Wednesday, September 21, 2005

Laissez Les Bons Temps Rouler!

Tá na strip joints ar oscailt arís i New Orleans!

Bhuel, trí cinn acu de réir an NY Times. Tá na deochanna ar phraghsanna an-íseal chomh maith na fir oibre a mhealladh isteach. (muna dhéanann na damhsóirí cúis?) Ní raibh trácht áfach ar na h-ollmhargaí sa pháipéar, níl siadsan chomh tábhachtaí is dócha.

Chuala mé go leor Fraincise ag an deireadh seachtaine cé nach raibh mé thíos ansin i New Orleans, ó thuaidh a bhíos in Ottawa, ag freastal ar an deireadh seachtaine na Gaeilge a bhíonn ar siúil ansin go bliantúil.

Chuaigh ceathrar againn ó Nua Eabhrac agus bhuaileamar le cairde ó Kinston agus Montreal ann. Chaitheas féin Dé hAoine sa chathair le cara agam ag siopadóireacht mar shroiceamar ar maidin tar éis eitilte uaire ó NYC .(Tá an Can$ ana íseal!) Tá siopaí galánta sa By Market agus bhí sé go breá ach an aimsir. Sa deireadh bhí orainn bheith istigh ón bhfearthainn a fháil sa phub The Heart and Crown (ainmníodh de bharr an “Claddagh” de réir dealraimh…tá an suíomh sin dírithe ar na turasóirí ach caithfidh mé a rá go raibh an pub ana mhaith, ar ndóigh bhíomar inár dturasóirí...........b'fhearr liom nuair a bhíonn an rogha agam ceol nó ciúnas a bheith ar suíomh....)
Ansin amach linn go dtí an t-ionad. Is dócha go raibh timpeall daichead páirteach agus ba dheas iad an t-ionad, an bia agus an comhluadar. ‘Sea, do bhí ár “Bons Temps” féin againn cé nár bhfaca mise aon damhsóirí téisiúla. Cad í an Ghaeilge ar strip joint? Ní fheadar an raibh ceann nó dhó sa Ghaeltacht fadó.

No comments: