Friday, November 11, 2005

Maireann an spiorad go deo

Is áiteanna aisteacha iad na reiligí, bíonn siad an suimiúil ar shlí agus is minic a chaitheas am ag siúil agus ag léamh na leac tuamaí. Cúpla bhliain ó shin nuair a bhíos i gCorca Dhuibhne le beirt cairde agam chuamar ag lorg leac na n-uaigheanna Pheig agus An t-Oileánach agus sinn inár dturasóirí, fiú ansin, cé nach raibh aithne ar bith agam ar iad siúd a bhí ina gcodladh síoraí ann tháinig brón orm, go mór mhór nuair a chonaic mé bréagáin bheaga ann ar uaigh pháiste.

Le déanaí, os rud é gur raibh orm dul go reiligí le sochraidí daoine le gaol gairid liomsa bím ag smaoineamh níos mó ar an gceist…….. chuir tús le cailliúint dhá bhliain ó shin agus ní maith liom an tréimhse nua seo i mo shaol ach níl dul as mar is eol do chách. Dá mbeadh creideamh níos láidre ionam b'fhéidir go mbeadh sé níos easca slán a fhágáil, ach faraoir ní bhíonn an creideamh ionam an t-am ar fad. Tagann agus imíonn sé, is aoibhinn liom na traidisiúnta a mbaineann le creideamh, tugann siad sólás dom, ach nílim cinnte faoi an ceist is tábhachtaí, an bhfuil saol síoraí áit éigin eile? Le déanaí bíonn freagra diúltaigh ag teacht chugam. Bíonn éad orm le daoine le creideamh láidir ar uairibh, tá an saol níos simplí gan ceisteanna.............. cé nach maith liom a bheith mar sin, intinne oscailte ab fhearr liom...............'sea, táim ceart go leor mar atáim!

Chonaic mé an scríbhneoireacht ar leac m'athair den chéad uair an tseachtain seo chaite. Dhearadh sé chroise cheilteach dá uaigh féin deich mbliana ó shin a rinneadh as granite dó agus bhí an chrios sin ina sheasamh sa reilig, (in aice a dtuismitheoirí,) ag feitheamh air ó shin. Chuireadh an scríbhneoireacht air le déanaí, an teidil atá ar an sliocht seo ag deireadh an t-eolas eile faoi. "Ana thábhachtach," a dúirt mo dheirfúir, " 's' beag in ionad 'S' mór a bheith ann.....chun go mbeadh a fhios ag cách go rabhamar ag smaoineamh ar spiorad Daid in ionad an Spiorad Naofa! " ........ag cách? Is aoibhinn liom an smaoineamh seo faoi spriorad ár n-athar ach cé h-iad na sluaite seo? Tá an reilig seo suite in áit iargúlta ar fad. Iarthar Luimnigh, in aice Abha na Sionnainne, thíos cúl bhóthar nach dtéann éinne. Ansin bíonn ort dul ar dtús trí geata príobháideach, trasna na páirce ina bhíonn na ba ag iníor, (ag tabhairt aire ar do bhróga,) go dtí sean reilig bheag chiorclach taobh thiar falla cloiche..........agus geata beag na reilige féin faoi ghlas.

Scríobh mé an píosa thuas inné. Thosnaigh mé ag machnamh ar reiligí agus creidimh tar éis teacht ar an scéal deas seo.
Ansin ar maidin inniu dhúisíos go luath agus go hobann agus Cian (16) a rá dom go raibh a cara Mike (16) i dtimpiste bhóthair agus é ag tabhairt síob abhaile dá dheartháir (11) aréir, timpeall a naoi a chloig. Chuireas glaoch díreach ar mo chara, máthair na mbuachaillí. Chaitheadar an oíche san ospidéal ach tá siad ar ais abhaile slán. Níl na buachaillí gortaithe ach pianta ón a gcrios agus óna malaí aeir, tá an Jeep scriosta amach is amach, ní bheidh sé ar an mbóthar arís, "Tá sé soiléir dom go raibh Dia leo sa charr sin" a dúirt sí liom, "agus rud eile, bhí bonn Naoimh Críostóir ina phóca ag Mike a bhfuair sé mar bronntanas óna uncail coicís ó shin nuair a thosnaigh sé ag tiomaint" Tá sí cinnte, gan dabht ar bith, gur choimeád an creideamh slán iad.

2 comments:

Anonymous said...

Saol síoraí. Cá raibh tú céad bliain ó shin? Níl a fhios agam. Níl a fhios agat. Ach tá tú anseo anois. Le léirthuiscint de maitheas 's olc, grá agus gnaoi. Cén áit a tháinig an solas seo? Labhraídís na daoine naofa fiú faoi disc an spioraid uaireanta.
Lean le do chuid creideamh. Tá tú ceart go leor mar atá tú. Le dabht agus gan dabht.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

…...agus mise ag éirí níos sine tuigim go bhfuil níos lú tuisceana agam agus níos mó eolais uaim! Grma a Sheáin