhaint as an leabharlann i gColáiste I, Iona College, New Rochelle, mar is ansin atá bailiúchán na leabhar gaelaigh mór le rá uile aige. Tar éis cúpla bhliain bhí cúigear againn ag teacht le cheile go rialta sa leabharlann ag phlé leabhair agus ag iarraidh píosaí gramadaí aisteacha a thuiscint agus a leithéid. Is minic a bhíodh na freagraí ag Br Ó C nó ag ár gcara Barra Ó Donnabháin, nach maireann….Foinse eolais dúinn an bheirt acu. Chailleamar ár gcara dílis Barra ó ailse dhá bhliain ó shin, d’imigh cara eile uainn de dheasca brú oibre bliain go leith ó shin agus bíonn beirt againn fós ag déanamh ar an leabharlann go rialta, uair amháin sa seachtain más féidir linn, agus tamall ag caitheamh ann ag obair ar leabhar éigin nó ag caint le Br OC (agus bíonn na freagraí fós aige………)…. Bhí sé soiléir dó go rabharmar dáiríre inár gcuid staidéar. Thug sé mórán leabhair dom i rith na blianta, an ceann atá luaite thuas ina measc, na foclóirí uile; O Dónaill, de Bhálraithe, Dineen, McCionnaith. Aisling Ghéar, leabhair gramadaí agus roinnt eile, úrscéalta sa seana chló agus sa nua chló. D’éirigh sé tinn ar a bhreithlá an tseachtain seo chaite agus é 93 bliana d’aois, 75 dóibh caite aige i ngluaiseacht na mBráithre Críostaí agus sílim breis agus 50 acu i Nua Eabhrac. Bhí cuma ana mhaith air inné, áthas orm a rá, ag caint sa Ghaeilge linn mar is gnách, cóip aige don Kerryman agus The Clare Champion ar a thaobh!
Tá súil agam go mbeidh sé ar ais ar a sheanléim le gairid arís.

3 comments:

Cionaodh said...

Ar scríobh Cathal Ó Cuinn an leabhar "Irish for Everyone" fiche bliain ó shin? An duine céanna é, an bhfuil a fhios agat?

Hilary Mhic Shuibhne said...

Tá an ceart agat, ‘s é an duine céanna atá i gceist. Tá áthas orm a rá go bhfuil sé níos fearr an tseachtain seo agus mar sin bhogadar go teach banaltrais é. Tabharfaidh mé cuairt air ansin an tseachtain seo chugainn más féidir. H

Cionaodh said...

Níl aithne agam air, ar an drochuair, ach bhain mé (agus daoine eile) sult as "Irish for Everyone". Tá súil agam go mbeidh biseach air go luath.