Monday, July 30, 2007

An Samhradh

An ritheann an t-am níos tapúla uainn sa samhradh nó cad é?
Ní raibh leath nóiméad agam cuairt a thabhairt ar mo bhlogín bocht le beagnach coicís anois. Tá cuairteoirí anso linn le deich lá anuas agus sinn uile inár suí taobh amuigh go lár na h oíche de gnáth, comhluadar breá, an fíon go flúirseach, (agus sinn ag iarraidh na feithidí a sheachaint.) Oícheanta leisciúla a tsamhraidh, agus maidineacha leisciúla an tsamhraidh leis!
Beidh gach duine acu ag imeacht inniu i dtreonna éagsúla agus sinn féin ag imeacht luath maidin amárach go Sedona, Arizona. Beidh mé ag Ballooning den chéad uair, agus b’fhéidir ag eitilt sa Grand Canyon chomh maith.

2 comments:

Anonymous said...

Go "n-éirí" leat!

Ná bíodh ró-éadrom san éadromán ;-)

Séamas Poncán said...

Táim ag tnúth le grianghraif uait, a chara! Beir bua.