Wednesday, September 28, 2005

Get Smart

Fuair Don Adams bás an tseachtain seo. B’é an aisteoir a bhíodh i bpáirt Maxwell Smart ar an gclár teilifíse ag deireadh na ‘60s, Get Smart. An chéad spoof ar shraith James Bond, agus é réamhtheachtaire ar Austin Powers…………..

Bhí stíl dáiríre aige sa ról, le labhairt go géar, a chuid focal a giortú agus cuma dáiríre air i gcónaí ach ní raibh sé in ann rud ar bith a dhéanamh i gceart. Dhéanadh sé praiseach de gach uile jab i ngan fhios dó féin, agus bhíodh air a chomhbhádóir Agent 99, bean álainn ar ndóigh, é a shábháil tar éis gach eachtra sheafóideach.

Ní chuimhin liom aon clár ón sraith seo ach amháin an ceol agus an deireadh. Ag an deireadh bheadh Maxwell ag siúil trí roinnt doirse sleamhnáin i halla fada, sinn ag féachaint air ag teacht chugainn. Bhíodh na doirse ag dúnadh ina dhiaidh agus é ag siúil go tapaigh, ansin níor dhún an ceann deireanach in a dhiaidh. Os rud é gur bhleachtaire é bheadh a fhios aige nár dhún na doirse sin taobh thiar de…. Casadh sé agus ar ais leis an fhadhb a réitigh. Ar ndóigh chomh luath agus a bhí sé ar ais ag na doirse dhúnfadh siad gan choinne ar a shrón. Is cuimhin liom ag feitheamh ar an píosa sin gach seachtain le gliondar..

Bhíodh cluiche Get Smart againn ach ní raibh seans é a imirt ach ó am go cheile. Bhíodh an nós againn dul amach ag tiomaint tráthnóna Dhomhnaigh Sunday Drivers a thugadh ar daoine mar sinn ag an am is dócha! Amach linn de gnáth go iarthar Luimnigh agus teach mo sheanmháthair, ach, anois is arís, dá mbeadh ceiliúradh mór de shaghas éigin againn, mar shampla Chéad Chomaoineach nó rud mar sin, théimis go Aerfort na Sionna, féachaint ar na eitiltí ag tuirling anuas nó ag imeacht áit éigin. Boladh aisteach na hola san aer, turasóirí ag dul timpeall le málaí móra. Bhíodh béile againn sa bhialann a bhíodh ann, High Tea a thugtaí ar an mbéile sin . Bhí sé an deas ar fad. Ach an rud b’ansa dúinn ná seans Get Smart a imirt. Bhíodh doirse sleamhnáin ag an Aerfort ag an am sin nach raibh, dar linne, aon áit eile sa domhan, ach amháin ar an gclár teilifíse seo. Bhí dhá ceann agus b’fhéidir rith tri an chéad péire agus ansin d’osclódh an péire eile os do chomhair amach!! Chaitheamar alán ama ag súgradh mar seo.........Bhí draíocht ann……….

2 comments:

Conn said...

An cuimhin leat "Agent 13"? Bhíodh sé de mhí-ádh air go mbíodh air dul i bhfolach in áiteanna mí-chompórdacha ar nós boscaí poist agus a leithéid!

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ní chuimhin liom é!
Ní chuimhin liom rud ar bith ach an deireadh sin, agus Max ag labhairt ina bhróg/cellfón. (Tháinig an smaoineamh sin chugam inné.) Gheobhainn na cláir ó www.netflix.com, nó Blockbuster Video ach ar shlí tá eagla orm go mbeadh na cláir chomh seafóideach sin go mbeadh díomá orm! Má fheicim Agent 13 arís ..........b'fhéidir go dtiocfaidh na smaointe ar ais chugam. Ceann eile a bhí againn ag an am sin ná “Batman and Robin, the Boy Wonder.” Agus arís is é an ceol abhíonn i mo cheann níos mo ná aon rud eile.