Tuesday, November 08, 2005

Smaointe ar Oireachtas na Samhna 2005

Ar ais anois i NY tar éis tréimhse bhreá in Éirinn. Seachtain le mo mhuintir agus ansin ó dheas liom go cathair Corcaí le mo chara Eibhlín, Féile na Samna ár gceann scríbe agus i lonnaithe i mbliana in óstlann Rochestown Park. Chuaigh mé ag an Oireachtas don chéad uair i 2003 nuair a bhí sé i dTrá Lí, bhí an ceann sin ar fheabhas agus bhíos ag súil go mór le cathair Corcaí an uair seo.

Bhí an óstlann an deas ar fad agus toisc go bhfuil ionad comhdhála ann bhí sí oiriúnach don fhéile mór le rá seo. Bhí cuid is mó des na heachtraí ar siúil ann agus le sin cúpla ceann eile sa Cork Opera House.

Measaim go raibh suas go 5,000 nó b’fhéidir níos mó ag an ócáid seo, bhí an óstlann plódaithe agus chuala nach raibh leaba le fáil sa ceantar oíche Aoine nó oíche Shathairn. Bhí ar chairde againn ó Indreabhán fanacht amach i gCeann tSáile lena gcúigear clainne!…… dáiríre bhí an t-ádh orm go raibh mo sheomra in áirithe agam tamall fada ó shin (bhí sé go breá i gcomhair an corr néal chodlata!)
Bhí na heachtraí ar siúil an t-am ar fad, thosnaigh siad timpeall a deich a chloig ar maidin le iomaitheoirí óga agus lean siad trí an tráthnóna go h-oíche. Bhíos féin ag dul isteach agus ag teacht amach ó chomórtais. Bhí Gaeilge chliste le cloisint gan trácht ar an féith grinn a bhí i roinnt cumadóireachta. Chaithfinn tamall ag comórtas amháin agus ansin amach liom chuig ceann éigin eile a bhí ar siúil ag an am céanna agus ós rud é nach raibh mé i mo luí go dtí a trí nó a ceathair ar maidin ní raibh mé toilteanach dul chuig aon rud ró luath sa mhaidin.

Ach ní h-iad amháin na comórtais a mheallann na sluaite chuig an Fhéile Mhór seo. Luaigh cuid mhaith domsa nach mbíonn an deis acu a bheith le cheile aon uair eile sa bhliain, ach amháin ag an Oireachtas, de dheasca brú oibre agus brú na gcúraimí eile a bhíonn orthu. B’aoibhinn an seans é do lucht na teanga in Éireann, nó ó pé áit sa domhain, teacht le cheile. Tagann daoine ó fud na tíre a bheith i gcomhluadar a seanachairde thar an deireadh seachtaine ar a laghad agus, ar ndóigh, teacht ar chairde nua le fíor suim sa teanga. Mar gheall ar sin rith sé liom gur ócáid ana mhór í seo do gach uile duine a bhí páirteach, pé sná comórtais, sna lucht féachana nó fiú dá gcaitheadar a gcuid ama sa bheár nó sna bialanna. Maireann an ceol, an comhrá, an amhránaíocht, an chraic, an rince agus an comhluadar ar scáth a cheile.

Rud eile a chuir gliondar orm ná an meascán a bhí ann idir óg, mean aosta agus sean, iad uilig ag baint súp as an saol ó maidin go hoíche le ceol, craic agus comhrá. Is fíor féile an chultúir atá ann gan aon éirí in airde chomh fada agus is eol domsa.

Is minic a theip orm nuair a bhíos ag iarraidh freastal ar chomórtais, bhuailfinn le cara éigin ar mo bhealach nó i halla Fáilte na hóstlainne agus ansin lean an comhrá go dtí nach bhfiú dul chuig an comórtas áirithe ar chor ar bith! Bheadh orainn dul ar thoir cupán tae nó gloine rud éigin sa bheár. Is minic chomh maith a tharlódh rudaí beaga gan choinne, mar shampla ag seoladh leabhar Mhaidhc Dainín Ó Sé thosnaigh mac an údar, Caoimhín, ag seinm ceoil ar an bhflute, bhí sé go h-iontach, agus bhí an lucht éisteachta lán sásta cé nach rabhadar ag súil le ceol ag an eachtra seo…

Chonaic mé na ceamaraí ag roinnt comórtais, sa bheár agus in áiteanna éagsúla eile agus chuala go raibh na “réaltaí teilifíse” ó TG4 ag fánaíocht timpill, faraoir níl súil aithne agamsa orthu siúd agus mar sin dá mbeinn ag caint le ceann acu ní bheadh a fhios agam!
Ach ba í an réalta is mó a bhí ann, dar liom, ná Cianaire Nic Reamoinn. Níl ach dhá bliana d’aois aici agus í lán sásta a bheith ag an Oireachtas. Ó mhaidin go hoíche chonachthas í i dteannta a athair Seán nó a máthair Sorcha. Bhí Cianaire i gcónaí gealgháireach agus ag baint sult as na heachtraí ina timpeallacht. Ag caint go fíneálta sa ghaeilge mar ba cheart do aingeal agus ag éisteacht go géar nuair ba choir dí a bheith ciúin. ….Bhí an t-ádh orm gur bhuaileas léi ar uairibh, aimsir bhricfeasta, ag seoladh leabhair …ag spaisteoireacht timpill na h-áite nó ag comórtas éigin. Is léir dom gurb ise (agus a mhacasamhail,) a bhí gceist ag Nuala Ní Dhomhnaill nuair a luaigh sí iníon Fharó le sin nílim amhrasach go leanfaidh an Fhéile iontach seo don glúin nár saolaíodh go fóill.

Ní gá dom a rá nár chuala mé ach an teanga ó luath maidin Déardaoin go oíche Shathairn nuair a bhí orm filleadh go Luimneach, tugtha traochta a bhíos ach ag súil le Doire 2005, idir an dá linn tá orm teacht ar mhúinteoir damhsa ar an sean nós. An féidir feabhas a chur ar an bhFéile? b’fhéidir ionad níos mo go mbeadh gach uile duine agus gach uile eachtra ar siúil san áit céanna, nó ar a laghad go mbeimis in ann siúl gach áit, mar a bhí i dTrá Lí. Ach an bhfuil áit mar sin ann? Is fuath liom busanna mar ní bhím in am dóibh de gnáth, agus is maith liom slán a fhágáil le mo charrsa díreach nuair a shroichim…….rud eile ná is rud deacair é do dhaoine dul chuig óstlann eile nuair a bhíonn cúrsaí na hoíche faoi lán tseoil sa phríomh suíomh. Bíonn fonn orainn uile fanacht san áit céanna.

Cheapas go mbeadh na buaiteoirí liostaithe anseo ach níl go fóill.






No comments: