Saturday, May 05, 2007

Craic agus Comhluadar (Pleidhcíocht sa phub)

Braithim go bhfuil an samhradh buailte linn!
Cé nach bhfuil i gceist ach an t-earrach, tagann mothúcháin an tsamhraidh chomh luath agus a bhraithim teas na gréine ag spalpadh anuas ar mo chraiceann geal!

Is aoibhinn liom é agus is aoibhinn liom na séasúir uile.

Chuireas tús leis an deireadh seachtaine oíche Chéadaoin! Tháinig dream againn, an Club Chéad Céadaoin, le cheile i Dunne’s phub i White Plains agus ós rud é go raibh an ceol go breá (Brian Conway agus a chairde, Joanie Madden ina measc) bhí orainn rince! Bainim an-taitneamh as damhsa ach faraoir bíonn na rincí go léir measctha agam agus ní bhíonn muinín agam a bheith páirteach i seit muna bhfuil an t eolas ag mo pháirtí.(Má bhíonn an t eolas aige bím ceart go leor ag leanúint ordaithe!!!!!)
Bhí an t-ádh dearg liom agus le mo chara Mairéad oíche Chéadaoin mar do bhí Noel, Alphie, Cathal agus
Maitiú inár gcomhluadar agus iad uile in ann damhsa. Ní fheadar cén saghas seiteanna a bhí ann ach do bhí an-craic againn. Chuala bean sinn ag caint as Gaeilge agus tháinig sí chugainn, Siobhán Ní Cinnéide as Daingean Ui Chúis ó dhúchas a bhí inti agus í ina cónaí i White Plains anois. Bhuaileamar lena deirfiúr atá ar turas ón nDaingean faoi láthair agus ní fada go rabhadar ag damhsa linn chomh maith. Measaim gur chuir sé ionadh ar mhac Shiobhán í a chloisint ag caint go compordach sa Ghaeilge linne, gan trácht ar a aintín a fheiscint ag rince an cornphíopa os chomhair an tslua sa phub, agus damhsóir breá a bhí inti. Bhíomar uile “maith go leor” cé nach raibh mórán le n-ól againn.

2 comments:

Séamas Poncán said...

Go maire sibh. Agus Gaeilgeoir eile buailte libh!

Anonymous said...

Hilary,

comhgairdeachas as ucht an duais a fháil le déanaí sna IBA 2007 do úasáíd na Gaeilge.

Tá clár agam ar radio na Life www.rnl106.com
anseo i mBaile Átha Cliath, agus b'aoibhinn liom agalamh a dhéanamh leat más maith leat,

Seol riomhphost chugam le do thoil ar:
fk77@tutor.open.ac.uk

Le dea-mhéin,
Fergus.