Thursday, February 02, 2006

Shane McGowan?

Scríobh mé go magúil lá ó shin faoin dúil nach beag a bhíonn orm le déanaí ar Caife Mocha, dúil soineanta go leor. Ansin inné bhí mé ag léamh sliocht gearr faoi Pete Doherty, sin an ceoltóir “mór le rá” sa bhána cheoil Babyshambles. Is cosúil go bhfuil sé níos cáiliúla faoi láthair óna gheáitsí de dheasca drugaí….ná óna chuid cheoil. Ach bíonn duine nó beirt mar sin i gcónaí sa domhan roc cheoil, ar an imeall mar a déarfá, ach fós féin le lucht leanúnaí a mhaitheann gach peaca agus a bhaineann an taitneamh as a shaothar in ainneoin a chóras iompair, nó b’fhéidir de bharr sin? Bhí mé ag tiomaint áit éigin agus tharla go raibh CD The Pogues sa charr liom, d’éist mé arís ar Rainy Night in Soho agus chuir sé sin mé ag smaoineamh ar an udar. Is amhrán ghrá álainn é ó pheann Shane McGowan, ach cad a tharla dó? Cé go gcloisim go rialta ar a chuid cheoil níor smaoinigh mé air le fada anuas, bhí sé fiáin amach is amach agus é i mbarr a réim. Fear éirimiúil seachmallach a bhí ann le féith na filíochta ina chuid scríbhneoireachta. Cheapaim go raibh sé ar bhruach aille go minic……….. An bhfuil sé fós beo? An bhfuil a fhios ag éinne cad a tharla dó?

4 comments:

Conn said...

Is díol trua é Shane McGowan, im thuairimse, agus a mhuintir in éineacht leis. Cúpla bliain ó shin bhí sé cáirdiúil le Sinéad O'Connor. Ach bhí Sinéad an-bhuartha féna shláinte, agus ghlaoigh sí ar na póilíní a tháinig agus a chuardaigh an teach ag lorg drugaí. Ní cuimhin liom an bhfuair siad faic, ach bhí olc ar Shane ina dhiaidh. Chonac ar an Late Late Show ina dhiaidh sin é, agus bhí a thuismitheoirí sa lucht féachana. Bhí na tuismitheoirí ag tacú le Shane, ag cáineadh Sinéad, agus ag séanadh go raibh aon fhadhb ag a mac! Bhí droch-chuma ar Shane agus é ag caint le Pat Kenny. Arsa na tuismitheoirí: "Sure he likes a drink - he wouldn't be Irish if he didn't!" Bhí trua agam dóibh.

Is annamh a chloistear an saghas san mórtais san óil na laethanta seo. Léiríonn sé conas a theánn an galar sin i bhfeidhm ar an gclann go léir. Tá meas agam ar Shane McGowan agus ar a shúáilcí - ach tá a thalann ligthe le sruth aige. Comhartha den tsean-Éire is ea an laoch tragóideach mar seo, "coulda been a contender", "moral victory" - cacamas! Ná deinimís ceiliúradh ar chásanna truamhéileacha. Tá dearcadh níos sláintiúla ag na Meiriceánaigh i gcásanna mar seo, agus focal cruinn acu le cur síos orthu: "losers".

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Is brón é an scéal sin. Ní thuigim tuismitheoirí mar iad siúd, cé gur duine fásta é tá sé fós a mac agus mura bhfuil a chlann in ann an fhírinne a rá ní gá le éinne, cén maitheas?. Níl an dearcadh sin tacaíocht ar bith ach leithscéal.
Ní thuigim dearcadh Sinéad O Connor sa cás seo ach oiread. Tá slite eile ann cabhair a thabhairt do dhuine atá tugtha don ól nó drugaí ná an dlí ag chur air.
Chonaic mé go bhfuil suíomh ghréasáin aige ach is cosúil ó shin go raibh trioblóid aige le déanaí le eachtra éigin.

Anonymous said...

Tá Shane agus na Pogues tar éis teacht le chéile arís agus beidh siad ag seinm i Nua Eabrac Lá Le Phádraig. Beidh an ceolchoirm san Nokia Theatre i Times Square. Tá mé beagnach cinnte go bhfuil na ticéaidí go léir díolta ag an am seo.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A mhichíl,
Déanfaidh mé taighde faoi sin.
grma,
H