Friday, June 22, 2007

Béarlachas

Chuir cara liom ephoist chugam inné agus í diomúch go mór de píosa Ghaeilge a léigh sí le déanaí i nuachtán….. “Ní chreidfeá an cac atá ann in ainm na Gaeilge” a scríobh sí….”Imrím deacair le fáil” maidir le bean agus i ag iarraidh an chluain mhuimhneach a chur ar fear i slí indíreach………….Hmm.
Tharla go raibh beirt bhan le Gaeilge ón gcliabhán acu ar chuairt orm inné. Chuireas an ceist orthu …….agus an freagra? Níl an meon san ann mar ní raibh bean ón nGaeltacht riamh “deacair le fáil” …..Ha! …bhuel, bhí cúpla gloine fíona faoinár bhfiacaile againn ag an am san.

Chuir sé i gcuimhne sampla eile a thaispeánadh dom le déanaí ó leabhar gramadaí le Donna Wong……….madra “gearr” !!

Iarfhocal:

Ní fhaca mé an focal "gearr” mar aidiacht le ainmfhocal atá beo, ACH is cosúil go bhfuil “madra gearr” saghas brocaire Éireannach! Féach thíos.

10 comments:

Séamas Poncán said...
This comment has been removed by the author.
Séamas Poncán said...

Madra gearr = Terrier. Cad atá cearr leis sin?

Séamas Poncán said...

Féach

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Shéamais,
Níl aon rud cearr más é sin a bhí i gceist, ní raibh sé sin agam ná ag an duine a thaispeáin an sampla sin dom.
Brocaire an focal atá agam.

aonghus said...

Tá contúirt ag baint le bheith ag lorg loirg an Bhéarla!

Is cuimhin liom raic a bheith ann faoi muintir Chonamara a bheith ag caint ar chlabhtaí (scamaill) agus iad a cuir an tAimsir i láthair ar TG4 - ach tá an focal úd acu le fada an lá.

Agus "coinbhleacht" ag Céitinn.

ach nathanna seanchaite ón mBéarla sa Ghaeilge, sin scéal eile.

Séamas Poncán said...

Cosúil le broc, an iad?

aonghus said...

Brocaire = dachshund

i. madra a húsáidtear chun fiach a dhéanamh ar Bhroc.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Cheapas go raibh “Brocaire” oiriúnach maidir le aon saghas terrier a chuirfí ar thoir na mbroc.

aonghus said...

Brón orm má chuir mé ar strae sibh.

Bhíos ag smaoineamh as Gearmáinis.

Dachs = broc.

Ní aithnímse cineál amháin madra thar ceann eile; ní raibh sé i gceist agam a rá gurbh ionann Brocaire agus an madra a tugtar dachshund ar i mBéarla.

Anonymous said...

Irish Terrier

le meas,

Kay.